AR NA SAOLTA SEO
Beirt fhear chonspóideacha
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Féachann Robert McMillen ar scéal beirt fhear chonspóideacha a bhí sa nuacht an mhí seo caite.

Íomhá
Ian Paisley Junior: duairc agus gruama
Íomhá
An forbróir Seymour Sweeney
Íomhá
Brendan Hughes, a fuair bás an mhí seo caite

a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí an choimhlint ó thuaidhgnéasach”. Thiocfadh daoine óga anseo leis an terrorist chic a bhlaiseadh, iad meallta ag an chontúirt agus ag an atmaisféar réabhlóideach, mar dhea.

Taobh istigh de sheachtain, fuair muid léargas ar an pholaitíocht úr agus macalla de chastacht na dtrioblóidí a réab an chuid seo d’Éirinn ar feadh 40 bliain. D’imigh beirt an tseachtain seo, duine amháin óna phost sa rialtas agus an duine eile ón saol seo.

Is dócha gurtaisme réidh le tarlúa bhí in Ian Paisley Jnr riamh. B’fhear é nár léirigh riamh mórán den chlisteacht sin atá de dhlúth agus d’inneach na bpolaiteoirí is fearr ach níorbh éigean . Bhí tacaíocht an uasalathar aige agus ba leor sin.

Saor-Phreispitéireach cartúnach a bhí ann, é duairc gruama lán fuatha do dhaoine nár aontaigh leo.

Rinne ionsaí, mar shampla, ar chomhairleoir de chuid David Trimble an UUP, Stephen King, a phós fear eile i gCeanada. Dúirt Ian Óg go raibh caidrimh homaighnéasachamí-mhorálta, ionsaitheach agus déistineach”.

Arís eile in agallamh le Hot Press, dúirt Paisley fils gur chuir daoine aeracha déistin air agus ba é ab iontaí faoin scéal go raibh Ian Óg ina Aire i roinn a raibh cur chun cinn an chothromais mar chúram amháin cuid!

Ach níl mórán cumhachta agan vóta bándeargagus ligeadh do Paisley leanúint leis ag déanamh dochair pháirtí.

Ba bheag a rinne Junior a chuirfeadh as fhéinchompordgo dtí ar na mallaibh agus líomhaintí faoi chúrsaí airgid ba bhunsiocair dóibh.

bhaintear mí-úsáid as airgead poiblí príobháideach shantaíonn polaiteoirí airgead, fágfaidh smál orthu, fiú mura bhfuil a dhath ar bith mídhleathach i gceist.

Ach mheas an pobal mór go raibh caidreamh ródhlúth idir Paisley Jnr agus an forbróir Seymour Sweeney, agus bhí greannmhar a bheith ag fanacht ar an chéad nasc eile a cheanglódh MLA Thuaisceart Aontroma le ball saibhir an DUP.

na naisc sin i mbéal an phobail anois.

Stocaireacht Paisley Óg ar son Sweeney go bhfaigheadh an milliúnaí cead Ionad Cuairteoirí a thógáil ag Clochán na bhFomhórach ainneoin go raibh saineolaithe na Roinne Comhshaoil ina éadan; stocaireacht go ndíolfaí talamh le grúpa ina raibh Sweeney páirteach; stocaireacht ar son thionscadal, a raibh Seymour Sweeney páirteach in dhá cheann acule linn na hidirbheartaíochta i gCill Rímhinn.

Murar leor é sin, bhí cúrsaí airgid chun tosaigh sna líomhaintí is déanaí a rinne dochar do Paisley Jnragus athair.

Fuarthas amach go raibh Paisley père ag íoc tuarastal taighdeora lena mhac, anuas ar an phá a bhí a fháil mar MLA agus mar Aire Rialtais.

Go deireanach, fuarthas amach go raibh an cáiníocóir ag íoc as oifig toghcheantair an Paisley ar an Bhaile Meanacha cheithre oiread níos oifig MLA ar bith eile.

A bhuíochas do nuachtáin áitiúlaThe Newsletter a thugann tacaíocht don DUP, ina meascagus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.

B’fhéidir go n-imeodh Ian Óg slán ach bhuaigh an UUP suíochán ar Chomhairle Dhroichead na Banna nuair a bhí an DUP ag dúil leis an bhua.

bheadh an gnáth-MLA de chuid an DUP a lucht tacaíochta ró-mhíshuaimhneach faoi mhaslaí ar dhaoine aeracha ach cúrsaí airgidbhuel, sin scéal eile.

B’éigean don mhac ionúin imeacht.

Bás Brendan HughesD’imigh fear eile i Feabhra. Fuair Brendan Hughes, The Dark mar a tugadh air, bás ar an 16 Feabhra. Ghlac Hughes páirt go fonnmhar i bhforéigean fuilteach na 1970í in éadan Arm na Breataine.

Níos deireanaí ina shaol, bhí fadhbanna sláinte aigea chroí, radharc na súl agus airtríteasó chuaigh féin agus seisear eile ar stailc ocrais ar feadh 53 i 1980 sa Cheis Fhada.

Agus é amuigh, ofráladh £50,000 sceithfeadh ar a chomrádaithe. Dhiúltaigh don airgead ach chuir isteach air i ndiaidh é a theacht amach as an phríosún go raibh iarphríosúnaigh beo bocht agus fadhbanna sláinte agus síceolaíocha acu. Ag an am chéanna, dar leis, bhí ceannasaíocht an pháirtíchomh saibhir sinagus tithe saoire acu. Thug a class of professional liarsorthu.

Níor fhág The Dark a árasán in Divis Tower go minic ach dúirt go raibh na céadta cosúil leis, iarphríosúnaigh a raibh fadhbanna fisicúla, ólacháin caidrimh acu an galar dubhach orthu. In alt amháin, scríobh Hughes faoi Kieran Nugent, an chéad phoblachtánach a chuaighar an phluid”: "Fuair Kieran bás sa bhliain 2000. Thug siadriver rat’ air mar gur chaith blianta deireanacha a shaoil ag ól cois na habhann ar an Pholl Ghlas. Ba é ba chróga den dream cróga."

mba shaighdiúir in arm foirmeálta é Brendan Hughes, thógfaí dealbh . Chaith blianta deireanacha a shaoil leis féin, ag smaoineamh ar lámh a chur ina bhás féin, lán ríméid, faoi na rudaí a rinne ach faoi na rudaí nach ndearna .

Murach gur chuir deireadh le stailc ocrais 1980, an bhfaigheadh deichniúr eile bás i 1981? Ghoill an smaoineamh sin go mór air go a bháis agus é ag meabhrú ar nacultacha Armanii Stormont agus ag cur ceiste air féin arbh fhiú an braon fola é.Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.