AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Bille Sláinte Nollag?
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Mar a gheall Brian Ó Broin dúinn cheana, tá cúrsaí sláinte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi láthair.

Íomhá
An Seanadóir Joe Lieberman, Connecticut
Íomhá
Agóid faoi chúram sláinte ag na Bay Area Patriots (le Wealth Stratigist ar Picasaweb)
Íomhá
Ar an téama Vegetarian (le Antoine Tinawi ar Picasaweb)

Bhuel, tá Lá na Cinniúna tagtha. Beagnach. Agus an t-alt seo á scríobh, tá Seanad na Stát Aontaithe tar éis vóta a chaitheamh a chuirfidh deireadh le díospóireacht faoi bhille sláinte "comhréitithe", a chuir an Páirtí Poblachtánach (a bhfuil 40 ball acu sa seanad) chun tosaigh mar mhalairt ar an mbille sláinte a chuir rialtas Obama os comhair na comhdhála leath bliana ó shin.

Dar leis an gcuid is mó de na saineolaithe, ní raibh sa bhille "comhréitithe" seo ach cur i gcéill - cur amú ama – mar dhris chosáin roimh an mórbhille, a fágadh gan a phlé ar urláir na Comhdhála chomh fada sin gur bhaolach nach rithfí in aon chor é muna rithfí faoi Lá Choille é. Ach caithfear bille a phlé, ceann seafóideach féin fiú amháin, go dtí go vótáilfidh 60% de na seanadóirí deireadh a chur leis an díospóireacht.

As seo an rí-rá i rith Mhí na Nollag. Bhí 59 vóta ag na Daonlathaigh, ach bhí vóta uimhir a seasca, vóta Joe Lieberman as Connecticut, ag cinneadh orthu (tá céad seanadóirí in iomlán, beirt as gach stát). B’fhéidir gur cuimhin leat an t-Uasal Lieberman ó 2000, nuair a sheas sé mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh do Leas-Uachtaránacht na Stát Aontaithe, nó ó 2004, nuair a sheas sé d’ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí chéanna in aghaidh John Kerry. Idir an dá linn, d’éirigh leis suíochán seanaid a fháil i gConnecticut nuair a sheas sé mar iarrthóir neamhpleách in aghaidh an Pháirtí Dhaonlathaigh. Is léir go bhfuil dearcadh an Uasail Lieberman athraithe beagáinín ó shin, mar a facthas i 2008 nuair a sheas sé taobh thiar d’fheachtas John McCain agus Sarah Palin, ach cuireann sé síos ar féin mar Dhaonlathach go fóill, fiú más ar eite dheis an pháirtí é. Tuigtear dó. Níl árach aige air.

Mar sin, d’fhan sé seachtain gan a vóta a gheallúint do bhille an uachtaráin. An fhadhb: bhí sé meáite ar "rogha poiblí" a choinneáil as an mbille; sé sin, ní ligfeadh sé don rialtas árachas poiblí a thairiscint (mar a dhéantar in Éirinn leis an VHI, cuir i gcás). Ar ndóigh, tuigtear dó. Is seanadóir as Connecticut é, an stát ina bhfuil an chuid is mó de chomhlachtaí árachais Mheiriceá lonnaithe. Go dtí seo, fuair sé 1.1 milliún dollar mar "shíntiúisí" ó thionscal an árachais. Ba dheacair dó seasamh ar son bhille a d’fhéadfadh deireadh a chur le hárachas príobháideach.

Ghéill lucht an bhille dó i ndeireadh thiar agus tógadh amach an rogha sin. Faoin mbille mar atá sé, bunófar comhlacht príobháideach a thairgfidh árachas ar bhonn seachbhrábúsach. Níorbh é an rud a bhí lucht an bhille ag lorg, ach gan rogha eile, chuadar ar aghaidh leis.

Beidh sé ina chíor thuathail i Washington anois go oíche Nollag (tá an t-alt seo ag dul chun preasa ar an 21ú Nollag). Faoi rialacha an tSeanaid, caithfidh 30 uair an chloig dul thart idir vótaí ar an ábhar céanna, agus beidh dhá bhabhta vóta eile de dhíth chun an bille a rith. Caithfidh an 60 seanadóirí atá ar son an bhille a bheith i láthair do na vótaí go léir. Gan iad, teipfidh ar an scéim, agus cuirfear an bille ar fionraí go dtí an athbhliain, nuair nach mbeidh an fuadar céanna faoi na polaiteoirí. Gach seans go bhfaighfidh an bille bás, agus cumhacht an Uachtaráin leis.

Sin an fáth go dtuigeann an Páirtí Daonlathach a thábhachtaí is atá sé, an bille a rith láithreach. Sheas an tUachtarán Obama don uachtaránacht leis an ngeallúint go n-athródh sé an córas sláinte, agus tá an Páirtí Daonlathach i gcoitinne ceangailte leis an rud anois. Dá dteipfeadh ar an mbille seo, theipfeadh, ní hamháin ar an uachtarán, ach ar an bpáirtí ina iomlán. Táthar ag réiteach cheana féin don toghchán lárthéarma i Mí na Samhna, 2010 agus tá baill an Pháirtí Dhaonlathaigh ag iarraidh rud éigin a thaispeáint do na vótóirí seachas scuainí os comhair na hOifige Leasa Shoisialaigh. A bhFuil i gCeist

Céard atá sa bhille seo? Ar an gcéad dul síos, cuireann sé iachall ar dhaoine árachas a cheannach, mar atá sé sa Ghearmáin faoi láthair. Cuirfear píonos orthu siúd nach bhfuil árachas acu. Mar atá an córas i láthair na huaire, tá idir 25 agus 50 milliún duine i Meiriceá nach bhfuil árachas ar bith acu mar dhiúltaigh na comhlachtaí árachais iad, nó thograigh siad gan árachas a cheannach. Nuair a éiríonn na daoine seo an-tinn ámh, ar ndóigh, bíonn dualgas ar otharlanna na tíre iad a thógáil isteach, agus is é an cáiníocóir a íocas astu.

Go dtí seo, ó is iad comhlachtaí príobháideacha a chuir árachas ar fáil, tá sé de rogha acu cibé duine is mian leo a dhiúltú, nó cibé praghas is mian leo a ghearradh ar chustaiméir. Faoin mbille nua seo, bheadh sé in aghaidh an dlí duine ar bith a dhiúltú, ná praghasanna níos airde a ghearradh ar dhaoine áirithe (a bhfuil tinneas éigin orthu ó bhreith, abraimis). Cuimhneoidh Éireannaigh ar an gconspóid cúpla bliain ó shin nuair a d’éirigh BUPA as margadh an árachais in Éirinn nuair a cuireadh iachall orthu glacadh le gach iarrthóir. Cuirfear iachall mar seo ar na comhlachtaí Meiriceánacha.

Tá mionrudaí eile sa bhille, ach is iad na rudaí seo thuas na gnéithe is tábhachtaí sa mbille.

Ar ndóigh, ní thuigfidh Eorpaigh go rómhaith cén fáth go bhfuil an bille seo chomh conspóideach, mar tá cóireáil uilíoch sách fairsing in Iarthar na hEorpa, ach is rud nua do Mheiriceánaigh é, agus tá faitíos orthu roimhe. Go háirithe más sa meánaicme thú nó níos fearr, faigheann tú árachas iontach cheana féin ó d’fhostóir. Scéal eile ar fad é, ámh, do na boicht nó d’aicme na hoibre. Go minic, níl árachas ar bith acu, agus más gá dul go dtí an dochtúir, caithfidh siad chuile chianóg a íoc iad féin. Ní annamh a chloistear faoi theaghlaigh a chaill teach is taisce chun íoc as dochtúirí agus otharlann.

Beidh a fhios agatsa faoi Nollaig, a léitheoir, ar éirigh le plean mór an uachtaráin nó nár éirigh. Má leantar leis an sceideal vótaíochta, beidh an Seanad ag vótáil Oíche Nollag. Nár dheas sin mar féirín Nollag - cúram sláinte uilíoch? ................................Nasc: Obama ar chúram sláinte http://www.youtube.com/watch?v=om5gGBVy_4k

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.