AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Athair, mac agus an mob Éireannach
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Cé gur drongadóir a bhí ina athair, tá Joe McBratney an-bhródúil as, mar a mhínigh sé do Tom Deignan.

Íomhá

Tá Joe McBratney tar éis bheith ag féachaint ar an triail is déanaí de chuid an *Mafia *i Nua-Eabhrac ar dhóigh nach dtuigfeadh mórán daoine eile.

Don chuid is mó againn, níl i dtriail John Gotti Jr. – mac an “teflon Don” John Gotti, nach maireann – ach scéal eile tablóideach. Ach i gcás McBratney, spreagann aon tagairt do mhuintir Gotti tromluí ina intinn.

Mar ba é John Gotti a mharaigh athair McBratney, Jimmy, breis is tríocha bliain ó shin. Chaith Gotti sé bliana sa phríosún as Jimmy McBratney a mharú, ach deir roinnt daoine gur mharaigh sé é chun a cháil mar choirpeach a chothú, agus gur seo an dúnmharú a chuir tús le blianta de dhoirteadh fola a chinntigh sa deireadh gur bhain sé ceannasaíocht amach sa domhan faoi choim.

Goillfidh sé orm i gcónaí mar gheall ar an stair atá taobh thiar den rud go léir,” a dúirt Joe McBratney, nuair a fiafraíodh de ar chuir sé isteach air bheith ag breathnú ar thriail eile de chuid mhuintir Gotti, atá go mór i mbéal an phobail. “Bhí m’athair ag déanamh na nithe a bhí á ndéanamh aige, ach bhí a Dhia féin aige, a thabharfadh breithiúnas air sa deireadh, le bheith buartha faoi.”

Leoga, bheadh McBratney ar dhuine de na chéad daoine a d’admhódh nach scéal simplí a bhí i gceist, ina raibh ciontacht agus neamhchiontacht. Tar éis an tsaoil, mar a dúirt a mhac, ba “freelance Irish guy” é Jimmy McBratney, a raibh sé amuigh air go raibh sé tugtha don choireacht.

Déanta na fírinne, bhí téarma príosúnachta curtha isteach ag Jimmy as róbáil nuair a chuir sé féin agus drong beag coirpeach neamhspleách Gael-Mheiricéanach agus Iodálach plean le chéile a bhí an-bhrabúsach ach thar a bheith dainséarach. An plean a bhí acu ná drongadóirí éagsúla a fhuadach agus na mílte dollar d’airgead fuascailte a éileamh. D’éirigh leo é seo a chur i gcrích cúpla babhta; sciob siad an coirpeach ón tsráid gan choinne, chuir siad dallóg air, ghlaoigh siad ar na daoine cuí agus d’fhan siad leo leis an airgead a chur in áit shábháilte.

Bhíodh an beart déanta, ní bhíodh a fhios ag na híospartaigh cé a d’fhuadaigh iad agus bhíodh carn mór airgid faighte ag McBratney agus a chomhpháirtithe.

“Snatching mafiosi or Mafia-connected criminals...had become a cottage-industry for a certain type of Irish gangster,” a deir T.J. English ina leabhar faoi stair dhomhan faoin choim na nGael-Mheiriceánach, Paddy Whacked.

Ach ansin, rinne McBratney, a bhíodh ag feidhmiú ina bhuirg dúchais, Staten Island, den chuid is mó, caimiléir iasachtaí a raibh ceangal aige le muintir Gambino a fhuadach. Bhíothas tar éis roinnt daoine a raibh baint acu leis an teaghlach áirithe seo a fhuadach cheana féin. Nuair a maraíodh duine eile de chuid mhuintir Gambino tar éis a fhuadaithe, cuireadh hit amach ar McBratney.

Fear teaghlaigh

Bhí Joe McBratney deich mbliana d’aois nuair a maraíodh a athair.

In ainneoin a chuid lochtanna go léir, deir Joe go raibh iomrá ar a athair mar fhear teaghlaigh “a thabharfadh an dollar deireanach ina phóca duit. Is é m’athair go fóill é. Níor chuir na rudaí a tharla isteach ar mo ghrá dó mar athair,” arsa Joe, ar úinéir bialainne é anois atá ag cur faoi ar Staten Island chomh maith.

D’fhéadfaí a rá go bhfuil cuimhne a athair ag tiomáint an mhic go fóill. Le cois a chuid oibre mar fhear gnó, tá sé ag cur le chéile clár faisnéise don teilifís mar gheall ar an choireacht eagraithe Éireannach, clár ina ndíreofar ar an dream mícháiliúil sin, na Westies, i Hell’s Kitchen, ach a dhéanfaidh iniúchadh fosta ar iarmhairtí na drongadóireachta i measc na nÉireannach i Meiriceá ar fad.

Tá sé ag súil go gcuirfidh an clár faisnéise seo an leagan ceart de scéal na ndrongadóirí ar fáil, scéal nach bhfuil le fáil i scannáin agus i leabhair faoin ábhar.

“Is é an chúis go meallann saol na drongadóireachta aos óg an lae inniu ná go ndéantar é a ghlórú,” a dúirt McBratney.

Deir sé go bhféadfadh sé féin “dul ceachtar den dá bhealach” agus é ag éirí aníos.

“Bhí tionchar ag an airgead gasta orm,” a deir sé, “ag na mná agus an saol corraitheach. Bhí daoine ag cur geall nach mairfinn go mbeinn bliain is fiche. Ach chas mé an bealach eile. Teastaíonn uaim fáil amach cad é an cineál saoil a bhí ag daoine eile a raibh baill dá dteaghlach bainteach le coireacht eagraithe, cad é a tharla dóibh.”

Tá an paisean atá ag McBratney d’oidhreacht a athar á thabhairt céim níos faide aige i dtionscadal eile a bhfuil baint aige leis. Tá McBratney tar éis bualadh leis an aisteoir cáiliúil Matt Dillon, atá ag forbairt scannáin faoi Ed Maloney, Gael-Mheiriceánach eile agus comhpháirtí de chuid McBratney.

Teastaíonn ó McBratney, an mac, bheith i ról McBratney, an t-athair, ar an scáileán mhór.

“Bhraith mé i gcónaí gur seo an rud a bhí fágtha ag m’athair agam, gur mise eisean,” a deir sé agus tocht air.

Deir sé go bhfuil sé in éad le haithreacha agus mic a raibh deis acu scileanna, caitheamh aimsire agus paisin eile a roinnt. Má éiríonn leis bheith i ról an athar, b’fhéidir go gcuideodh sé leis “closure” a bhaint amach agus “ómós”, fiú, a chur ar fáil dá athair, a deir McBratney.

Tá McBratney ag lorg scéalta faoi theaghlaigh Éireannacha agus an *mob *Éireannach. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis ag: joemcbratney@aol.com

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish *Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), in 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.