AGALLAMH BEO
Bláthnaid Ní Chofaigh
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Is bean teilifíse í Bláthnaid Ní Chofaigh atá os comhair súile saol Fódlach le blianta anuas ar RTÉ a hAon agus ar TG4. Buaileadh go dona tinn í níos luaithe i mbliana ach tá sí ar a seanléim isteach is amach go Domhnach Broc arís. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach ina hionad oibre le fiafraí di cén chaoi a bhfuil an saol ag caitheamh léi anois. Tá biseach ar a sláinte agus is breá léi an saol, a saol oibre san áireamh. Is léir gur aoibhinn léi an fhoireann atá thart uirthi in RTÉ. Is fearr léi an fhírinne a insint ná an íomhá bhréagach a roinnt le daoine.

Íomhá
Bláthnaid Ní Chofaigh
Íomhá
Fís RTÉ
Íomhá
Le taobh bile ealaíne an phríomhdhorais
Íomhá
Sos caife ar an mbealach isteach
Íomhá
Oíche Shamhna, Oireachtas 09, Gráinne Ní Bhrosnacháin i lár an tsiamsa
Íomhá
Amach le slán a fhágáil
Íomhá
Cara, an bhean fuaime, Maggie

Bhí a fhios ag Bláthnaid Ní Chofaigh go raibh fear éigin ar tí agallamh a eagrú léi le roinnt uaireanta an chloig sular ghlaoigh mé uirthi ar chor ar bith. Is tír bheag í Éire go deimhin. Ní bheadh a fhios agat cé leis a mbeifeá ag caint lá ar bith in Éirinn inseach. Is é an chaoi gur fhiafraigh mé de bhean as Áth Troim ní ba luaithe an lá sin, an raibh aithne aici ar Bhláthnaid, mar go raibh mé le cúpla scairt ghutháin a chur an lá sin faoi agallamh. Bhí an scéala sin ag Bláthnaid féin an lá céanna. Bhuail mé isteach in RTÉ Montrose dhá lá ina dhiaidh sin le casadh le bean Ráth Cairn, nó leis an ‘gcaorthanach lasánta’ mar is nós le corrliarlóg a thabhairt ar Bhláthnaid. (http://www.connemara.com/video/index.aspx?videoid=-GfcPBb-xU&feature=youtubegdata)

SMM: Is é do bheatha a Bhláthnaid – tá fíorchaoin fáilte romhat go BEO.ie. An chéad cheist a chaithfidh mé a chur ort a Bhláthnaid, mar is tábhachtach an cheist í, ní bheifeá ar ais ag obair ach go bhfuilbisithe go maith in do shláinte, bail ó Dhia ort, nach bhfuil? BNC: Táim, táim, is cinnte go bhfuil mé i bhfad níos sláintiúla ná mar a bhí. An tinneas atá orm, beidh sé orm go deo. Rugadh mé leis an gcasadh seo i mo phutóg. Bhí mé ag gáire an lá cheana, bhí duine éicint ag rá go mbíonn sé sin ar bheitígh is ar chapalla agus bíonn orthub iad a chur síos.

(SMM ag breathnú buartha)BNC: - Ag magadh fúm a bhí sé, muise, go raibh maith a’t. Airím, le hais an chaoi ar airigh mé, airím i bhfad níos fearr, fiú, i mo chloigeann agus gach rud, go deimhin. Bím sa mbaile níos mó, in éineacht leis na gasúir. An gasúr is sine, tá sí sa meánscoil, tá sí trí bliana déag. Is dóigh gurb sheod é an t-am is tábhachtaí i ndáiríre. Tá mé go maith mar sin agus go raibh maith agat as ucht fiafraí. Chuir an oiread de mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilgeoirí ar fud na tíre, - chuir an oiread acu scéalta agam, ag cur scéala le mo mháthair, le mo dheartháir, le mo deirfiúracha. Chuile uair a d’airigh mé duine ag cur mo thuairisce, thug sé ardú croí dom, gan amhras ar bith.

SMM: Tá oiread clár déanta agat ón am a thosaigh tú le Echo Island na blianta fada ó shin – People in Need Telethon, All Ireland Talent Show, Lá Fhéile Phádraig, Celebrity Farm, na Cluichí Oilimpeacha 2003, Oireachtas na Gaeilge, Rodge agus Podge - cén clár is mó a chuaigh i bhfeidhm ort go dtí seo? BNC: Is dóichí, thaitnigh Echo Island go mór liom. Thuig mé an tionchar a bhíonns ag teilifís ar dhaoine óga le Echo Island, rud nár thuig mé roimhe sin. Bhí sé ar nós Blue Peter na hÉireann agus d’éirigh linn freisin ceann i nGaeilge a dhéanamh, agus ba shin rud mór. Bhí muid ag déanamh cúig cinn sa tseachtain agus ceann amháin i nGaeilge. Is dóigh nuair a thosaigh mé, tá a fhios a’m gur dhúirt an léiritheoir liom lá amháin, bhí an tUachtarán ar an gclár. Ní raibh sí ach th’éis an jab a fháil agus chuir mise an t-agallamh uirthi, ruainne i nGaeilge agus ruainne i mBéarla. Dúirt an léiritheoir liom ina dhiaidh, fear álainn, Brian Hayes, dúirt sé, “Bláthnaid, úsáid do chuid Gaeilge níos mó. Gabh isteach is amach ann”. Agus chonaic mé don chéad uair riamh an tionchar a bhíonns ag an dátheangachas ar Bhéarlóirí. Glacann siad leis níos túisce ná teanga amháin. Nádúr an duine. Is dóigh gurb é Echo Island a chuaigh i bhfeidhm orm go pearsanta. Ó thaobh cáilíochta? – The Afternoon Show, ach ó thaobh rud pearsanta? - Echo Island.

Brú na hOibre

SMM: Cuirfidh láithriú teilifíse brú ar dhuine. An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost. Caithfidh tú ... – cloisimse an nuacht ag a seacht a chlog ar maidin, agus coinneoidh mé súil ar cad tá ar siúl sa tír, caithfidh tú a thuiscint céard tá ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath! Tá an-fhaisean ag muintir Bhaile Átha Cliath a cheapadh go bhfuil chuile shórt ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus níl aon neart acub ar sin, ach sin é an fáth a léimse, chomh minic is atá mé in ann, an Connacht Tribune, an Meath Chronicle agus The Farmers Journal, mar tuigfidh tú ansin .... Tá an-suim agam sa Farmers Journal mar bíonn an-sleachta sa Farmers Journal ar an saol talmhaíochta, feilméireachta agus lár tíre. Ní mar a chéile dream an chósta is lár tíre, domsa ar chaoi ar bith. Creidim go bhfuil difríocht mhór sa dá dhream. Tá sé crua, ach níl sé - tá sé chomh crua má tá tú i do mhúinteoir is tú ag seasamh os comhair fiche dalta. B’fhéidir go bhfuil tú ag troid leis na gasúir, b’fhéidir go bhfuil pian i do bholg, ach caithfidh tú é a dhéanamh, an bhfuil a fhios a’t. Ag obair le haon dream den phobal, bíonn sé crua.

SMM: Cén tslí gur oibrigh sé amach gur i Quebec a tháinig tú ar an saol - An raibh do mhuintir seal gairid nó fada thiar ansin? BNC: Bhí mo mhuintir i gCeanada ar feadh deich mbliana. Rugadh mise in Ontario agus rugadh Ciarán i dToronto. Bhí m’athair ag obair ann is ag staidéar ag an am céanna. Deir mo mháthair go raibh sé crua, mar, cén chaoi a ndéarfaidh mé, bhí sí ag obair sa mbaile le gasúir agus bhí a fear ag ragobair ag an am. Bhí sí léi féin go minic mar sin, i dtír strainséartha, le triúr gasúr beaga. Bím ag gáire faoi Cheanada mar níl mórán cuimhne a’m air. Tá cuimhne ag mo dheartháir is ag mo dheirfiúr air.

SMM: An cuma leat labhairt faoi chlár ar leith nuair a chuirfeadh duine, cosúil liomsa taobh amuigh de RTÉ, ceist ort agus b’fhéidir go bhfuil aithne de chineál agat ar an duine nó ar an dream den fhoireann a chaith obair is allas leis an gclár? Fágaim - céard a mhothaigh tú le clár na hoíche aréir, Anonymous? Ar cuireadh machnamh go leor isteach sa gclár sin meas tú? BNC: Ní raibh a fhios a’msa tada faoi. Baineadh geit asam. Nuair a thuig mé gur cur i gceilt a bhí ann, fós, ní raibh mé in ann gáire a dhéanamh, - baineadh geit asam. Ní raibh mé in ann gáire a dhéanamh. Anois, ina dhiaidh, bhí mé in ann gáire a dhéanamh, ach ag an am níor thuig mé céard a bhí ag tarlú. Dá bhféadfá an script a scríobh, ní fhéadfadh sé tarlú mar sin, an bhfuil a fhios agat. Ní raibh a fhios a’m tada faoi. Níl aon náire ormsa, bhfuil a fhios a’t, bíonn náire orm, ach ní bhíonn aon náire orm faoi rudaí mar sin. Dúirt duine amháin, “we’ll have to say something sexier than twisted bowel, it’s just not very press-release friendly”! Agus dúirt mé, “what d’ya want to say”? Sin a tharla, agus cén difríocht a dhéanfaidh sé i ndáiríre. B’fhéidir go mbeadh duine éicint ag iarraidh ....SMM: Íomhá. BNC: Íomhá! Amaideach!

Suntas na Ruaidhe

SMM: Bhí do fholt breá rua ina bhuntáiste mór agat, déarfadh daoine go leor leat é sin, ach an ngoilleann sé ort anois is arís nuair a fheiceas tú an ruaidhe luaite le ‘feisty’, arís, is sna liarlóga a fheicfear a leithéid? BNC: Tá a fhios a’m, ‘feisty red-head’. SMM: D’éireofá tuirseach de. BNC: Níl aon dabht faoi. Is ceist thuirsiúil í. D’fhoghlaim mise mo cheacht nuair a chuir mé agallamh ar Trinny agus Susannah, an bhfuil a fhios agat an bheirt a bhíonn ag rá le daoine cén chaoi le gléasadh? (http://www.youtube.com/watch?v=n4yE8x1JWnA) Beirt Sasanach. Dúirt sí ar an gclár, “what a’ ya goin’a ask me”? Bhí mé ag cuimhneamh ar “Well, mm, it’s alright now, don’t worry about it, it’s no surprize” – ní maith liom na ceisteanna a thabhairt do na daoine roimh ré. Dúirt sí “well I’m sure they’re goin’a be original, the usual”! - Tuigim dhi. Chonaic mé mo chárta agus chuir mé de leataobh é agus, dúirt mé, “you know what”, - a dúirt mé, “we’ll see how it goes, we’ll go with the flow”. Tuigim do dhaoine, cuirtear an cheist sin “all redheads are feisty”? B’fhearr liom go mbeadh iriseoirí ag fáil bealach nua leis an gceist a chur. Tuigim go bhfuil siad ag iarraidh freagra ar an gceist, ach tá mile bealach le ceist a chur, agus nuair atá tú ag cur agallaimh, corruair is í an chéad cheist, an cheist is tábhachtaí. Tá agallaimh curtha a’msa agus ní gá míle ceist a chur. SMM: Ach tá sí cineál ciníoch ar bhealach. BNC: Tá. Tá, tá, tá. SMM: Ar airigh tú riamh gurbh é ‘An Caorthanach’ an t-ainm a bhí ar bhean chéile an diabhail? BNC: Mar sin é? Tá a fhios againn go dtagann go leor as sin mar sin. Sna finscéalta, is iad na mná rua a bhí dána agus a bhí ag mealladh fir agus ag cur geas. SMM: Téann sé i bhfad siar is cosúil. -

SMM: Mar a chéile, leis an dath gruaige, ar chuidigh sé leat go raibh is go bhfuil d’ainm i nGaeilge agat, nó a mhalairt, ar chonstaic ort d’ainm féin a bheith i nGaeilge agus tú ag saothrú agus lonnaithe anseo i gCúige Laighean mar a bhfuair Normannaigh is Sasanaigh talamh go leor dóibh féin? BNC: Mm, mm. Tá a fhios a’t, is cuid den Ghaeltacht Ráth Cairn. Níor airigh mé riamh gur tháinig mé as aon áit eile ach Cúige Laighean. Bheinn an-bhródúil as Cúige Laighean. Níl muid bródúil, b’fhéidir, as Contae na Mí, ach bhí muid bródúil as Cúige Laighean. (http://www.equinenow.com/video-num-335350.htm) Rud amháin a dúirt duine éicint a bhí ag plé le preas, go mba chóir go mbeadh m’ainm i mBéarla, go mbeadh sé níos éasca, agus is cuimhneach liom breathnú air. Sasanach a bhí ann. Bhreathnaigh mé air agus bhí mé ag iarraidh a dhéanamh amach céard a bhí i gceist aige. Ach ansin nuair a thuig mé céard a bhí i gceist aige, th’éis na mblianta de bheith ag argóint faoi m’ainm, de bheith ag ceartú daoine faoi m’ainm, - thug muintir na hÉireann níos mó antró dom ná eachtrannach riamh dom faoi m’ainm. Ach é sin ráite, bhí mé réitithe le tosú ag argóint is ag troid, bhí mé chomh dona sin, ní raibh mé in ann labhairt. Bhreathnaigh mé timpeall an bhoird ansin agus ní raibh aon duine de mo chomhleacaithe ag seasamh, ag rá tada. Is cuimhneach liom, dúirt mé leis an seanlead, tá sé básaithe ó shin, dúirt mé lem’ athair é, agus dúirt sé “tarlóidh sé sin agus tarlóidh sé go minic”. SMM: An dtarlaíonn sé fós”?BNC: Ní tharlaíonn sé tíos mó.Tá mé níos sine. Tá rud amháin faighte amach a’m ó d’éirigh mé níos sine: ní cheistíonn daoine thú. B’fhéidir go bhfuil sé gaisciúil a’m a rá, ach b’fhéidir go bhfuil faitíos orthub, ach is bean mé nach gcuirfeadh suas le daoine ag déanamh scigmhagadh faoi m’ainm, ach nuair atá tú níos óige, níl éinne ag gabháil ag seasamh leat, agus is ceacht domsa freisin é mar mháthair. Is uafásach an rud é go mbíonn daoine ag iarraidh daoine óga a chrochadh, ba chóir go .... (osclaíodh doras an tseomra ag an bpointe seo).

Tábhacht na Clainne

SMM: Ní bhfuair tú deis éalú ó na gasúir, bail ó Dhia orthu, ó thuaidh go Leitir Cheanainn (mar a bhfuil an tOireachtas) i mbliana? BMC: Is é an rud atá ag cur isteach orm faoin Oireachtas i mbliana, Oíche Shamhna! Gasúir ag gabháil amach! Ní féidir a bheith ag imeacht ó ghasúir Oíche Shamhna.

SMM: Arbh fhearr leat níos lú oibre agus níos mó am a bheith agat leis na gasúir – an mbeifeá sásta scaoileadh le leath do chuid oibre le bheith leis na gasúir níos mó? BNC: Tá sé sin a’m faoi láthair. Sea, tá sé an-sásúil. Agus i ngan ’ fhios dom féin. Tháinig sé sa mullach orm, níor thuig mé go raibh sé a ghabháil a bheith mar seo, ach is é an rud is fearr a tharla, i ndáiríre.

SMM: An mbíonn seachtain oibre in RTÉ níos strusmhaire, meas tú, ná an gnáthlá oibre ag an ngnáthdhuine bocht eile againn? BNC: Ní bhíonn. Tá strus ag baint le gach rud. Ní labhraítear mórán faoi seo. Creid é nó ná creid, tá daoine anseo ag obair liom agus tá a gcuid tuairimí féin acu. Tá mise anseo le fiche bliain. Is áit iontach í le bheith ag obair. Ní dhéarfaidh daoine é sin. Tá mise in ann siúl isteach, ‘hello’, ‘cén chaoi a bhfuil tú’, ‘cén chaoi a bhfuil rudaí’? Siúl síos an dorchla, na glaochanna gutháin, na cártaí aifrinn a bhí curtha dom, sin mo chomhleacaithe. Ní hé RTÉ an preasráiteas a ghabhfas amach. Ní hé RTÉ an bainisteoir sinsearach atá ann. Is é RTÉ an stiúideo, an ceaintín.

(SMM: Ba léir dom an dlúthchairdeas in RTÉ nuair a casadh roinnt daoine den fhoireann do Bhláthnaid ag an mbord eolais ar mo bhealach isteach agus ba léir arís ina dhiaidh sin é ar an mbealach amach ag an bpríomhdhoras. Chonaic beirt eile ansin í. Níorbh urraim agus meas go dtí é.)

SMM: Cén áit is fearr leat a ghabháil ar saoire? BNC: Bhí mé sa nGréig an samhradh seo agus bhí sé go hálainn. Bhí mé i Meiriceá Theas dhá bhliain ó shin. Bhí sé dochreidte. Go pearsanta, ní mo chlann, ach go hiomlán leithleasach, is breá liom gabháil go Conamara, ach gan aon duine a bheith ag tarraingt asam. Is maith liom a ghabháil ann. Is maith liom am a chaitheamh le mo dheartháir, am a chaitheamh le mo ghaolta. (http://www.youtube.com/watch?v=l11GyqVu-o) Ba bhreá liom gabháil ar ais go Meiriceá Theas. Cheap mé go raibh an mhuintir amuigh ann cosúil le hÉireannaigh. Bhí oiread Éireannach gníomhach i réabhlóidí ansin! Bernardo O Huiginn. (http://www.irlandeses.org/0610206to215.pdf) Is breá liom an ceol atá acu freisin.

SMM: An léann tú mórán, irisí, nuachtán nó leabhar? BNC: Tá drochnós agam gan a bheith ag léamh agus feictear dom’ iníon gur rud an dearfach a bheith ag léamh. Ach anois tá mé ag léamh níos mó. An bhfuil a fhios agat céard tá mé ag léamh, beidh tú ag gáire. Tá mé ag léamh ‘Dúil’. Bhí sé sin againn i rang a sé! Ach níor thuig mé é – ó thuig mé é ach ní raibh suim a’m ann. Caithfidh tú a bheith níos sine lena léamh. Tá mé ag baint an-sult as ‘Dúil’.

SMM: An mbíonn tóir agat ar cheolchoirmeacha nó oícheanta saor ó na gasúir agus ón obair? BNC: Tá m’fhear céile ag plé le ceol, mar sin, bíonn go leor ceolchoirmeacha againn. Tá m’iníon ag iarraidh gabháil chuig ceolchoirmeacha anois. Tá sise ag iarraidh gabháil chuig JLS is tá mise ag iarraidh gabháil chuig Depeche Modes! (http://www.muzu.tv/jls/everybody-in-love-music-video/471925?country=ie) (http://www.youtube.com/watch?v=L2GaCnAiuvo)

Post Eile?

SMM: Ar chuimhnigh tú ariamh cén post eile ab fhearr leat dá scarfá le RTÉ nó leis an gcraoltóireacht/obair físe ar fad? BNC: Ag plé leis an bpobal cheapfainn. Bhí an-suim a’m in aisteoireacht. Níl a fhios a’m an raibh mé sách maith. Bhí an-suim a’m ann. Is obair chrua í sin.

SMM: An bhfaca tú, dar leat, an Ghaeilge ag éirí faiseanta i mBÁC le blianta anuas ó bunaíodh TG4? BNC: Ó chonaic. Ná bac le TG4; bíonn daoine ag caint ar TG4. Is rud iontach TG4. Chonaic mise an tionchar ollmhór a bhí na Hothouseflowers ar an nGaeilge. Bíonn daoine ag breathnú orm nuair a deirim é sin. Bhí mise anseo i mBl’Áth Cliath nuair a thosaigh siad ag gigeáil agus ag labhairt Gaeilge, ag déanamh cláracha teilifíse agus bhí próifíl ard acub. Bhí sé dochreidte, dochreidte. Dúirt mise é sin go minic le Fiachna, le Liam agus bhreathnódh siad orm. Ní thuigeann siad céard tá mé ag rá. Bhí tionchar ollmhór acu agus bhí tionchar ollmhór ag TG4 freisin. Ní raibh aon mheas ag Béarlóirí ar an nGaeilge. Ní raibh. Agus níos measa fós, ní raibh meas ag Gaeilgeoirí ar an nGaeilge. Nuair a chonaic tú muintir na Gaeltachta ag labhairt Béarla lena chéile, ag tógáil gasúir i mBéarla mar gheallt ar jabanna. Agus rud eile a chuireas an-iontas orm a deir muintir na Gaeltachta, “tá an-Bhéarla aici”. “Tá Béarla maith aici”. I mo theachsa, ábhar náire é sin! Beagnach, an bhfuil a fhios agat? Rud a deireadh m’athair, “tá an-Ghaeilge aici sin”. Ach nuair a deir muintir na Gaeltachta “tá an-Bhéarla aici sin”, ní thuigim é sin. Tá siad ag déanamh beagáin dhóib féin. Is cuma má tá Béarla maith acu. Glactar le chuile Bhéarla anois. Níl aon chead a’t a bheith ag ceartú Béarla anois, ach an rud is sean-Ghaeilge, focail nach bhfuil ag glúin eile, sin saibhreas. Tá súil a’m nach bhfuil sé sin imithe.

Saothar Scannáin Chiaráin

SMM: Tá do dheartháir Ciarán thiar Conamara agus obair thar cinn déanta aige le blianta lena chomhlacht Rosg (cuimhním ar Cré na Cille http://www.rosg.ie/cre/sceal.htm agus ar Chosa Nite – Pulp Fiction na Gaeilge gan amhras ar bith http://www.rosg.ie/oba4.htm) .....

BNC: Tá sé ag déanamh ceann dochreidte faoi láthair! Tá sé ag críochnú ‘Cloigne’. Psychopath, cineál ‘full-on’, tá sé crua, crua, crua. Beidh sé sin ag teacht amach go gairid, agus creid é seo, níl ach deich nóiméad feicthe agam! Níl a leithéid feicthe ar na scáileáin in Éirinn! Níl mé ag rá TG4 amháin. Barry Mc Govern, - Macdara Ó Fatharta, chaithfeadh sé a bheith ann. Níl éinne chomh maith leis! Dochreidte, ach scanrúil. (http://www.rosg.ie/muid.htm)SMM: Is cineál ‘Cosa Nite’ é? BNC: Tá sé chomh dorcha leis, ag breathnú siar, tá sé chomh dorcha leis, ach tá na pictiúirí ar an leibhéal céanna is atá an scéal. Tá pictiúirí an-mhaithe ann.

SMM: An cheist deiridh a Bhláthnaid: An bhfuil tú sásta leis an saol go dtí seo agus leis an áit a bhfuil tú anois? BNC: Ó tá. Nuair a bhí an samradh crua, nuair nach raibh mé go maith, cheap mé nach raibh mé sásta. Ní maith liom an téarma sin, atá fíor, go láidríonn sé thú nuair a bhíonn an t-am crua a’t. Athraíonn sé rudaí. Tugaim chuile shórt do chuile shórt agus ní thuigim nuair nach dtugann daoine eile.

SMM: Guíonn BEO gach rath ort agus oraibh faoi Shamhain leis na gasúir. Gura fada buan sibh go léir. Táimid faoi chomaoin mhór agat. BNC: Ó, go raibh míle maith agat. Agus go ngnóthaí Dia duit ar an mbealach abhaile, tá an aimsir an-dona.

Nuair a tháinig Bláthnaid amach le slán a fhágáil liom ag an bpríomhdhoras, thug mé faoi deara rud a bhí an-deas a fheiceáil. An buaireamh a bhí ar roinnt den fhoireann nach bhfaca le tamall roimhe sin í, an bharróg agus an fiafraí sláinte go léir. Níor luaithe bean amháin ag fiafraí agus ag caint le Bláthnaid ná bean eile amach as an ardaitheoir agus an rud céanna ag déanamh buartha dise, cén chaoi a raibh sí agus an raibh sí ceart go leor? Nuair a tharla sé an dara babhta, d’iarr mé cead grianghraf a tharraing de bhean amháin. Ba shin an léiriú is fearr ar dhaonnacht a d’fhéadfaí a fháil i gceann de fhorais mhóra na tíre nach samhlófaí le dámh ná le daonnacht. Bíonn luach ar dhaoine ann agus ba léir go bhfuil an-luach ar bhean Ráth Cairn, Bláthnaid Ní Chofaigh, i gcroí a comhleacaithe in RTÉ Dhomhnach Broc.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.