AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Balor bhíogúil bhrufanta biorbach
Balor Balor Balor

Is mian le Balor dul ar saoire ach níl sé cinnte cén áit a rachaidh sé.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Tá Balor bocht idir dhá chomhairle an mhí seo, a léitheoirí dhílse. Idir dhá cheann na meá atá sé, idir dhá stól, agus cé gur mí Lúnasa atá ann, tá sé idir dhá thine Bhealtaine. I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire fá choinne cúpla seachtain a chaitheamh ar a shuaimhneas, a bholg bhiata bhlonagach le grian gheal an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla a bheith lena thaobh, scaifte péas armtha i bhfáinne thart air le cailíní na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach. Ó nár dheas sin! Ach cá bhfuil a leithéid d’áit?

Ní thig le duine ar bith a chur ina leith riamh go mbíonn Balor an Bhéil Bhinn ag sodar i ndiaidh na n-uaisle, ach, agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh sa chás seo, smaoinigh sé ar an cheann scríbe a bhí nó a bheas ag roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre seo agus iad ag dul ar a laethanta saoire i mbliana. Cuid acu, ní dheachaigh siad rófhada ó bhaile.

I nGleann Cholm Cille a chaith Íosa Mhic Ghiolla Mháire tréimhse, í ag ligean uirthi gur ag foghlaim na Gaeilge a bhí sí; ach nach bhfuil a fhios ag an saol mór - agus ag Kevin Myarse ón *Irish Times *- go bhfuil teanga vótálaithe na nGaeltachtaí ar a toil aici le fada an lá. Bhí Máirtín Matánach, a fear céile, in éineacht léi, cé nach bhfuil an galfchúrsa i Málainn Bhig ar oscailt fós. Cad chuige, mar sin, go raibh siad seo agus Fat Mac Cormaic, fear an Easy Peasy Reader, agus cuid mhór Gaeilgeoirí móra aitheanta eile cruinnithe le chéile i nGleann Beag Lách sin an Cheoil ag deireadh mhí Iúil? Ar mhaithe leis an aimsir? Ar mhaithe lena sláinte? Ní shíleann muid é. Tá rud inteacht eile ar siúl. B’fheidir go bhfuil sé in am Binse Fiosraithe a chur ar bun. Rúndiamhair atá ann gan dabht, nó ní mheallfadh bunadh sámhánta suanmhar na háite sin leithéidí Bhalor bhíogúil bhrufanta bhiorbaigh. Cad é atá ag Leamh Ó Cuinneagáin agus ag muintir Odious Gael nach bhfuil ag an chuid eile againn? Mar a deir Balor na Siosmaide: rúndiamhair atá ann.

Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh. Bíodh sé acu!

Tá Bertie ar a bhealach chun an Domhain Thoir le go mbeidh sé ar a chompord i Shanghai na Síne, áit a mbíonn an chaint chomh briste ag bunadh na cathrach nach dtabharfaí a chuid Béarla bacach féin fá deara - nó sin a deir muintir faisnéise an Rialtais. “Cuid mhór seanchaca!” a deir Balor. “Ní bhíonn cuid Béarla Bhertie briste ach nuair is mian leis - nuair a bhíonn sé ag labhairt go poiblí. Cuireann sé leis an íomhá - teidí beag béirín ar bhreá leis na mná é a thabhairt abhaile leo - cosúil liom féin!” Cén fáth, mar sin, go bhfuil a thriall ar an Domhan Thoir? “Rúndiamhair eile, gan dabht,” a deir Balor.

Tá Feargus Finnicky Finlay, a iar-shaoiste Ruairí Ropaigh Uí Chuinn, agus Gerrymander Adams ar a mbealach go Féile na bhFéasóg i gCúba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don réabhlóid atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó a raibh siad uilig fós ábalta bheith ag bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é. Ó nár dheas sin fosta!

Tá an plean is fearr ar fad fá choinne laethanta saoire ag Cliarlathas Caitliceach na hÉireann. Tá a dtriall sin ar Londain Shasana, áit a mbeidh comhdháil mhór ag Easpaig Phrotastúnacha Anglacánacha an Domhain. Tá an dá bhuntáiste ag baint le plean seo easpaig na hÉireann. Beidh siad ábalta dul ar an ragairne gach aon oíche agus má fheictear iad ag titim amach as club oíche ar a ceathair a chlog ar maidin beidh daoine ag déanamh gur easpaig Phrotastúnacha atá iontu.

Tá Balor ag smaoineamh ar dhul in éineacht leo, ach bhur mbarúil an dtiocfadh leis cuma easpaig a chur air féin? Táthar ann a deir go bhfuil a bholg agus a thóin in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin agus go mbeadh sé i measc daoine a bhfuil na spéiseanna céanna ite agus óil acu agus atá aige féin... B’fheidir... Hmmmmm... Is féidir go mb’fhéidir... Hmmm... Inseoidh mé daoibh an mhí seo chugainn... B’fheidir!

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.