THALL IS ABHUS
Athchuairt ar an Camino de Santiago
Áine Ní Ghallchóir Áine Ní Ghallchóir

Bhí Áine Ní Ghallchóir siúlach faoin Ibéir, ag déanamh a hanama ar oilithreacht. An té a bhíos siúlach, beidh sé scéalach agus tá a chruthú le feiceáil sa chuntas a sheol Áine chugainn. Ar lean as BEO Mhí Mheán Fómhair

Íomhá
Santiago de Compostela
Íomhá
Monjardin
Íomhá
Eaglais Santa Maria in Viana
Íomhá
Eaglais Santo Sepulcro i dTorres del Rio

Lá 4 - Dé hAoine : Ó Cizur Minor go dtí Ciraqui – 27.4cm

Bhí an buntáiste agam ar maidin lá arna mhárach go raibh an chathair fágtha i mo dhiaidh agam, bhí mé i mo shuí go luath fosta agus bhí mé ag siúl roimh bhánú an lae. Thóg mé sos ag Uterga agus d’ith mé bricfeasta ag Auberge Camino del Rendon. Bhí báisteach throm ann aréir agus bhí an bealach ina lábán arís agus é sleamhain go maith. Ar aghaidh liom go dtí Murzebel, Obanos agus Puerte de la Reine. Is sa bhaile álainn seo atá stad na coda seo den turas, ach gur mhothaigh mé go maith tar éis lón a ithe, agus in éis machnamh a dhéanamh ar an scéal, shocraigh mé leanacht ar aghaidh go Chiraqui. Baile beag slachtmhar meánaoiseach sna cnoic é Chiraqui.

Nuair a bhain mé an baile amach bhí sé a 6 a chlog, ach buíochas le Dia, bhí seomra le fáil in

auberge príobháideach Aterpea i Plaza San Roman. Ba Bhascaigh iad muintir an tí agus chuir siad fáilte romhainn. Dúirt bean a tí go mbeadh Aifreann san ardeaglais (a bhí díreach in aice láimhe) agus go mbeadh dinnéar le fáil díreach ina dhiaidh sa bhialann thíos staighre. Bhí mé sásta nuair a thug mé faoi deara go raibh aithne agam ar chuid mhaith den dream a bhí ag fanacht an oíche sin san auberge. Bhí bosca ceoil le hIodáileach as Florence darbh ainm Ronald. Bhí sé ag rothaíocht go Santiago de Compostela. Bhí ceol agus damhsa againn tar éis an dinnéir, rud a thóg cian den chuideachta.

Níor thuig mé an fhíorthábhacht atá leis an Camino go dtí an oíche sin, daoine as an Fhrainc, An Bheilg, an Ollainn, Ceanada, An tSualainn, an Iodáil, An Spáinn agus as Éirinn agus muid uile aontaithe ag cairdeas an turais seo. Bhí draíocht ag baint leis an oíche úd. Bhuail an clog san ardeaglais trasna na cearnóige gach ceathrú uaire as sin go maidin. B’fhéidir go raibh sé sin ag meabhrú dúinn gur ar oilithreacht a bhí muid!

Lá 5 – Dé Sathairn: ó Ciraqui go dtí Villa Mayor de Monjardin – 21.6cm

Gheall muid do bhean an tí aréir go mbeadh an t-iomlán dearg againn imithe as an teach ag

8.30 ar maidin agus bhí muid uile ach amháin an tIodálach. Nuair a d’éirigh seisean ar maidin bhí poll i mbonn a rothair. Bhí trua agam don chréatúr ach dúirt fear an tí go dtabharfadh sé cuidiú dó. D’imigh muid linn ag siúl trí fhíonghort, crainn almóinne agus trí pháirceanna lán de phiobair dhearga. Thrasnaigh mé abhainn an Iranzu agus ar aghaidh go Estrella. Ghlac mé sos ansin agus ar aghaidh liom go dtí Irache áit a bhfuil tobar fíona. Tá monarcha mhór fíona anseo agus tá clú agus cáil ar fhíon Irache atá i gceantar Navarre. Tá mainistir mhór anseo fosta agus tá an taobh tíre iontach saibhir.

Ar aghaidh liom ansin go dtí Azqueta agus Mayor de Monjardin áit a bhfuil auberge a reáchtáil ag grúpa soiscéalaithe as an Ísiltír. Bhí an tráthnóna go deas agus chuir siad fáilte chroíúil romhainn. Nuair a bhí folctha ag gach duine agus ár gcuid éadaí nite, shuigh muid thart taobh amuigh ag caint agus ag roinnt scéalta an lae leo. Bhí siad uile ag obair go deonach agus chuir siad lóistín na hoíche, suipéar deas agus bricfeasta ar fáil dúinn ar sé euro déag an duine.

Lá 6 - Dé Domhnaigh: ó Villa Major de Monjardin go dtí Viana - 31.4cm

Bhí siúl an lae inniu go hálainn ar fad agus choinnigh mé orm gur bhain me Los Arcos amach. Shiúil mé liom thart ar ardeaglais ón 12ú aois le háirsí breátha agus fógra go mbeadh Aifreann do na hoilithrigh ann tráthnóna ag a 8 a chlog. Shuigh mé síos le mo lón a ithe ag geata reilige ar an bhealach amach as an bhaile mar bhí suíochán deas ann agus foscadh le fáil ón ghrian.

Bhí an scríbhinn seo a leanas ar gheata na reilige Yo Que fui lo que tu eres, tu seras lo que yo soi. Bhí fhios agam gurbh fhiú a fháil amach cén chiall a bhí leis an ráiteas agus fuair mé an t-eolas sin sula raibh an tráthnóna caite:

‘Tá tusa anois mar a bhí mise tráth agus beidh tú mar atá mé anois’.

Sin smaoineamh a thug ábhar machnaimh go leor dom an oíche sin. Ar aghaidh liom ó Los Arcos go Sansol agus ansin Torres del Rio. D’éirigh liom uisce deas fuar a fháil as meaisín díola ar thaobh an bhóthair. Chaith mé tamall ag breathnú ar thriúr ban ag cur piobar dearg, chillí dearga agus oinniún i bprócaí lena gcoinneáil i stóras. Máthair agus a beirt iníonacha, b’fhéidir, ag déanamh stórais don Gheimhreadh. Bhog mé liom as sin i mbrothall an lae ag tarraingt ar Viana. Baile galánta Viana ina bhfuil daonra de 3,500 duine agus tar éis siúl thar Eaglais Santa Maria ón 13ú aois agus an príomhchearnóg Plaza de los Fueras, áit a bhfuil Halla na Cathrach, foirgneamh galánta ar a bhfuil mionléiriúcháin snoite ar a aghaidh, bhain mé an teach lóistín amach.

Lá 7 - Dé Luain: ó Viana go dtí Logrono - 10 cm

D’fhág mé an baile trí Portal San Felices, áirse cloiche meánaoiseach, agus ar mo bhealach chonaic mé ballóga eaglais San Pedro, eaglais atá tréigthe le fada. Níl mórán deifre orm inniu. Tá mé sásta go bhfuil an sprioc a bhí romham ag tús an turais chorr a bheith bainte amach

agam – níl ach 10 ciliméadar le siúl inniu go Logrono! Ach, ar an taobh eile den scéal, níl fonn orm an Camino a fhágáil, turas a thug oiread sin sóláis dom le seachtain anuas. Ar aghaidh liom ag tarraingt ar Logrono agus is siúlóid ghalánta é seo. Tá sléibhte Cantabria taobh thiar díom agus Lagunas de Las Canas romham amach. Caithfidh siúlóirí an Camino a bheith ar a n-airdeall anseo le fanacht ar an bhealach cheart. Ardaíonn mo chroí nuair a fheicim fógra go bhfuil mé i gceantar Rioja anois. Cuireann Felisa fáilte roimh oilithrigh ar an teorainn mar a rinne a muintir roimpi agus is féidir stampa a fháil ar do phas anseo agus cupán caife a cheannacht. Anois ar aghaidh liom i dtreo Logrono. Trasna droichead an Ebro liom agus tá Ardeaglais Santa Maria de La Redonda agus a dá chlogás mhóra le feiceáil go hard os cionn an bhaile. Tá mé buíoch gur éirigh liom an turas seo a dhéanamh agus, le cuidiú Dé, tiocfaidh mé ar ais le píosa eile a shiúl an bhliain seo chugainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.