AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Beannachtaí na Nollag ó Bhalor Biatach
Balor Balor Balor

Tá bliain eile imithe agus gan oiread agus gradam amháin buaite ag fear na súile nimhe. Tá fonn air beannachtaí na Nollag a ghuí ar roinnt daoine, mar sin féin.

Íomhá
Íomhá

“Nach luath a tháinig na bronntanais Nollag do mhuintir Beo ar Éigean!” a deir Balor Iarghnóch, “Nó do chuid acu ar scor ar bith!” Bhuaigh eagarthóir na liarlóige seo, Éamonn Ó Doornail, Gradam Lá as an tíorántacht a imríonn sé ar a chuid scríbhneoirí. Agus bhí pictiúr dá leathbhádóir, an glámhánach sin Leamh Ó Cuinneagáin, ar leathanach tosaigh an nuachtáin chéanna faoin cheannlíne: “Fearg Phobal na Gaeilge Caillte!” Tá a fhios ag an saol mór gur cairtéal beag teolaí iad, lucht tochais tóin a chéile, muintir agus muintir Beo ar Éigean. “Bhail bíodh a fhios agat, a Leamh Uí Chuinneagáin,” a bhladhraíonn Balor na Graince, “Go bhfuil fearg a dhóthain ar Bhalor agus nach baol don fhearg sin a bheith caillte!”

Is é atá ag cur isteach ar Fhear na Súile Nimhe nach bhfuair sé féin mar aitheantas ach seans dul ar “Cé atá ag Iarraidh Bheith ina Mhilliúnaí?”, seó speisialta na Nollag, leis an Ghé Ó Broin. “Ceist fhurasta ort ar dtús,” arsa an Ghé, “Díreach le thú a chur ar do shuaimhneas! Cé a rugadh i stábla Lá Nollag, a maraíodh go fealltach nuair a tháinig sé i méadaíocht agus a bhfuil clú agus cáil air anois ar fud na cruinne?” a d’fhiafraigh an Ghé. “Shergar!” a d’fhreagair Balor beo gasta, agus an ceart aige dar ndóigh. Ach ar ghlac an Ghé leis mar fhreagra ceart? Beag an baol! Tá drochspin anois ar Bhalor bocht agus muid i mbéal na Nollag.

“Tá fuath na namhad agamsa ar an Nollaig ar na saolta deireanacha seo. Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!” a mhaíonn Balor Bodúil agus é ag trácht go tuaisceartach ar Shan Nioclás bocht. Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Balor faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr meidhréiseach cruinnbhallach. “Tá an Nollaig fuadaithe ag Cóca Cóla agus ag an phutrachán plobartha sin a thionscain siad ag tús an chéid seo caite. Dar leo go mbíonn fiú na béir bhána ag an Mhol Thuaidh anois ag ól shúlach súilíneach sin an Fhir Dheirg um Nollaig. Feicim iad ar an teilifís, na béir fhiata fhraochta ar ghnách liomsa iad a sheilg go fíochmhar, anois ag sraoilleadh thart go muirneach fána thionchar.”

Dar le Balor Bearránach go mb’fhearr go mór é féin mar Dhaidí na Nollag ná feolamán díolta Chóca Cóla. “Breast an plobaire agus a Hó Hó Hó! Breast Rúdolf agus na réinfhianna bogéiseacha eile!” a fhógraíonn sé. “Mé féin a thuigeann mianta daoine i bhfad níos fearr ná é agus mé féin agus mo charbad agus mo chuid each cogaidh is fearr a dhéanfadh an jab ná an glugaí sin ar a shleamhnán,” a mhaíonn Balor an Borrach. Dar leis go bhfuil tuigbheáil mhaith aige do na bronntanais Nollag is fearr a dhéanfadh leas daoine:

Don Teachta Dála Neamhspleách, Tomaisín Ó Good Day, thabharfadh sé cliabhán cinn, ceann doscaoilte ar eagla go n-íosfadh sé ceann ar bith eile de na taibléidí sin a chuireann dallach dubh ar dhaoine. Gheobhadh Pobal Dílis Thuaisceart Bhéal Feirste bábóga gléasta in éide Scoil Cailíní Ard Eoin le go dtiocfadh leo seilí a chaitheamh leo i rith laethanta saoire na Nollag, ar eagla na n-airíonna aistarraingte agus an scoil druidte. Bhronnfadh sé Colm Ó Tóna, eagarthóir Saol, mar eagarthóir úr ar an Irish Times, a bhfuil a chuid trioblóidí airgid air mar nuachtán. Ba ghearr go mbeadh ráchairt mhillteanach ar an Times, achan duine á cheannach achan lá le fáil amach cá mhéad uair a bhí a bpictiúr ar an pháipéar an tseachtain seo.

In ainneoin a dhóiteachta guíonn Balor Biatach Nollaig mhór mhaith ar gach duine a léann Beo ar Éigean; fiú orthu sin nach bhfuil a dhath ar bith eile le déanamh acu ach scríobh isteach ar an Chlár Plé; fiú ar an tíoránach sin Ó Doornail a bheas ag iarraidh hata úr XXXL um Nollaig lena chloigeann méadaithe a choinneáil teolaí. Tá guíonna speisialta ag Balor do bheirt phríomhcharachtar dhráma domhanda gheimhreadh seo 2001: “Ar Sceaichín Beag Mheiriceá guím Nollaig fá shéanadh is fá mhaisiúchán agus ar Hosanna Bin Ó Loidéain guím Nollaig.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.