AR NA SAOLTA SEO
Bagairt na n-easaontóirí, agus imeacht Paisley
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

an tsíocháin i réim sna Chontae ach bagairt na n-easaontóirí fós an-láidir, a deir Robert McMillen.

Íomhá
Sir Hugh Orde: ceachtanna foghlamtha ón phróiseas síochána, dar leis.
Íomhá
Baill d'al-Qaeda

Bhí alt thar a bheith suimiúil sa Guardian *ag deireadh mhí na Bealtaine inar nocht Sir Hugh Orde, Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann, a bharúlacha mar gheall ar an sceimhlitheoireacht.Deirtear go minic go bhfuil ceachtanna tábhachtacha foghlamtha ag daoine ar fud an domhain ón phróiseas síochána ó thuaidh. In ainneoin go measaim féin go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, firinne éigin ag baint léi. Mar shampla, in ainneoin gurbh é sa bhliain 1954 a dúirt Winston Churchill é, thuigeann gach duine go fóill gur fearr i gcónaí a bheith ag caint a bheith ag troid an *jaw-jaw níos fearr an war-war.Sin an rud arbh éigean do Hugh Orde a chur i gcuimhne do dhaoine agus é ag caint ar an sceimhlitheoireacht dhomhanda. Dúirt nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta ar cuireadh deireadh leis gan idirbheartaíocht a bheith i gceist. Tharla leis an IRA agus measann go dtarlóidh le al-Qaeda, luath mall. leor an phóilíneacht amháindeireadh a chur le comhchealga, mar shampla, daoine a chur i bpríosúnagus is léir go bhfuil sin fíor ó thuaidh. “If you want my professional assessment of any terrorism campaign, what fixes it is talking and engaging and judging when the conditions are right for that to take place,” ar .Ar ndóigh, leor an chaint amháin. Is go mbeadh an toil pholaitiúil ann agus bealach éalaithe a mheasann an thaobh a bheith ina bhua dóibh féin. Sin an fáth a raibh an DUP agus Sinn Féin ábalta suí síos le chéile mar go raibh siad ábalta cur ina luí go réalaíoch ar thromlach a lucht tacaíochta go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid. Thuig fórsaí slándála na Breataine agus an IRA araon nach dtiocfadh leo buille marfach a thabhairt chéile agus d’fhóir an idirbheartaíocht do gach taobh.

hionann seo agus cás al-Qaeda mar gur léir go gcreideann lucht tacaíochta Bin Laden go bhfuil cogadh naofa ar siúl acu agus go bhfuil an tIarthar faicheallach orthu.Ar ndóigh, thiocfaidh deireadh le gach trioblóid, ann d’útóipe áit ar bith ar domhan agus bagairt na n-easaontóirí poblachtacha ó thuaidh ag dul i méid an t-am uilig. Measann Orde go bhfuil bagairt na n-easaontóirí níos anois mar a bhí le cúig bliana anuas. comparáid déanta aige idir iad agus ainmhí atá i sáinn agus a dhéanann ionsaí bharr. Ba iad na heasaontóirí seo a thug an t-ordú le póilín Caitliceach a mharú i gContae Thír Eoghain ar an 12 Bealtaine. Gortaíodh go dona é ach bhfuair bás. Molann Orde do gach póilín a charr a thástáil sula dtosaíonn ag tiomáint anois. Anuraidh, scaoil grúpa easaontóirí le beirt phóilíní i gcathair Dhoire agus i dTír Eoghain (arís). An tseachtain seo caite, fágadh gaireas loiscneach in JBB, siopa spóirt i lár Bhéal Feirste. Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? Jaw-jaw duine ar bith?


Anois agus Ian Paisley éirithe as an pholaitíochtrud a rinne ag deireadh na míosa seo caite le dírbheathaisnéis a scríobh. Beidh suimiúil bhíonn sásta an scéal iomlán a insint. Ba bhreá liom fáil amach cad é a bhí taobh thiar den drochíde fhíochmhar béil a thug do Chaitlicigh gan choir sna caogaidí agus sna seascaidí.Ba mhaith liom fáil amach, hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompuagus muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! bhfeicfeadh toradh a chuid saothair, an ndéanfadh gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh ag díriú ar na cúig bliana a chaith ag teacht isteach ón fhuacht. Is léir go bhfuil an fear mór ag cruthú íomhá de féin, íomhá nach bhfuil inti ach cuid den fhírinne chasta, mhíofar. Bhí Paisley ina pharadacsa riamh anall; bhí fuath ag dream amháin le linn don dream eile a bheith á adhradh. dócha go scaoilfidh rúin ar bith a thabharfaidh léargas glinn dúinn mar gheall ar an fhear seo a raibh baint aige le cor cinniúnach in Éirinn.Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.