CÚINNE NA nEALAÍON
Beo ar Egan, Bí Japes
Maitiú de Hál Maitiú de Hál Maitiú de Hál

Bhuail Maitiú de Hál le Richie Egan de chuid Jape agus The Redneck Manifesto nuair a bhí Jape ag bualadh ceoil i nGaillimh an mhí seo chuaigh thart.

Íomhá
Jape sa Róisín Dubh
ar Vicipéid
Íomhá
Teiscinn na Minicíochta

Bhí banna ceol Éireannach, Jape, ag seinm sa Róisín Dubh i nGaillimh. Tá siad ar camchuairt bolscaireachta ar son na díolama úire, Ocean of Frequency. Seo é an tríú díolaim ón bhanna. Leis an fhírinne a dhéanamh, is ionann Jape agus an príomhamhránaí Richie Egan. Fuair mé deis labhairt leis i ndiaidh na ceolchoirme. Labhair muid faoina chúlra ceoil, faoin díolaim úr agus faoina bhanna ceoil eile The Redneck Manifesto.

Oíche Shathairn sa Róisín Dubh agus tá an t-urlar ag líonadh le slua. Tig an fear é féin amach, nach bhfuil ach thart fá mheánairde, cúig troighe agus ocht n-orlach nó mar sin, ach tá láithreacht ar dhóigh dhraíochtúil ann. Cuirtear fáilte mhór roimhe agus tosaíonn an banna ag seinm. Mar is dual dóibh, tugann siad taispeántas fuinniúil croíúil. Tá na ceoltóirí tógtha leis an cheol atá a sheinm acu. Tá an slua tógtha chomh maith agus iad ag ceol leo le hamhráin ón tseandíolaim Ritual agus ag fáil a gcéad bhlaiseadh den cheol úr. Gabhann Egan a bhuíochas leis an tslua as cluas éisteachta a thabhairt don cheol úr. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar dar leis féin: “Tá an t-airgead gann ar an aimsir seo, is ní bhíonn an líon céanna ag freastal ar na ceolchoirmeacha is a bhíodh tráth. Seo daoine atá sásta an t-airgead sin atá saothraithe go crua acu a chaitheamh ar thicéad. Tá mé buíoch díobh siúd atá sásta éisteacht leis na hamhráin úra.”

Tá níos mó éagsúlacht le cluinstean ar an chnuasach seo ná mar a bhí ar Ritual. Bhí rath modhúil ar Ritual. Cé nach é an rath an chloch is mó ar phaidrín Egan admhaíonn sé: “bíonn sé níos fusa do rogha rud a dhéanamh dá bharr, faigheann tú níos mó deiseanna agus cinnte, is deas aitheantas a fháil sa chaoi sin fosta.”

Taitneamh Láithreach nó ar Ball

Beidh cuimhne ag lear maith daoine ar an eisiúint aonair Floating.Tá a leithéid ar an díolaim seo i measc amhráin atá níos moille agus níos doimhne. Ar an chéad éisteacht, tá cuid de na hamhráín iontach taitneamhach. Tá rianta ar nós Please Don’t Turn the Record Off agus Scorpio bríomhar gealgháireach. Ní bhíonn an slua i bhfad ina seasamh socair, tá siad faoi gheasa bhuillí an druma is na bhfonn tógalach d’amhráin nár chuala siad riamh go dtí anois.

Tá amhráin eile ar an cheirnín Ocean.... a ghlacann cúpla éisteacht, áfach. Deir Egan nár mhian leis ceirnín a dhéanamh ina mbeadh dúil ag daoine ann ar an toirt ach go mbeadh a sáith acu de go gasta ina dhiaidh sin. B’fhearr leis cnuasach ‘slowburner’ a dhéanamh ina áit. Tá leithéidí Shadow won’t Make Noise mar seo, amhrán breá suaimhneach le giotar fuaimiúil a chuirfeadh Nick Drake i gcuimhne duit ag an tús. Ní amhrán é a deir Egan, is é ag gáire, a bhuailfeadh sé meánoíche Shathairn i nGaillimh.

Dar Crom!

Is as an Chromghlinn i mBaile Átha Cliath ó dhúchas é Egan. Nuair a bhí sé óg, bhí sé ina bhall de na gasóga. Is ansin a thosaigh sé ag babhtáil téipeanna. Le linn dó an meánteastas a dhéanamh, tugadh dordghiotar dó mar bhí dordghiotaraí de dhíobháil sa bhanna áitiúil. “Ceol gráiniúil gránna le liricí maslacha a bhí a sheinm agann!” Is as an bhanna cheoil sin a d’eascair The Redneck Manifesto, banna uirliseach iar-rac ina bhfuil Egan go fóill. D’fhiafraigh mé de Egan faoin mhodh scríbhneoireachta atá aige. An ndéanann sé idirdhealú idir amhrán Jape agus amhrán Rednecks nuair a bhíonn sé ag cumadh?

“Tá mise i mo mháistir ar Jape ach tá na Rednecks níos daonlathaí ná sin. Ní bhíonn rud ar bith ullmhaithe roimh ré; téann muid isteach sa tseomra agus bíonn muid ag cumadh nuair a bhímid ag bualadh le chéile.”

Ag caint ar na Rednecks iad féin, tá siad ag obair ar ábhar úr. Dar le Egan, tá an fhuaim ag éirí níos funcaí. “Tá an cineál sin ceoil níos fusa a sheinm ná na seanamhráin agus muid ag gabháil anonn in aois!”

Tá éileamh mór ar na Rednecks ar fud an Domhain agus tá camchuairt ar an tSeapáin ar na bacáin. Tá Ocean of Frequency amuigh anois ar Music is for Losers agus tá sé ar fáil in achan siopa ceoil maith. Beidh Jape ar camchuairt arís. Seo na dátaí. Jape Music

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as Tír Chonaill é Maitiú de Hál agus tá sé ag obair sna Stáit Aontaithe i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.