AR NA SAOLTA SEO
Baol gur chun olcais a rachaidh an mhíchothromaíocht
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Má chuirtear moltaí maidir leis an ráta pá íosta sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm, beidh na hoibrithe is lú pá sna Sé Chontae thíos go mór leis, a deir Robert McMillen.

Íomhá
Príomh-Aire na Breataine, Gordon Brown
Íomhá
Tá an costas maireachtála sna Sé Chontae an-ard
Íomhá
Tá pá seachtainiúil na n-oibrithe is lú pá ag titim

rún ag Gordon Brown pá íosta na Sé Chontae a ísliú. Glac do chuid ama agus tú ag léamh na habairte sin. Tá Páirtí an Lucht Oibre ag beartú airgead a bhaint de na hoibrithe is boichte sa tír, £1,000 sa bhliain uathu sin atá ag déanamh obair “shuarach,” ar mná iad den chuid is mó.

Tá sé mar chuid den phlean atá ag Príomh-Aire úr na Breataine, ar tugadh le fios dó le gairid go raibh ráta amháin pá íosta don tír ar fad “neamheacnamaíoch”.

Faoi láthair, is é £5.32 (€7.88) an pá íosta ar fud na Ríochta Aontaithe (méadófar go dtí £5.52 é ar an 1 Deireadh Fómhair) ach, de réir an Daily Telegraph, tá roinnt tuarascálacha faighte ag Gordon Brown a mhaíonn gur cheart go mbeadh rátaí pá íosta difriúla i réigiúin éagsúla na tíre.

I dtuarascáil amháin a d’fhoilsigh an Economic Research Council in Ollscoil Derby, mhol an t-údar, an tOllamh David Smith, go méadófaí an pá íosta i Londain agus in oirdheisceart Shasana go £6.90 san uair ach, in oirthuaisceart na tíre go laghdófaí é go £4.78 san uair. I dTuaisceart Éireann, moladh go rachadh an pá íosta síos go £4.80. Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.

an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí. (In Utah mar shampla, is é $5.15 (£2.54/€3.76) an pá íosta, ach $7.65 (£3.78/€5.59) an ráta in Connecticut.)

Dá mbeifeá ag cuartú cur síos gonta ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, tá ceannlíne an Telegraph foirfe: “South is funding North’s dole pay” ar sé!

Ar ndóigh, tá lucht an tuaiscirt á gcosaint féin agus ag caitheamh amhrais ar bona fides na tuarascála.

“Ollscoil Derby?” a fhiafraíonn duine amháin. “Nach raibh sin ina poly go dtí le gairid?”

Ar ndóigh, níl muintir na Breataine Bige, na hAlban agus thuaisceart Shasana róshásta leis an smaoineamh – agus níl ann ach smaoineamh go fóill.

Costas ard maireachtálaTá barúlacha éagsúla á nochtadh ar cad atá taobh thiar den chinneadh anseo i dtuaisceart na hÉireann.

Tá an costas maireachtála sna Sé Chontae níos airde ná mar a bhí sé riamh. Measann cuid de na daoine gur bob eile atá ann “an réadúlacht eacnamaíoch” a chur faoi bhráid na bpolaiteoirí sin atá ag iarraidh moll mór airgid le fadhbanna seanbhunaithe infrastruchtúir agus geilleagair a leigheas.

Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.

Mar atá ráite ag Sir Reg Empey, an tAire Fostaíochta agus Foghlama ó thuaidh, tá go leor fadhbanna ag baint le daoine atá ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh a mhealladh i dtreo na hoibre gan a bheith ag baint airgid uathu le tabhairt do mhuintir Londan agus na gContaetha Baile.

“Déanann daoine ar an phá íosta obair bhunúsach agus ní le leas an gheilleagair é pá na ndaoine sin a ghearradh,” ar sé.

Dúirt Paul McGill ó Community NI gur thit pá seachtainiúil na n-oibrithe is ísle pá sa tuaisceart anuraidh.

“Le sé bliana anuas, mhéadaigh pá na ndaoine is rathúla £143 sa tseachtain. Mhéadaigh pá na ndaoine is lú tuarastal £3.20 sa tseachtain sa tréimhse chéanna,” ar sé.

Mar thoradh air seo, tá bearna £600 sa tseachtain idir iad sin atá ag barr an scála agus iad sin atá ag an bhun.

“Tá an mhíchothromaíocht ollmhór seo ina scannal,” arsa an tUasal McGill. “Más mian linn troid in éadan na bochtaineachta, ba cheart an pá íosta a ardú go mór in áit é a ghearradh.”

Tá an t-íospha níos airde – €8.65 (£5.83) san uair – ó dheas na mar atá sé ó thuaidh. B’fhéidir gur cheart do Shinn Féin – agus na Glasaigh, páirtí uile-oileánda eile – a bheith ag iarraidh gurbh ionann an ráta pá sa dá chuid den oileán.

Nó an bhfuil siadsan ag faire amach do lucht gnó na tíre in áit a bheith ag obair ar son leas na ndaoine is boichte?

Toradh eile ar an difear sin sa ráta pá íosta: b’fhearr le hinimircigh dul/fanacht ó dheas, áit a bhfuil níos mó airgid dlite dóibh. Tá siad ann, ach níl an líon céanna inimirceach ó thuaidh is atá ó dheas.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.