AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor Mísciúil i measc na mbréagriochtaí
Balor Balor Balor

Casadh roinnt daoine suimiúla ar Bhalor agus é ar an drabhlás Oíche Shamhna, aire, easpag agus iriseoir ina measc.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Ar nós gach aon dara duine eile sa tír, bhí Balor amuigh ar an drabhlás Oíche Shamhna. Agus é ar a chamchuairt ó thábhairne go tábhairne agus ó chlub oíche go club oíche casadh air daoine nár aithin as siocair iad a bheith i mbréagriocht. Níorbh fhiú do Bhalor Bocht aon bhréagriocht a chaitheamh lena aithne a cheilt eile a bheadh ag caitheamh aghaidh fidil le poll súile amháin istigh i lár chlár a éadain? Ach bhí go leor daoine aitheanta nach raibh chomh so-aitheanta le Balor ar shráideanna na hÉireann an oíche sin.

An chéad duine ar casadh Balor air Oíche Shamhna bhí cosúlacht deilfe airan lapa ar foluain amach roimhe agus dhá spág ag teacht amach trí pholl beag san eirbeall, é ag hapáil thart ar chos bhacóide agus ag fógairt don domhan mór: “I’m Fungi, the Dingle Dolphin, from Dingle Bay, near Dingle Town. Beep! Beep! Dingle! Dingle! Dingle Bells, Dingle Bells, Dingle all the way...”

Caidé mar atá , a Aire?” a d’fhiafraigh Balor an Seargánach.

Cé’ chaoi a raibh a fhios agat gur mise a bhí ann?” a d’fhiafraigh an tAire Éamó Ó Caoimhnis, agus cuma dhíchreidmheach bhambairneach air. “Shíl nach ndéanfadh duine ar bith ceangal idir Aire an Daingin agus duine a bheadh ag scairteadh Dingle!arsa Ó Caoimhnis.

B’fhéidir, agus móide,” arsa Balor leis, “Ach gach duine a bheadh ag tachtadh ar an logainm céanna gach uair a rinne iarracht an focal a fhuaimniú. Ba bheag nár shlog do theangaagus teanga na Gaeilge atá i gceist agam. Slán a Aire. Tabhair aire.”

Agus d’fhág an tAire bocht Ó Caoimhnis ag stánadh ina dhiaidh trí na spéaclaí ar chloigeann na deilfe.

As go brách arís le Balor gur casadh aingeal beag geal glé. Bhí an bréagriocht ar dóigh ar fad: bhí folt casta gruaige uirthi ar dhath an óir; ba ghile a craiceann sneachta na haon oíche; ba dheirge a grua na caora caorthainn; thiocfadh leat a samhail a thabhairt súile ach réalta geala oíche sheaca, bhí siad chomh lonrach sin. Ina cruthaíocht, ina pearsa agus ina gné, dar le Balor, nach bhfaca ainnir ar bith riamh ba dheise í. Bhí Balor Bocht faoi dhraíocht, ach nuair a tháinig faoi fhad cainte don aisling thug cúpla rud faoi deara. Bhí péire bróg leathair snasta fir chomh dubh le pic le feiceáil ag gobadh amach faoi bhun ghúna an aingil, chomh maith le heirbeall sútáin le cúpla cnaipe corcra; bhí grua an aingil tais le deora aithreachais, agus bhí craiceann snasta blagaide ag lonrú faoin lampa sráide san áit nach raibh an folt gruaige ag clúdach iomlán na baithise.

Caidé mar atá , a Easpaig?” a d’fhiafraigh Balor Cunaí Cliste.

Conas a bhí a fhios agat gur mise a bhí ann?” a d’fhiafraigh an Cathasach, agus gan seans a thabhairt do Bhalor freagra a thabhairt lean ag caint: “Bhí cinnte nach n-aithneodh duine ar bith agus cuma aingil orm. bheadh duine ar bith ag súil leis an chuma sin ar easpag a rinne an oiread sin peacaí móra.”

Arú, a Easpaig, a chroí,” arsa Balor Fial, “níl ann ach an dóigh a n-instear é. Bíonn daoine ag athscríobh staire, agus cúrsai reatha fiú, an t-am ar fad. Bhí Laochra na Cásca 1916 i bhfaisean ar feadh tamaill; ansin bhain siad le Sinn Féin seal; anois is baill d’Fhianna Fáil iad agus beidh a bpictiúir ar crochadh os cionn gach tinteáin i mBaile Átha Cliath a Ceathair go luath. Agus, i ndáiríre, i gcomparáid lena bhfuair muid amach ó d’fhág an tír seo, bhuel thig liomsa a gur aingeal thú, ach táthar ann a bheas á sin. Bain sult as an oíche, a Easpaig, agus tiomáin an carr!”

As go brách le Balor arís. An chéad duine eile a casadh air bhí cosúlacht an Diabhail air, uirthidhá adharc ag gobadh suas ón chloigeann, aghaidh ghránna le fuil ag sileadh ó na súile anuas agus fiacla móra géara sa draid fhearchonta. Agus ar eagla na míthuisceana bhí an duine seo ag screadach i nglór a bhí scanrúil: “Is mise an Diabhal, Prionsa Ifrinn. olc agus fuathúil, lán mioscaise agus aimhleasa, agus béarfaidh liom sibh síos go leac na bpian, in éineacht leis na hanamacha bochta atá sa mhála ar mo ghualainn. Fanaigí amach uaim!” Bhí an bréagriocht chomh maith sin nach raibh barúil ag Balor a bhí ann.

tusa?” a d’fhiafraigh den scléipire.

Nach maith é mo bhréagriocht? a d’fhreagair an radaire. “ aithneoidh duine ar bith . a shílfeadh nach bhfuil faoin cheileatram seo ach iriseoir naíonda le Sindo an Domhnaigh, nuachtóir bábánta, neamhchoireach nach scríobhann ach an fhírinne ghlan lom mar a chuirtear os mo chomhair í. Ach scaoil mo rún le duine ar bith scaoilfidh mise do chuid rún folaitheach cáidheach féin leis an domhan mór ar an Sindo, fiú mura bhfuil rún ar bith agat! Anois fág an bealach agus lig dom sult a bhaint as an oíche!”

Bhuel Balor Bocht! Caidé a bhí ag gabháil a dhéanamh? Níor thóg air ach an mheandar le cuimhneamh nach raibh rún ar bith fágtha aige, dea-chlú, cáil ar bith le cur ó chion, a bhuíochas sin don liarlóg Beo Ar Éigean *agus don eagarthóir mí-thrócaireach Éamonn Ó Doornail. D’éirigh in airde san aer mar a bheadh éan ann, chaith trí thruslóg, ceann i ndiaidh an chinn eile, i dtreo fhear an *Sindo agus tháinig anuas air mar a bheadh trí thonna prátaí. Chaith an t-iriseoir bocht an chuid eile den oíche i mbréagriocht eile ar fadmar a bheadh mumaí Éigipteach ann, é clúdaithe le bindealáin ó bhaithis go bonn istigh san otharlann. Ansin, chun cás an anacróra a dhéanamh míle uair níos measa, chuir Balor Dalba scairt ar lucht an Sindo le go raibh duine gcuid iriseoirí i ndiaidh a bheith i scliúchas le striapach siocair nach raibh sásta iomlán an táille a íoc léi; gur tháinig a cairde i gcabhair uirthi; agus go raibh an t-iriseoir anois ar thralaí san otharlann ag cumadh ailt faoi dhroch-staid na seomraí éigeandála.

atá diabhalta anois?” a d’fhiafraigh Balor Mísciúil leis féin agus as go brách leis isteach i gClub Slut choinne cúpla galún pórtair.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.