AR NA SAOLTA SEO
Ba Chóir Glacadh leis an Chonradh Fhioscach
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Aon leathanach déag soiléir agus soléite faoi rialachas geilleagair, gan tada thairis sin, atá sa Chonradh Fhioscach agus dar le Ciarán Mac Aonghusa, luíonn sé le céill do mhuintir na tíre glacadh leis.

Íomhá
Uachtarán Chomhairle na hEorpa Van Rompuy sásta faoi Nollaig 2011
(le Comhairle na hEorpa ar Flickr)
Íomhá
An Tánaiste, Éamon Gilmore, Emmet Stagg & Joan Burton, ar son
(An Lucht Oibre ar Flickr)
Íomhá
Richard Boyd Barrett, in aghaidh
(leis an Phobal Roimh Bhrabús)
Íomhá
Vincent Browne, in aghaidh
(le Lusciousblopster ar Flickr)

Cuirfear ceist an chonartha fhioscaigh faoi bhráid na ndaoine ag deireadh na míosa seo. Tá súil agam féin go nglacfar leis an chonradh ach beidh ar an rialtas an scéal a mhíniú go soiléir. An fhadhb is mó a bheas acu ná an díospóireacht a dhíriú ar an chonradh féin in ionad a bheith ag plé na mbeartas náisiúnta, ar nós cúrsaí uisce nó sláinte, atá ag cur as don saol Fódlach faoi láthair.

Tá an conradh seo níos diúide ná iad siúd a cuireadh faoinár mbráid le roinnt blianta anuas. Chuir Conradh Liospóin athruithe suntasacha i bhfeidhm ar ghnéithe casta a bhain le bunreacht an Aontais Eorpaigh. Bhí sé éasca acu siúd a bhí in aghaidh an chonartha scéalta nár bhain leis a tharraingt anuas, cuirim i gcás, ginmhilleadh agus cúrsaí cánach. Níl ach aon leathanach déag sa Chonradh Fhioscach agus ní bhaineann sé ach le haon rud amháin: rialachas geilleagair.

Tá geilleagar na hÉireann ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhain agus, dá bharr sin, táimid ag brath go mór ar an trádáil. Luíonn sé le céill gur fearr don tír a bheith ina ball d’aontas airgeadra, is é sin, más féidir an t-aontas airgeadra sin a riaradh i gceart. Is é an euro an t-airgeadra atá ag Éirinn agus b’fhearr dúinne é a bheith ag feidhmiú mar is ceart.

Is léir go bhfuil rialacha fioscacha de dhíth le go bhfeidhmeodh limistéir an euro go maith. Bhí a fhios sin ag lucht ceaptha an euro agus leag siad rialacha fioscacha amach i gConradh Maastricht. Cuireann na rialacha sin teorann ar mhéid an easnamh cháinaisnéise atá ceadaithe (3% OTI) chomh maith le teorainn ar an mhéid fiacha ina n-iomláine atá ceadaithe ag tír ar leith (60% OTI).

Is fíor go laghdaíonn an conradh nua an chéad teorainn go dtí 1% OTI i gcás tíre gur lú a cuid fiacha ná 60% OTI. Ach is ar mhaoirseacht na rialach atá an bhéim leagtha. Don chéad uair, beidh sé de chead ag ballstát amháin ball eile a tharraingt os comhair cúirte mura gcloítear leis na rialacha. Aithnítear go bhfuil an neamhaird a rinneadh ar rialacha Maastricht ar na cúiseanna atá leis an ghéarchéim fiacha.

Cur i gCoinne Contráilte

Tá Sinn Féin agus Vincent Browne mícheart ar fad nuair a mhaíonn siad go gcuirfidh an conradh leis an éagothroime sa tír. Ní chuireann na rialacha nua aon srian ar mhéid iomlán na cánach a bhaileodh rialtas ar leith nó ar mhéid an chaiteachais a dhéanfaidís. Tá – agus beidh – cead ag gach rialtas a ioncam féin a dháileadh nó a athdháileadh mar is mian leo. Ní chuirfear in aghaidh na Sualainne, cuirim i gcás, de thoradh a chórais chuimsithigh leasa shóisialaigh. An t-aon srian atá ann, is é nach rachaidh tír ar bith thar a acmhainn. Is é sin, nach rachaidh siad rómhór i bhfiacha.

Maíonn Richard Boyd Barrett, TD., go gcuirfeadh an conradh bac ar an rialtas infheistíocht a dhéanamh agus poist a chruthú. Ceadaíonn an conradh don rialtas, áfach, maoiniú a fháil ar iasacht le linn cúlaithe. Baineann na srianta sa chonradh leis an dearcadh fadtéarmach, nó leis an easnamh ‘chomhdhéanaimh’. Ní hamháin sin, ach dá mbeadh an conradh i bhfeidhm ba mhó an teagmhas a bheadh ag an rialtas airgead a fháil ar iasacht in uair na géarchéime ar phraghas measartha mar bheadh sé éigeantach na cuntais a chothromú le linn borrtha nó tréimhse nuair a bheadh rudaí ag gabháil go maith.

Iasacht a Fháil Amach Anseo

Ní chuirfidh an conradh aon bhrú sa bhreis ar an tír seo sna blianta beaga atá amach romhainn. Ní bhaineann na rialacha nua le haon tír atá páirteach i ‘gclár tarrthála’. Sna blianta atá amach romhainn, beimid dár dtarraingt féin amach as an pholl de réir a chéile. Níl aon chinnteacht ann, áfach, go mbeidh an tír in ann airgead a fháil ar iasacht ón mhargadh ar phraghas measartha nuair a bheas deireadh leis an chlár tharrthála atá againn faoi láthair. Sa chás sin, ní bheadh sé ceadaithe dúinn, de réir an chonartha, aon chabhair nua a fháil ón Aontas Eorpach gan an conradh a bheith glactha againn.

Iad siúd a chreideann gur chóir go mbeadh euro-bhannaí ann nó gur chóir go mbeadh comhordú fioscach de chineál éigin ann le go bhfeidhmeodh limistéar an euro ní b’fhearr, ba chóir dóibh vótáil ar son an chonartha. Níl aon chinnteacht ann go dtiocfaidh na hathruithe seo ach is cinnte nach dtiocfaidh siad gan na rialacha fioscacha atá leagtha amach sa chonradh.

Ní conradh de chuid an Aontais Eorpaigh é seo agus i ngeall air sin, ní gá go nglacfadh gach ballstát leis chun go gcuirfí i bhfeidhm é. Níl aon mhaith dúinn mar sin a bheith ag bagairt nach síneoimid é mura bhfaighimid é seo nó é siúd.

Beidh orainn comhoibriú go dian agus go glic lenár gcomhghleacaithe Eorpacha sna blianta atá amach romhainn i réimsí na talmhaíochta, an airgeadais, na trádála, na hiascaireachta, gan trácht ar na nótaí gealltanais. In áit leas na tíre a chosaint chuirfeadh diúltú don chonradh bac ar an obair thábhachtach sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.