AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Bás nó Beatha Theangacha Dúchais na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Amhrán náisiúnta aon teangach Béarla atá ag an Astráil, ní hionann is ceann na Nua-Shéalainne a bhfuil leagan Maoraise de ar fáil chomh maith. Tá Bearnaí Ó Doiblin ar son athraithe.

Íomhá
Geoffrey Gurrumul Yunupingu
le Greg Neate ar Picasaweb
Íomhá
Talamh bheannaithe, Arnhem
le Glen Dillon
Íomhá
Ag Nhulunbuy, ceantar Yolgnu
le Glen Dillon ar Vicipéid
Íomhá
Leabharlann NSW
le Predrag Bubalo ar Picasaweb

Meastar go raibh tuairim is 250 teanga éagsúla ag muintir dhúchais na hAstráile faoin am ar cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus sa bhliain 1788. Ní raibh ach 145 de na teangacha seo fós ar marthain, de réir tuarascála a foilsíodh sa bhliain 2005 agus, mar bharr ar an donas, bhí a bhformhór acu lagaithe go mór agus i gcontúirt a múchta, mar a míníodh ar an iris seo (eagrán 110, Meitheamh 2010). Níl ach tuairim is fiche cinn de na teangacha i bhfeidhm mar theanga phobail ar bhonn laethúil faoi láthair.

A dhonacht is atá stádas na dteangacha dúchais, níl an scéal gan léaró dóchais, áfach, agus d’fhógair Leabharlann Stáit New South Wales (NSW) tionscnamh tábhachtach nua ar na mallaibh a chuideoidh go mór le marthanacht roinnt de na teangacha. Rediscovering Indigenous Languages an teideal atá ar an tionscnamh, a bheidh dá mhaoiniú ag an ollchomhlacht mianadóireachta Rio Tinto, agus a mhairfidh go ceann trí bliana.

Tá bailiúchán mór ag an Leabharlann de na litreacha, dialanna agus tuarascálacha a scríobh oifigigh de Chabhlach Ríoga na Breataine, suirbhéirí agus misinéirí i luathstair na nEorpach abhus. Rinneadh tagairtí sna cáipéisí seo do na teangacha a chuala a n-údair agus iad i dteagmháil leis an muintir dhúchais agus bhreac cuid acu síos focail agus leaganacha áirithe. Scríobh an coilíneach, Charles Macarthur King, cuirim i gcás, 55 focal den teanga a labhraíodh sa cheantar a dtugtar Port Stephens air sa lá atá inniu ann ar chifleoga páipéir sa bhliain 1845. Tá formhór na dteangacha dúchais NSW dulta in éag agus níl ach na rianta seo d’iarsmaí fágtha ina dhiaidh.

An Cur Chuige

Beidh trí chéim sa tionscnamh thuas, mar a mhínigh Melissa Jackson, leabharlannaí bundúchasach leis an Leabharlann Stáit. Cíorfar an bailiúchán i dtús báire le tagairtí do na teangacha a aimsiú agus a aicmiú. Déanfar comhairliú le dírshliocht na gcomhphobal a labhair na teangacha sa dara céim sula soláthrófar na torthaí ar an idirlíon. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfar an comhairliú seo leis an muintir dhúchais mar is féidir go mbainfidh cuid de na focail agus leaganacha le gnéithe dá saíocht nár chóir a chur ar líne.

Scríobhfar cláir oideachais sa chéim dheiridh den tionscnamh ag baint feidhme as na torthaí le mic léinn bunscoile agus meánscoile a chur ar an eolas faoi na teangacha agus faoin tsaíocht. Tá an Dr. Susan Poetsch, teangeolaí agus léachtóir ag Ollscoil Sydney, páirteach sa tionscnamh agus measann sí go mbeidh tionchar an-dearfach ag na cláracha oideachais, ní hamháin ar na mic léinn thuas ach ar mhuintir dhúchais an stáit. Tugann sí ‘cultural regeneration’, nó athghiniúint saíochta, air agus creideann sí go bhfuil:

… language revitalisation very important both to Aboriginal communities and to the wider Australian community, not only for community identity but for cross-cultural understanding… The languages are a window to the culture and the world views that are held by Aboriginal people.

Tá sé an-oiriúnach go bhfuil an tionscnamh suimiúil seo ar siúl in NSW mar gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach agus le díshealbhú an mhuintir dhúchais ann. Rinneadh an léirscrios is measa ar shaíocht agus ar theangacha an mhuintir dhúchais sa stát sin dá dheasca.

Cosaint ar an Iargúil

Mar a bheifeá ag súil leis, tá na teangacha dúchais is láidre le sonrú sna ceantair is iargúlta sa tír agus ina ndúiche traidisiúnta, de bharr nár mheall na ceantair seo an líon céanna coilíneach is a mheall na ceantair ní ba mhéithe. Tá Arnhem Land, ar chósta thuaidh na tíre, i measc na gceantar ina bhfuil na teangacha dúchais láidir fós. Tugtar Yolgnu ar mhuintir na háite agus ar na teangacha a labhraíonn siad. Eisíodh dhá shaothar ealaíne ar na mallaibh inar baineadh feidhm as na teangacha seo agus chuidigh siad araon go mór le príomhshruthú shaíocht thraidisiúnta an mhuintir dhúchais.

Sa chéad dul síos, eisíodh an scannán ‘Ten Canoes’, nó Deich gCrann Snámha, i 2006, inar labhair na carachtair go leor i gcanúintí de Yolgnu. D’éirigh go geal leis an scannán agus ghnóthaighardmheas, ní hamháin san Astráil ach thar lear chomh maith. Bhuaigh sé duais ag an bhFéile Scannán in Cannes sa bhliain 2006 agus ainmníodh é don duais Oscar mar an scannán is fearr i dteanga iasachta sa bhliain chéanna. Bhuaigh an scannán sé dhámhachtain de chuid an Australian Film Institute, an duais mar an scannán is fearr ina measc.

Is as oileán darbh ainm Elcho, ar chósta Arnhem Land, don chumadóir ceoil, Geoffrey Gurrumul Yunupingu. Is fear dall é. Tugtar Gurrumul air go forleathan agus d’eisigh seisean a albam uathúil ‘Gurrumul’ sa bhliain 2007. Tá na hamhráin go léir ina theanga dhúchais agus chuaigh siad i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile, agus ar dhaoine thar lear nuair a chuala siad an fear óg eisceachtúil á gcanadh. Bhí an-ráchairt ar an albam agus díoladh sa bhreis ar 40,000 cóip ar fud na cruinne go nuige seo. Níl mórán Béarla ag Gurrumul, duine fíorchúthail nach labhraíonn leis an lucht féachana, ach bíonn an-éileamh ar na ticéid nuair a bhíonn sé ag canadh ag ceolchoirmeacha.

An tAmhrán Náisiúnta agus Gertie Chois Fharraige

Níl aon tagairt in amhrán náisiúnta na hAstráile, ‘Advance Australia Fair’, do mhuintir dhúchais na tíre agus tá daoine áirithe ag léiriú a míshástacht leis ón lá a roghnaíodh é sa bhliain 1984 dá bharr. Scríobhadh liricí an amhráin san ochtú haois déag agus measaim féin nach bhfuil iontu ach nathanna seanreicthe seanaimseartha, mar a léiríonn an chéad cheithre líne thíos:

Australians all let us rejoice,
For we are young and free;
We’ve golden soil and wealth for toil;
Our home is girt by sea.

Is iomaí gasúr a shíleann go bhfuil bean darb ainm Gertrude ina cónaí cois farraige nuair a chloiseann sé an cheathrú líne i dtús báire!

Tá amhrán náisiúnta ag ár gcomharsa béal dorais, an Nua-Shéalainn, atá dátheangach, leagan amháin i mBéarla agus an ceann eile as Maorais, teanga an mhuintir dhúchais thall. Is dóigh liom go mbeadh sé an-fheiliúnach dá mbeadh cuid den amhrán náisiúnta abhus i dteanga dhúchais freisin. Gach uair a éistim leis an amhrán ‘Galupa’, logainm a dhúiche, ón albam cáiliúil thuasluaite buaileann an smaoineamh mé go bhfuil an mianach ceart i Gurrumul le liricí deasa a scríobh a d’oirfeadh d’amhrán náisiúnta, mar a léiríonn an sliocht thíos:

Go nilimurru nhina yarrarrayun
Yolnu Bandirriya dharwulnurana
wana marrkapmirri wana marrapmirri
narrakunu bonal nherranhara gapany gopulu

(Tagaigí agus suígí i líne le chéile
ár sinsir ag Bandirriya faoi scáth an chrainn dharwul
dúiche dhilghrách, dúiche dhilghrách
ar thalamh mo threibhe, ar shuíomh a ghlan mé féin)

Tá saothar mór déanta ag Gurrumul ar son a mhuintire, daoine a bhfuil cos ar bolg imeartha orthu ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus. Táthar ag súil go dtógfaidh a rath ina theanga dhúchais an cian díobh, agus go gcuirfidh sé spreagadh sna daoine atá ag streachailt le teangacha dúchais na tíre a chaomhnú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.