AR NA SAOLTA SEO
Bás Bhrian Rossiter: go leor ceisteanna gan freagairt
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá sé trí bliana ó fuair Brian Rossiter bás, ceithre lá i ndiaidh dó dul isteach i gcóma agus é faoi choinneáil i stáisiún Gardaí Chluain Meala i gContae Thiobraid Árann, ach níl míniú sásúil ar a tharla sa stáisiún ag an am faighte ag a theaghlach go fóill. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.

I mí Mheán Fómhair 2002, fuarthas buachaill óg ceithre bliana déag d’aois i gcóma i stáisiún Gardaí. Laistigh de cheithre lá bhí Brian Rossiter bocht marbh. Dhá mhí ó shin d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, go raibh sé ag cur fiosrúcháin ar bun le breathnú isteach sa scéal. Ach tá téarmaí an fhiosrúcháin sin róchúng, dar le muintir Rossiter, agus níl aon dóchas acu go n-aimseofar an fhírinne madir le cad a tharla dá mac.

Ag a 9.30 p.m. ar an 10 Meán Fómhair 2002 ghabh na Gardaí Brian Rossiter agus thug go dtí stáisiún na nGardaí i gCluain Meala é. Dhá lá roimhe sin, bhí Brian tar éis bascadh ceart a fháil ó fhear sna fichidí agus bhí baint aige seo lena ghabháil. Ach, de réir buachalla eile a gabhadh le Brian ag an am, Anthony O’Sullivan, ba é an t-aon rud a bhí ag cur as do Bhrian de thairbhe an bhascaithe, sular gabhadh é, ná an phian a thagann ó dhá shúil dhubha.

Ocht mí i ndiaidh bhás Bhrian, cuireadh i leith fir darbh ainm Noel Hannigan ó Colleen’s Close i gCluain Meala gur ionsaigh sé Brian Rossiter. Ansin, i mí an Mhárta 2004, cuireadh dúnorgain Bhrian i leith an fhir chéanna. Ach nuair a tháinig an cás os comhair na cúirte, ní hamháin gur ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go gcuirfí an dara cúis seo ar ceal, ach dúirt sé nach raibh aon bhaint aigesean ná ag a oifig le dúnorgain a bheith á cur i leith an Uasail Hannigan. De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú. Cúpla mí ó shin, d’fhógair Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go bhfuil siad féin i mbun fiosraithe le fáil amach conas a tharla a leithéid.

Creideann muintir Rossiter gur baill den Gharda Síochána a shocraigh an tUasal Hannigan a chúiseamh i ndúnorgain Bhrian, agus iad den tuairim dá gcúiseofaí an tUasal Hannigan i ndúnorgain nach mbacfaí le hiompar na nGardaí ar an oíche thragóideach úd a scrúdú. Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter. Bhí fear áitiúil darbh ainm Tony Buck faoi choimeád sa stáisiún ar an oíche chéanna. Maíonn an tUasal Buck freisin go bhfaca sé duine de na buachaillí á bhualadh ag Garda áirithe agus, mar gheall ar bhéicíl a chuala sé níos déanaí, creideann sé gur tugadh bualadh eile do na buachailí níos moille an oíche chéanna.

Deir an tArd-Cheannfort Kevin Donohoe ó Phreasoifig an Gharda Síochána nach bhfuil ar a gcumas aon rud a rá faoi chás Bhrian Rossiter toisc go bhfuil cás cúirte áirithe le bheith ann san am atá romhainn. Deir sé, áfach, go bhfuil an Coimisinéir tar éis iarraidh ar ghrúpa – a bhí ag déanamh athbhreithnithe ar an mbealach a dhéanann na Gardaí daoine a choimeád sa tír seo – staidéar ar leith a chur le chéile maidir leis an mbealach ba chóir daoine óga a choinneáil faoi choimeád.

Litir chuig an Aire

Sé mhí dhéag i ndiaidh bhás Bhrian, ar an 16 Eanáir 2004, scríobh dlíodóir mhuintir Rossiter chuig an Aire Dlí agus Cirt ag impí air an cás a fhiosrú. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuarthas admháil fhoirmeálta go raibh an litir seo faighte. Tar éis dhá litir eile a chur, cuireadh in iúl do mhuintir Rossiter ar an 20 Bealtaine 2004 go raibh an tAire tar éis iarraidh ar an Gharda Síochána tuarascáil ar an chás a ullmhú agus nach bhféádfadh sé aon rud a dhéanamh go dtí go bhfaigheadh sé an tuarascáil seo. Seacht mí níos déanaí, ar an 31 Lúnasa, fuarthas litir eile, an uair seo ag admháil go raibh an tuarascáil faighte aige ach ag rá, “I wish to point out that the investigation of a criminal complaint is an operational matter for An Garda Síochána and as such the Minister has no role or function therein.”

Cé gur scríobh an dlíodóir arís chuig an Aire ag tús 2005, ní go dtí gur tharraing na meáin aird ar an cheist i mí an Mheithimh go ndearnadh rud ar bith. Fiú ansin, ainneoin go raibh an tAire tar éis a admháil i scríbhinn do mhuintir Rossiter bliain roimhe go raibh tuarascáil ar an chás faighte aige ón Gharda Síochána, bhí sé de dhánacht aige a rá arís go poiblí nach bhféadfadh sé aon fhiosrú a chur ar bun go dtí go mbeadh tuarascáil faighte aige ó na Gardaí. Ar deireadh thiar, ar an 29 Meitheamh, d’fhógair an tAire go raibh sé chun iarraidh ar an Abhcóide Sinsearach, an tUasal Hugh Hartnett, an cás a fhiosrú in athuair.

Ar nós Bhinse Fiosrúcháin Morris, atá ag scrúdú mí-iompair i measc Ghardaí Dhún na nGall, ní cheadaíonn téarmaí tagartha an fhiorsrúcháin a d’ordaigh an tAire McDowell maidir le cás Bhrian Rossiter a ról féin mar Aire Dlí agus Cirt a scrúdú. Creideann muintir Rossiter go láidir go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Aire McDowell. Mar shampla, níor tugadh míniú sásúil riamh ar cén fáth nár ordaigh sé fiosrúchán láithreach, an lá a fuarthas Brian Rossiter i gcóma i stáisiún na nGardaí. Níl míniú sásúil ach oiread tugtha ar a mhoille is a bhí sé ag gníomhú, fiú i ndiaidh do dhlíodóir mhuintir Rossiter an fhianaise nua a chur os a chomhair. Ach, thar aon rud, is é is mó atá ag cur as do mhuintir Rossiter ná nach bhfuil aon tagairt i dtéarmaí tagartha an fhiosrúcháin d’fhianaise Anthony O’Sullivan agus Tony Buck.

Tá seans ann nach aon mhí-iompar de chuid bhaill an Gharda Síochána ba chúis le bás Bhrian. Tá seans ann freisin go bhfuil míniú sásúil ar chomh mall is a ghníomhaigh an tAire. Ar chúiseanna pearsanta, tá sé tábhachtach do mhuintir Rossiter go mbeadh an fiosrúchán maidir le bás a mic iomlán éifeachtach. Ach, tá sé níos tábhachtaí fós don Gharda Síochána agus don Aire ní hamháin go mbeadh an fiosrúchán seo iomlán éifeachtach ach go mbeadh an léamh sin air i measc an phobail. Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is léiritheoir teilfíse é agus saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.