CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Baile Átha Cliath abú!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Baile Átha Cliathach agus amhránaí dúchasach den chéad scoth é Éamon Ó Donnchadha, a bhuaigh Corn Uí Riada den dara huair ag Oireachtas 2003. Aisteoir, fliúiteadóir agus leathbhádóir i go leor agallamh beirte agus lúibíní é freisin. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte leis féachaint cá bhfaigheann sé an t-am do na rudaí seo ar fad.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Éamoin, tá Corn Uí Riada buaite agat arís, den dara huair. Cén chaoi a mothaíonn tú faoi sin?

Éamon Ó Donnchadha: Airím go hiontach dá bharr. Is ábhar mór bróid agus áthais dom é. Cuireann sé iontas orm m’ainm a bheith ar an gcorn den dara huair. Níl a fhios cén sásamh a thugann sé dom.

AÓF: Ar shíl tú go dtarlódh sé arís?

ÉÓD: Níor shíl mé go dtarlódh. Cheap mé go raibh an t-ádh dearg liom é a bheith faighte agam uair amháin féin.

AÓF: Mar sin, is dóigh go mbeidh tú ag iarraidh é a bhuachaint den tríú huair amach anseo, an mbeidh?

ÉÓD: Is é Corn Uí Riada an gradam is mó a bhfuil tóir ag amhránaithe dúchasacha air. Is breá an rud é d’amhránaí a bheith ag gabháil fhoinn do lucht éisteachta an Oireachtais. Ní bhfaigheadh amhránaí a shárú sin in áit ar bith. Ba mhaith liom casadh ag an Oireachtas arís, le cúnamh Dé.

AÓF: An mbíonn tú ag cleachtadh go leor roimh leithéid Chorn Uí Riada?

ÉÓD: Ní dhéanaim aon chleachtadh do Chorn Uí Riada seachas díriú ar scéal an amhráin agus iarracht a dhéanamh an scéal sin a inseacht go héifeachtach leis an gceol. Nuair a éiríonn le duine é sin a dhéanamh bíonn croí agus mothú san amhrán a théann i gcion ar an lucht éisteachta. Ach is cleachtadh ar an scil sin, díriú ar scéal amhráin agus a bheith ábalta é a chasadh amach ó do chroí, is mó a theastaíonn.

AÓF: Cá bhfaigheann tú na hamhráin?

ÉÓD: Faighim amhráin ó amhránaithe. Tugaim taitneamh d’amhrán a chloisim agus téim ar thóir leaganacha den amhrán. Nuair a bhím ag caint le duine ar amhráin agus molann duine amhrán áithrid, as feabhas a chuid filíochta nó an t-ábhar nó an fonn atá ag gabháil leis, téim ar thóir leagain den amhrán sin. Tá dlúthdhioscaí, téipeanna, Raidió na Gaeltachta agus na leabhair amhrán agus fhilíochta mar fhoinsí agam freisin.

AÓF: An dtógann sé mórán ama ort amhrán a fhoghlaim?

ÉÓD: Ní thógann sé achar ar bith an t-amhrán a fhoghlaim mar phíosa filíochta ach is scéal eile ar fad do chuid féin a dhéanamh d’amhrán go mbeidh tú in ann é a fhuint agus a chasadh ar do chompord agus go nádúrtha, agus áilleacht an amhráin a thabhairt chun tosaigh. Tógann sé sin blianta.

AÓF: Tá go leor amhrán agat le Raiftearaí, nach bhfuil? Cén fáth sin, meas tú?

ÉÓD: Is breá liom filíocht Raiftearaí. Tá áilleacht, croí, mothú, nádúr agus clisteacht ina chuid dánta. Ceapaim gur iontach go deo an file a bhí ann. Tá ceol i bhfocail a chuid filíochta. Is ealaíonta mar a tharraingníonn sé pictiúir le filíocht agus is breá liom an chaoi a molann sé áilleacht na mban.

AÓF: Tá baint agat le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin nach bhfuil, ó thaobh na hamhránaíochta de?

ÉÓD: Bhí sé d’ádh orm a bheith ag roinnt amhrán le mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an gceol san Institiúid le trí bliana anuas. D’fhoghlaim mé féin go leor agus mé ag múineadh na n-amhrán.

AÓF: Agus tugaim faoi deara go mbíonn do chuid gasúr féin ag gabháil fhoinn chomh maith?

ÉÓD: Bíonn an oiread ceoil agus amhránaíochta sa teach nach bhféadfaidís éalú uaidh. Is breá liom go mbíonn siad ag gabháil fhoinn agus ag casadh ceoil. Cuireann sé go mór leis an saol.

AÓF: Céard faoin gceol uirlise? Seinneann tú an fheadóg mhór, nach seinneann?

ÉÓD: Is breá liom an ceol agus ní fhéadfainn mo dhóthain ceoil a chasadh. Ní hiontas ar bith an liosta fada jabanna atá le déanamh sa teach agus timpeall an tí ach atá fós gan déanamh.

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh seo ar fad, an spéis seo atá agat san amhránaíocht agus sa cheol dúchasach?

ÉÓD: Nuair a chuaigh mé chuig Coláiste Phádraig [Droim Conrach, Baile Átha Cliath] chuir mé suim sa gceol agus thosaigh mé ag casadh na feadóige móire. Chuaigh mé siar go Leitir Móir agus chuala mé na hamhráin. Thaithnigh an ceol agus na hamhráin liom. Bhí an-spórt agus spraoi agus daoine uaisle i gcomhluadar an cheoil agus na n-amhrán.

AÓF: Tá roinnt aisteoireachta déanta agat freisin. Conas a thosaigh sin?

ÉÓD: Tá mé i mo chónaí i Laimbé, Cill Bhríde i nGaeltacht Ráth Cairn le blianta fada anois. Is áit iontach í, idir an ceol, na hamhráin, an damhsa agus an drámaíocht. Dála an cheoil agus na n-amhrán, is le grá don chomhluadar agus don spraoi a ghlac mé páirt sa gCumann Dramaíochta.

AÓF: Is dóigh go bhfuil sé nádúrtha go leor go mbeifeá ag glacadh páirte in agallaimh bheirte agus lúibíní mar sin.

ÉÓD: Is sa gcaint agus sa bhfocal is mó atá an saibhreas agus an ealaín, agus tá idir chlisteacht agus spraoi sna hagallaimh bheirte agus sna lúibíní. Is é Fearghas Mac Lochlainn, bail ó Dhia air, cara mór liom agus laoch na lúibíní, a chumann na hagallaimh bheirte agus na lúibíní. Bainimid an-taitneamh agus sásamh astu ag an Oireachtas.

AÓF: Tá tú pósta le bean as Conamara. Cén chaoi ar bhuail tú le do ghrá geal?

ÉÓD: Chuaigh mé siar go Leitir Móir agus chaith mé an chéad mhí thíos sa Trá Bháin. Thaithnigh an áit agus muintir na háite go mór liom. D’fhan mé tigh Mháirín Uí Chéidigh i Leitir Móir an darna mí. Casadh a deirfiúr Mairéad orm agus b’in tús scéal an ghrá! Ní théann muid siar sách minic. Idir obair, cheol agus amhráin, ní mórán ama a bhíonn againn. Ach gabhfaidh muid siar níos minicí sa mbliain nua, le cúnamh Dé.

AÓF: Casann sí féin, nach gcasann?

ÉÓD: Casann Mairéad, bail ó Dhia uirthi. Tá stór breá amhrán aici agus múineann sí na hamhráin do pháistí an cheantair.

AÓF: An bhfuil aon amhrán ar leith a sciobann do chroí?

ÉÓD: “Eileanóir na Rún” an t-amhrán is ansa liom. Is breá liom loime an amhráin, idir cheol agus fhocail.

AÓF: Ar chum tú aon amhrán riamh?

ÉÓD: Níor chum fós ach ba bhreá liom tabhairt faoi lá breá éicint.

AÓF: Cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim tú agus cad é an ceann deireanach a d’fhoghlaim tú?

ÉÓD: Is é “Róisín Dubh” an chéad amhrán a d’fhoghlaim mé agus is é “Peigí Nuinseann” an ceann is deireanaí a d’fhoghlaim mé.

AÓF: Taobh amuigh d’amhránaíocht dhúchasach na tíre seo cén t-amhránaí is fearr leat?

ÉÓD: Andrea Bocelli.

AÓF: Inis dom faoin bpáirt a ghlac tú i bhfógra teilifíse Telecom Éireann (mar a bhí air ag an am). D’úsáid siad an t-amhrán “Dúlamán” sa bhfógra agus bhí gach duine sa tír á chasadh ar feadh tamaill. Cén chaoi a bhfuair tú an pháirt?

ÉÓD: Cuireadh scéala chugam faoin bhfógra agus thug siad cuireadh dom dul ag casadh an amhráin. Ba é an lá pá is fearr a bhí agam i gcaitheamh mo shaoil ach gur íoc mé go daor air i ndeireadh báire nuair a bhí chuile dhuine ag cur an mhilleáin orm gur mealladh iad lena gcuid airgid a chur amú ar na scaireanna!

AÓF: Cad é an rud is tábhachtaí duit san amhránaíocht dhúchasach?

ÉÓD: Scéal an amhráin.

AÓF: An mbeidh daoine ag casadh sa stíl dhúchasach i gceann céad bliain eile an gceapann tú?

ÉÓD: Is cinnte go mbeidh daoine ag casadh i gceann céad bliain eile. Is breá le daoine amhráin agus is mó suim a bheidh sna hamhráin le himeacht ama.

AÓF: An gceapann tú dá mbeadh Raiftearaí beo anois go mbeadh sé sásta le hamhránaíocht an lae inniu?

ÉÓD: Is cinnte go mbeadh sé breá sásta go bhfuil a chuid amhráin á gcasadh i gcónaí.

AÓF: Tabhair dúinn véarsa amháin d’amhrán a thaitníonn leat sula n-imíonn tú.

ÉÓD: Seo véarsa den amhrán “Úna Ní Chatháin":

Is deas a lasadh, a haghaidh is a gáire. Is a malaí tarraingthe chomh caol le peann,

A leicne is míne ná an síoda is áille Agus thríd an bhfáinne go rithfeadh a com. A bráid is gile ná an cúr dá charnadh i mbéal na trá is é ag rith ón tonn.

Is fear gan mhisneach dá mhéad a státa. Nach bpósfadh an stáidbhean gan pingin ná bonn.

AÓF: Mo ghoirm thú!

*Tá Éamon Ó Donnchadha le cloisteáil ar an dlúthdhiosca *Seachrán Sí (CD 135) a d’eisigh Cló Iar-Chonnachta www.cic.ie.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.