AR NA SAOLTA SEO
Athbhreithnú de dhíth ar struchtúr an Rialtóra Airgeadais
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Easnamh i gcultúr na ceannaireachta airgeadais a d’fhág san fhaopach sinn deir Ciarán Mac Aonghusa linn.

Íomhá
Banc na hÉireann

Léirigh an ghéarchéim airgeadais agus an meathlú eacnamaíochta gur theip orainn an múnla ceart a chur ar an chóras rialúcháin airgeadais sa tír seo. Ba é Charlie McCreevy a chruthaigh an Rialtóir Airgeadais nuair a bhí ina aire airgeadais sa bhliain 2002. Cuireadh an scéim nua ar bun ag tús na bliana 2003. Bhí riocht na scéime ina chnámh spairne ag an am, agus is cosúil anois go raibh an ceart acu siúd a chuir in aghaidh an leagain amach a mhol agus a chruthaigh McCreevy. Nuair a bhí riocht an Rialtóra á phlé ag deireadh na nóchaidí, cuireadh grúpa ar bun chun moltaí a chur faoi bhráid an Aire. Bhí Michael McDowell i gceannas ar an ghrúpa sin. D’eisíodar tuairisc in ar mhol siad don Aire rialtóir a bhunadh a bheadh neamhspleách ar an Bhanc Cheannais. Bhí an Banc Ceannais rócheangailte sna bainc agus bhí neamhéifeachtach nuair a bhí na bainc faoina chúram ó na seachtóidí i leith. Dar le Grúpa McDowell, níos tábhachtaí i dtír bheag go mbeadh deighilt ghlan idir na bainc agus an rialtóir. Thacaigh Mary Harney leis an mholadh sin. Ach bhí McCreevy ag iarraidh an dualgas a fhágáil ar an Bhanc Cheannais, ach amháin go mbeadh rialacha nua agus struchtúr nua i gceist. Sa deireadh tháinig siad ar chomhréiteach agus chuir siad rialtóir airgeadais ar bun a bhfuil a phríomhfheidhmeannach féin air, ach atá ina chuid den Bhanc Cheannais. An mhí seo caite, shéan ceannaire an Rialtóra Airgeadais, Patrick Neary, nach raibh an Rialtóir sách dian ar na bainc. Dúirt freisin go raibh bainc na tíre seo caipitlithe go maith agus gur tháinig an ghéarchéim aniar aduaidh ar gach tír. Is cinnte gur bhuail anfa mór an córas airgeadais, ach bhuail gan choinne, mhaithfidh sin dúinn as an neamhaird a dhéanamh den pholl a bhí sa díon. D’admhaigh an Rialtóir anuraidh gur choinne foirgníocht tráchtála a bhí 87% d’iasachtaí na bliana sin. Is beag duine nár thuig go raibh foirgníocht tráchtála i dtrioblóid faoin am sin, ach bac maolú níor chuir an rialtóir ar na hiasachtaí mire seo. Cheistigh an Comhchoiste um Ghnóthaí Rialála Geilleagair an Rialtóir, Patrick Neary i Dheireadh Fómhair na bliana seo. Cuireadh ina leith gur theip ar an rialtóir an maoirsiú ceart a dhéanamh ar na bainc agus go raibh caidreamh ródhlúth ag an rialtóir agus na bainc lena chéile. Níor ghlac leis an argóint sin. Dúradh leis freisin gur admhaigh painéal na dtomhaltóirí (roinn neamhspleách in oifig an rialtóra féin) nach raibh an rialtóir sách dian ar na bainc. “Aon uair a bhíonn comhlint idir an rialtóir agus banc mór, géilleann an rialtóirarsa ball den phainéal chéanna. Bhí an Seanadóir Shane Ross an-dian ar Neary agus chuir ina leith nár ghearr an rialtóir aon fhíneáil ar na bainc as na rialacha a shárú fad is a ghearr an Rialtóír i Sasana na milliúin punt ar na bainc thall. “ teipthe ar an rialtóira dúirt Rossagus ceapaim gur chóir duitse éirí as mar cheannaire”.

Ach is beag an baol go n-éireoidh as. An fhadhb is atá sa tír seo go bhfuil an fhreagracht in easnamh inár gcultúr ceannaireachta.Is mór an iaróin anois é go bhfuil Charlie McCreevy freagrach as córas nua rialacháin a cheapadh don Eoraip ar fad. McCreevy ina Choimisinéir ar an Mhargadh Inmheánach agus ó bhris an tonn thar an chóras airgeadais an-bhrú air rialacha nua a chumadh don mhargadh Eorpach. B’fhéidir gur chóir a chuid focal féin a bhreathnú arís. Seo an méid a dúirt níos bliain ó shin: “ fios chomh héifeachtach is atá an córas rialúcháin go dtí go mbuaileann an stoirm é”. Más ea, is cinnte go ndeachaigh féin amú mar Aire Airgeadais nuair a chruthaigh Rialtóir atá faoi choimirce an Bhainc Cheannais.Ach cosúil le gach ceannaire sa ghéarchéim seo, admhaíonn go raibh aon locht air féin. Bhuail leis sa Bhruiséil an mhí seo caite. Chuir ceist air faoin chóras rialacháin a bhunaigh sa tír seo, ach shéan go raibh aon locht ar an chóras féin. “ an t-uafás rialúchán ann cheana féin a bhaineann leis na bainc, an cheist is tábhachtaí iad a chur i bhfeidhm i gceartar seisean. “Ar aon chaoia dúirt , “níor thuar éinne go mbeadh briseadh ann faoi mar a tharla, fíoréasca agus muid ag breathnú siar”. Níor admhaigh go raibh daoine go leor ag fógairt go mbeadh ina thubaiste mura gcuirfí stop leis na nósanna a bhí ar siúl ag na bainc.Labhair le hiriseoir airgeadais sa Bhrúiséil a dúirt go mbreathnaíonn boic mhóra Londáin ar McCreevy mar dhuine acu féin. Sular phléasc an ghéarchéim, de réir an iriseora sin, bhíCathair Londáinag ceapadh go mbeadh siad slán ón iomarca rialúcháin fad is a bheadh McCreevy sa Bhrúiséil. Ar ndóigh, athrú iomlán ar an scéal anois agus anmargadh’ ag féachaint go géar ar McCreevy agus ar a chomhleacaithe sa choimisiún, féacháil an mbeidh ceannairí móra na hEorpa in ann an córas a dheisiú. Agus é á cheistiú ag an Chomhchoiste um Ghnóthaí Rialála Geilleagair, is cosúil gur éirigh le Patrick Neary an Rialtóir a chosaint, go ceann tamaill ar aon nós. Dúirt gur athraigh an Rialtóir na rialacha caipitil a bhaineann le morgáistí de 100% sa bhliain 2007. Ach bhí port na foirgníochta beagnach seinnte faoin am sin. Beidh an Rialtóir freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an scéim tharrthála a d’fhógair an rialtas an mhí seo caite agus ba mhaith leis an Uasal Neary cur ina luí ar an phobal go mbeadh an Rialtóir cumasach agus é ag tabhairt faoin obair sin. Dúirt , “Beimid ag earcú fiche maoirseoir sinsearach a bhfuil táithí baincéireachta acu, agus beidh siad á lonnú sna bainc féin chun súil a choinneáil ar an scéal seo”. De réir Michael Casey áfach, iar-oifigeach an Bhainc Cheannais agus atá ina chomhalta ar bhord an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, athruithe níos bunúsaí de dhíth. “Caithfear deireadh ar fad a chur leis an chaidreamh chompórdach idir an Rialtóir agus na Bainc sa tír seoa deir . Ach scéal an rialaitheora báite cheana féin ag an chonspóid a tharraing an cháinfháisnéis ar an rialtas, agus is beag seans anois go ndéanfar athbhreithnú ar struchtúr an Rialtóra.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.