CAINT AN tSRÁIDBHAILE
B’fhearr bheith ag comhoibriú le Fine Gael maidir leis an Ghaeilge

na heagraíochtaí Gaeilge i gcoinne pholasaí Fhine Gael deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san Ardteist ach b’fhéidir nach bhfuil an straitéis cheart á leanúint acu.

Íomhá
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny
Íomhá

Is dócha go dtig a go bhfuil íomhá ag Fine Gael mar pháirtí polaitiúil nach raibh riamh láidir ó thaobh na Gaeilge de. Téann seo siar go dtí na seachtóidí ar a laghad, nuair a chuir Aire Oideachais an pháirtí, Dick Burke, deireadh leis an riail go gcaithfeadh daltaí pas a fháil sa Ghaeilge chun an Ardteist a fháil. Bhí an dearcadh diúltach i leith na Gaeilge le feiceáil fosta nuair

a bhí leithéidí Liam Cosgrave agus Garrett Fitzgerald i gceannas fhéadfaí a go raibh íomhá ró-Ghaelach ag ceachtar acu. Ach le tamall anuas, rudaí difriúil. Bhí Michael Noonan i gceannas ar an pháirtí in 2001 agus 2002 agus is fear é siúd a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus a labhraíonn í go minic. Anois Enda Kenny mar cheannaire ar Fhine Gael, fear a bhfuil Gaeilge líofa aige, a bhfuil meas aige ar an teanga agus, arís, atá sásta í a labhairt am ar bith áit ar bith.

Is léir, mar sin, go bhfuil daoine atá báúil leis an Ghaeilge i bhFine Gael ach fós siad ag iarraidh ceann de na buillí is fealltaí a thabhairt don teanga a tugadh di ó bhí aimsir Reachtanna Chill Chainnigh ann! Céard is fiú do stát ar bith a bheith ag caitheamh airgid ar mhúineadh teanga agus ansin a nach mbeidh mar ábhar lárnach i gcúrsaí oideachais? dhéantar imeallú ar an Ghaeilge sa chóras oideachais, is cinnte nach mbeidh go leor daoine ann i gceann fiche bliain leis an teanga a shlánú mar theanga náisiúnta. de nós ag go leor daltaí scoile aicearra a thógáil ó thaobh staidéir de más féidir leo; chiallaíonn sin teanga teangacha a fhágáil ar leataobh, déanfaidh siad amhlaidh. Is cinnte go dtarlódh seo i gcás na Gaeilge.

dúshlán curtha faoi lucht na Gaeilge agus faoi na heagrais Ghaeilge ag Fine Gael.

An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.

Táthar ag dul sa seans leis an mhodh oibre seo, áfach. éiríonn le Fine Gael bheith sa chéad rialtas eile, bheidh an bua acu de bharr a seasamh maidir leis an Ghaeilge ach beidh siad ábalta a mhaíomh go raibh ar a gclár oibre agus is cinnte go gcomhlíonfaidh siad a ngealltanas an Ghaeilge a imeallú.

Ar cheart dúinn díriú ar na páirtithe eile a d’fhéadfadh bheith i gcumhacht leo? (Is cinnte go mbeadh níos fusa geallúintí a fháil ó Pháirtí an Lucht oibre ó Fhine Gael.) Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach?

Is fiú suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.