COMHFHREAGRAS
Athmhúscailt na seanéagóra

A Chara,

Thaitin an t-alt liom a scríobh Daithí Ó Loideáin faoischool busingi mBostún (Beo!, Lúnasa 2001). Rugadh agus tógadh i mBostún agus bhí i mo chónaí anseo le linn don chonspóid sin a bheith ar siúl.

Is é mo bharúil go bhfuair na daoine i mBostún Theas níos den mhilleán mar a bhí tuillte acu. Sna Stáit Aontaithe íocann na bailte agus na cathracha costas na scoileanna as a gcáin mhaoine. Ciallaíonn sin gur féidir leat aistriú go baile eile (go dtí na bruachbhailte go háirithe), áit a bhfuil scoil níos fearr ar fáil do do chuid páistí. Go hiondúil, bíonn na scoileanna níos fearr sna fobhailte ach níl go leor airgid ag gach duine chun a theaghlach a bhogadh ansin.

Le linn na géarchéime i dtaobhbusingi mBostún bhí polaiteoirí agus breithiúna (an Breitheamh Garrity san áireamh) ag spreagadh daoine bochta a leanaí a chur ar bhusanna chun na scoileanna a iomlanú ó thaobh líon na ndaltaí de. Roimhe sin bhíodh de nós acu na leanaí a chur go dtí scoil ina gcomharsanacht.

déan dearmad, agus muid ag caint faoi iomlánú na scoileanna, go raibh na scoileanna a bhí i gceist taobh istigh den bhaile céanna. bhíodh mórán difríochtaí idir scoileanna i mBostún agus cinnte gur fhreastail clann daoine saibhre ar scoileanna príobháideacha ar scoileanna sna bruachbhailte. Bhí a lán fimíneachta ag baint leis na daoine a spreag iomlánú sna scoileanna i mBostún.

Breis is fiche bliain tar éis an chlampair is féidir liom a go bhfuil an chathair seo níos fearr i dtaca leis an gcaoi a bhfuilimid ag maireachtáil le chéile. Is fíor gur cathair ilchultúrach é Bostún anois, mar a deir Daithí. Ach is dóigh liom gur tháinig na hathruithe sin de bharr na streachailte chun cothrom na Féinne a bhaint amach. Chuir an chuid is do na hathruithe biseach ar an gcathair ach theip arbusingna scoileanna poiblí a fheabhsú.

Is mise,

Richard Ó hEigeartaigh Bostún, Na Stáit Aontaithe

Scríobh chugainn! Más mian leat tuairim a chur in iúl faoi ábhar na hirise faoi aon rud eile, scríobh chugainn ag litreacha@beo.ie. Mura mian leat go gcuirfí do theachtaireacht i gcló, cuir na focail cuirtear i gclóroimh an teachtaireacht, le do thoil.

Write to us! If you wish to express an opinion on the content of this magazine or on any other matter, write to us at litreacha@beo.ie. If you do not wish your message to be published, please ensure that it is preceded by the wordsNot for publication”.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.