AGALLAMH BEO
Bob Collins
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhuail Robert McMillen le fear a bhfuil tionchar mór ar dhá thaobh na teorann i saol na craoltóireachta agus i saol an chomionannais, an fear a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ nuair a cuireadh TG4 ar bun. Bob Collins sáite in obair an athraithe go córas digiteach craolacháin faoi láthair.

Íomhá
Bob Collins
Íomhá
Tíortha IPTV
BlankMap-World6 le Perlundberg ar Vicipéid
Íomhá
Athruithe teicneolaíochta le cur i gcrích
Íomhá
Fís RTÉ
Íomhá
Aonad léiriúcháin ag Oireachtas na Gaeilge
Íomhá
TG4 i lár an aonaigh
Íomhá
I mbun taifeadta
Íomhá
Dealbh Todd Andrews i nDomhnach Broc
Íomhá
RnaG i gCill Airne 2010

D’imir Ciarraí in éadan Luimnigh sa chéad bhabhta de chraobh na Mumhan ag deireadh mhí Bealtaine. Chuir ceist ar Bob Collins, leo a raibh i bhfách.
“Bhí neodrach,” ar , ag gáire. Tháinig Collins ar an saol i gCiarraí - b’as Cill Airne mháthair - ach ba mhó an tionchar a d’imir Áth Dara air i ndiaidh don teaghlach bogadh go Luimneach, contae dúchais a athar. Agus é ina dhéagóir, chuaigh Bob go Coláiste na hOllscoile BAC, áit a ndearna staidéar ar an fhealsúnacht agus ar riarachán gnó.
Ba léir nach raibh a fhios ag Collins óg cad é an tslí bheatha a bhí de dhíobháil air. (Is beag déagóir a bhfuil a fhios acu cad é an tslí bheatha atá rompu, ar ndóigh) ach i ndiaidhsraith timpistí”, Bob Collins ar na fir is tionchar ar dhá thaobh na teorann in réimse difriúla, mar Chathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) ó dheas, agus mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiúin Comhionannais ó thuaidh. Ach is dócha gur chuir an pobal mór aithne ar Collins agus é i bpostanna sinsearacha in RTÉ, comhlacht a raibh ag obair ann le 28 mbliana ó d’fhág an ollscoil.

D’fhreastail mar Ard-Stiúrthóirí ar RTÉó 1996 go dtí 2003 nuair a d’éirigh as ach ar ais ag plé le pictiúr níos agus é mar chathaoirleach ar an ÚCÉ. Igcaint a thug ag Feis na Meán Ceilteach anuraidh, dúirt Collins nár thuig daoine cad é chomh mór is a bhí na hathruithe a bhí ag teacht i gcúrsaí craolacháin, mar sin chuir ceist air, don ghnáthdhuine cois teallaigh, cad é a bhí roimhe agus roimpi sa saol úr seo.

Trí Athrú Mór sna Meáin

Bhuel, tchifidh siad na hathruithe níos tapúla mar a cheapann daoine agus iad sa seomra suí,” ar , “ar an chéad dul síos, an t-athrú go dtí an córas digiteach agus beidh tionchar an-mhór aige sin ar cuid de na daoine mar caillfidh siad gach pictiúr teilifíse atá acu faoi láthair muna ndéanfaidh siad rud éigin faoi,” ar .

(Cuirfear deireadh leis an chomhartha analógach atá ar obair ag RTÉ, TG4 agus TV3 i Dheireadh Fómhair 2012 agus mura gcuireann córas satailíte digiteach in áit na teilifíse atá agat faoi láthair, bheidh aon phictiúr agat!)

An dara rud, ó tharla go bhfuil muid ag bogadh go dtí córas digiteach teilifíse, beidh nasc indéanta idir an teilifís agus leathanbhanda ar fud na tíre, agus an tríú rud, beidh tionchar aige sin ar na nuachtáin agus an trí rud sin ceangailte ina chéile,” arsa Collins. Is é a mheas nach dtuigeann an gnáthléitheoir nuachtáin na hathruithe atá tarlaithe cheana féin nach dtuigeann tionchar na nua digití seo ar thodhchaí na nuachtán.

Deir nach bhfuil cinnte an dtuigeann lucht dréachta dúnghaoisí féin na himpleachtaí sin agus na tionchair a d’fheadfadh a bheith acu ar chúrsaí daonlathais, ar scaipeadh eolais agus ar thuiscint na ndaoine ar a bhfuil ag tarlú.


Cionn is go bhfuil an theicneolaíocht ag teacht le chéile, an chraoltóireacht agus an t-idirlíoncumarú, convergence a thugtar air - bheidh roghanna níos fairsingí ag an atá ina shuí sa bhaile agus beidh tionchar aige sin ar na bealaí teilifíse anseo in Éirinn, thuaidh agus theas, orthu sin atá ag brath ar chúrsaí fógraíochta, feicfidh siad cuid n-ioncam fógraíochta ag aistriú go dtí an t-idirlíon. Beidh fadhbanna ag tuismitheoirí faoi ábhar ag teacht isteach nach bhfuil siad ag dúil leis, agus beidh i bhfad níos deacra smacht a bheith acu ar na foinsí seo chomh fada is a bhaineann le cosaint bpáistí agus leanaí.”


Mar gheall ar na cúrsaí seo uilig, a dúirt Collins, chreid nach raibh na hathruithe seo sa tírdhreach craoltóireachta internalised ag muintir na tíre ainneoin go bhfuil a fhios againn go bhfuil siad tarlaithe cheana ar tarlú ach daingean fosta go gcruthóidh na teicneolaíochtaí craoltóireachta úra seo deiseanna dochreidte maidir le cúrsaí oideachais agus oiliúna.

Dearcadh na Bunaíochta

an ceart aige ar ndóigh, ach rith liom agus ag breathnú ar chuairt na Banríona Éilís IIgo hÉirinn go raibh comhdhearcadh ag na stáisiúin Éireannacha uilig agus gur beag an t-am a tugadh do dhearcadh ar bith taobh amuigh de dhearcadh na bunaíochta. bhfaighidh muid an radachas ar an teilifís an bhfuil muid daortha chun gach bomaite den a chaitheamh ag amharc ar Come Dine With Me? (Dála an scéil, ar chuntais sibh líon na gcláracha teilifíse cócaireachta atá ar na scáileáin?  na milliúin acu ann!) - Ach ar ais ag an radachas. -N’fheadar an aontóinn leat ar chor ar bith go raibh an t-aon ghlacadh ag teacht, i gcás RTÉ go háirithe a bhíodh inaHotbed of radicalism- bhí frithrialtais, frith-Ghaelach, fritheaglaise, frithchreidimh,” arsa Bob, ag glacadh dearcadh fadtéarmach stairiúil.
“B’shin an dearcadh, go raibh an córas teilifíse in aghaidh an status quo agus do bhí, mar bhí chomh nua sin, ach níor thuig na móruaisle go mbeadh an chumhacht a bheadh ag an meán nua seo.

Níor thuig polaiteoirí easpaig, nuair a cuireadh ceist orthu go raibh le freagra agus go raibh leathmhilliúin duine ag féachaint agus ag fanacht le freagra. Agus mura bhfaighfí an freagra ceart, go gcuirfí an cheist arís agus arís eile.”

Bhí an teilifís in Éirínn radacach ó bunaíodh í i 1961 agus bhí ról lárnach aici i bhforbairt na tíre ach an rud a théid chun faid, théid i bhfuaire agus de réir mar a théann i dtaithí ar rud is é an tionchar a bhíonn ag an rud agus is an draíocht a bhíonn ag baint leis. Dedramatization a thugtar ar seo i mBéarla.

An Chumhacht

Admhaíonn Collins nach bhfuil an teilifís chomh drámatúil agus a bhíodh , chomh hiontach is a bhíodh agus go measann muid go bhfuil anois mar chuid den status quo.

Silim go minic nach dtuigeann aos na hiriseoireachta lucht déanta clár go mbíonn ionad na cumhachta ag athrú agus thóg roinnt ama ó dheas a thuiscint go raibh an chumhacht caillte ag an Eaglais Chaitliceach agus go gcaithfí díriú ar réimsí eile den státchóras den phobal.” ar .

Anois ionad cumhachta chuid féin ag Collins agus é ina chathaoirleach ar Údarás Craolacháin na hÉireann, the Broadcasting Authority of Ireland (ÚCÉ).
Is é ról an ÚCÉ, a bunaíodh i 2009, “a chinntiú go bhfreastalaíonn an líon agus catagóirí na seirbhísí craolacháin a chuirtear ar fáil sa stát ar an gcaoi is fearr ar riachtanais mhuintir oileán na hÉireann, ag cuimhniú i gcónaí ar a dteangacha, ar a dtraidisiúin agus ar a n-ilchineálacht creidimh, eitice agus saíochta.”

Le theacht na digití agus muid ag tarraingt ar an am a gcuirfear deireadh leis an chomhartha analógach atá in úsáid ag RTÉ, TG4 agus TV3 i Dheireadh Fómhair 2012, cinntí tábhachtacha le glacadh ag craoltóirí, polaiteoirí agus ag an ÚCÉ ar ball beag, cinntí a chruthóidh an tírdhreach craoltóireachta in Éirínn don 21u haois.

Níl díobháil conspóide ar an rialtóir chraolacháin go dtí seo. Cheadaigh an ÚCÉ tuilleadh bomaití fógraíochta a thabhairt do TV3 - suas le 12 bhomaite san uair (Dia ár sábháil); cheadaigh suíomh táirgí íoctha ar chláracha teilifíse Éireannacha - seachas i gcláracha do pháistí agus cláracha cúrsaí reatha - don chéad uair agus is iad na craoltóirí, idir theilifís agus raidió a mhaoiníonn an eagraíocht thrí cháin a chuirtear orthu. £5.6m a d’íoc siad anuraidh.

Cac ar na hUibheacha

Ach is dócha gurb é bunú an chórais Chraolacháin Digiteach Trastíre - CDT - an cheist is conspóidí. Chuirfeadh CDT go mór le líon na stáisiún teilifíse a bheadh ar fáil don ghnáth-thomhaltóir agus go dtí seo, córas amháin curtha ar bun ag RTÉ, Saorview ar a bhfuil RTÉ1 agus 2, TG4 agus TV3 ach táthar ag dúil le cur leis an tseirbhís as seo amach ach conspóid mhór ag baint le bunú seirbhíse CDT tráchtála, córas nach mbeidh i bhfeidhm in am don chur as analógach an bhliain seo chugainn.

An bhféadfaí praiseach a thabhairt ar an teip seo, a d’fhiafraigh de Collins ina oifig i lár Bhéal Feirste.

Ba thrua nár tharla in 2001 nuair a bhí daoine ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh agus bearna níos sa mhargadh don chóras digiteach seo,” ar , “ach bhí trí consortia fiúntacha ag léiriú spéise agus bhí siad sásta airgead a íoc agus a chaitheamh le bheith páirteach sa rud seo. Is cuid den stair anois é gur thosnaigh an obair seo díreach nuair a bhí an geilleagar ag titim as a chéile agus b’shin an tionchar ba mhó a bhí ar na trí chomhlacht seo, nach bhfacadar gur fiú an t-airgead agus ba ghá i gcomhthéacs na slí ina raibh cúrsaí geilleagair.”

Líomhaintí

Ach sin iomlán an scéil, Bhí líomhaintí déanta in éadan RTÉgo raibh na cúinsí a leag siadsan síos - barántas €20 milliún san áireamh - ina chonstaic dosháraithe ag na comhlachtaí tráchtála. 
Mhaigh RTÉgo raibh na líomhaintí seodamaging to RTÉ’s fiscal reputationach dúirt Príomhfheidhmeannach an ÚCÉ, Michael O Keeffe, go raibh an teip comhshocrú a dhéanamh idir na comhlachtaí agus RTÉNL - RTÉ Transmission Network Limited, fochomhlacht de cuid RTÉ a chraobhscaoileann cláracha RTÉ idir Radio agus theilifís, TV3, TG4, agus Today FM -ag croílár an achrainn. Cad é mar a fheiceann Collins é?

N’fheadar cad é chomh dona is a bhí don fiscal reputation, ach deacair freagra cruinn a thabhairt ar sin toisc nach raibh deis ag an ÚCÉa bheith mar chuid de thriantán leis an pháirtí eile, RTÉagus an comhlacht a bhí fágtha, One-Vision. Bhí ceangal againn le One-Vision, bhí ceangal acu siúd le RTENL ach raibh aon nasc idir an ÚCÉ agus RTENL, raibh aon tionchar againn orthu siúd, rabhamar páirteach sna cainteanna agus raibh muid in ann dul i bhfeidhm ar RTÉ i dtaobh an chonartha a theastaigh uathu leis an chomhlacht agus sin locht ins an reachtaíocht agus chuir sin in iúl ach bhí ródhéanach ag an bpointe sin,” arsa Collins.

Cóiriú

Molann go mbeadh difríocht idir stiúradh RTÉ agus stiúradh RTENL, go mbeadh cathaoirligh éagsúla agus stiúrthóirí neamhspleácha difriúla ar an mbord acu agus go mbeadh RTENLneamhspleách, ina fhochomhlacht stáit, i dtreo go mbeadh an comhlacht sin in ann plé le RTÉagus le craoltóirí eile.

Nílim a go raibh aon mhí-iompar i gceist ag RTÉar chor ar bith, ach soiléir gur cheap cuid de na comhlachtaí go raibh na coinníollacha a leag RTÉ síos ródhian dóibh,” ar . Measann Collins go mbeadh ábhairín níos deacra daoine a mhealladh arís ach rachaidh a eagraíocht ar ais le fáil amach cén spéis atá ag daoine sa togra roimh dheireadh na bliana seo.

Ba mhaith linn go mbeadh seirbhís tráchtála dhigiteach curtha ar fáil, taobh le Saorview, i dtreo is go mbeadh rogha níos ag muintir na hÉireann agus go mbeadh bealach ann chun tuilleadh cláracha de dhéantús baile a chur ar fáil le go mbeadh daoine ag déanamh cláracha agus sraitheanna don phobal.”

Meastar go bhfuil tuairim’s 700,000 síntiúsóir ag BskyB ach 16% de theaghlaigh na hÉireann, níl acu ach teilifís trastíre (terrestrial TV).

Níor Chaoin an Fháilte

bhí tréimhse shuimiúil ag Bob Collins go dtí seo, beidh an bhliain seo chugainn níos suimiúla arís.
Roghnaíodh Collins mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiún Comhionannais sa tuaisceart i 2005, ceapachán nár thaitin le hAontachtaithe cionn is gur tugadh an post dochoimhthíoch”, fearnot likely to command the confidence of the majority community in Northern Ireland,” mar a thug Peter Robinson air. Bheadh comhghleacaí Robinson, Sammy Wilson, níos ginearálta blianta ina dhiaidh sin nuair a dúirt gur cheart postanna a thabhairt do dhaoine a raibha bhfréamhacha anseo” in áit iad a thabhairt d’eachtrannaigh.


Ar éirigh le Collins an naimhdeas sin a léirigh Aontachtaithe a mhaolu? Deir féin go raibh intuigthe ag an am nach mbeadh fáilte róchroíúil á cur roimh éinne a bhí ag teacht ón taobh eile den oileán.

Ach ón gcead , níor mhothaigh ach cairdeas agus fáilte ag teacht uathu,” ar . Sin ráite, bhí alltacht orthu nuair a fuarthas amach nach raibh go leor Protastúnach ag obair don Choimisiún Comhionannais - faillí a aithníonn an eagraíocht féin.

Bhí soiléir ón gcéad go raibh sin fíor agus is fadhb í,” a admhaíonn Collins. Baineann le cúrsaí staire, le nósanna mhuintir Thuaisceart Éireann a mhéid is go léiríonn siad spéiseanna i réimsí éagsúla de shaol an tuaiscirt. i bhfad níos Protastúnach ag obair i gcúrsaí sláinte, sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne, cuir i gcás.

Deineadh an-chuid taighde le fáil amach an bhfuil údar ar leith a laghad Protastúnach a bheith ag obair san áit seo - an bhfuil rud ar bith go bhféadfaimis a dhéanamh, agus go leor, leor déanta cheana. Chuir muid cúrsaí oiliúna faoin dlí ar fáil do Phrotastúnaigh amháin; chuaigh muid go hollscoileanna in Albain le daoine a mhealladh ar ais ( imirce Protastúnach oiltego hAlbain aitheanta le fada) ach nuair a thuigeamar go raibh bealaí ann chun feabhas a chur ar rudaí, cuireadh cosc ar aon earcaíocht. réiteofar an fhadhb bhrí sin sa ghearrthéarma. Sin ráite, athraíonn an tseirbhís a fhaigheann daoine,” arsa Collins.

An Leatrom

próifíl an-íseal ag an Choimisiún Comhionnannais ó thuaidh cionn is, b’fhéidir, go mbíonn siad ag plé go minic le haonaráin agus nach dtig leo cásanna mór tromchúiseacha a throid, de cheal airgid, ach buanna beaga bainte ag an Choimisiún do ghnáthshaoránaigh an Tuaiscirt agus is obair thábhachtach í. Throid siad cás Michaela, cailín óg a tháinig ar an saol agus Seargadh Matánach Dromlaigh uirthi agus rugadh í gan chluasa.

Ina ainneoin sin, cailín an-chliste atá in Michaela ach dhiúltaigh an scoil a roghnaigh áit a thabhairt di ainneoin go raibh na torthaí cuí GCSEbaint amach aici. Throid an Coimisiún an cás ar a son agus d’éirigh leo socrú fóirsteanach a fháil do Mhichala.

an choimhlint Chaitliceach/Protastúnach seanaitheanta ach coimhlintí i réimsí eile de shaol an tuaiscirt folaithe ag andeighilt traidisiúnta.”
Mar shampla, is é an leatrom in éadan daoine a bhfuil míchumas orthu an chúis is a luaitear i scairteanna a fhaigheann an Coimisiún.
I dtaighde a rinne an Coimisiún Comhionannais, dúirt 5% de na daoine a d’fhreagair nár mhiste leo mbeadh duine de chreideamh eile ag obair ina dteannta ach bhí dearcadh diúltach ag 21% den suirbhé i leith homaighnéasaigh agus leisbiaigh.

An Ciníochas

Fuair an Coimisiún 454 scairt ghutháin anuraidh a a bhain le leatrom ciníoch, bunús acu a bhain le cúrsaí fostaíochta a fuair an Coimisiún
“4,000 duine sa bhliain a iarrann comhairle ar an Choimisiún agus 400-450 sa bhliain a iarrann cúnamh an Choimisiúin chun cás dlí a thógaint agus cuirimid an cúnamh sin ar fáil do idir 100 agus 150 gach bliain. Amanna, tugann na meáin aird ar na cásanna sin, amanna eile thugann. tugtar aird ar an chomhairle a thugann muid d’fhostóirí, ar na seimineáir ar chúrsaí earcaíochta agus fostaíochta atá an-tábhachtach, ach, bhíonn an pobal mór ag caint orthu. Ba mhaith liom go mbeadh níos tuiscint, níos eolas ag daoine faoi obair an Choimisiúin.
 theastaíonn próifíl ard uainn mar hionann sin agus obair fheidhmiúil. Silim féin go bhfuil an eagraíocht feidhmiúil - níor cuireadh éinne a tháinig anseo, ag cuardach cúnaimh comhairle, ó dhoras. Tagann daoine ón thraidisiúinagus ó na traidisiúin nua chugainn.

I ndiaidh éirí as an phost ag an Choimisiún, de rún ag Bob Collins níos am a chaitheamh leis an Údarás Craolacháin ach fios cad é an bealach a thabhairfidh sraith eile timpistí é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.