AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Ard-Ghobharnóir mná ceaptha san Astráil
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Cé gur bhain muintir na hAstráile neamhspleáchas amach sa bhliain 1901, tá eachtrannach ina ceann stáit go fóill. Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.

Íomhá
Íomhá
Gough Whitam: briseadh as a phost mar phríomh-aire na hAstráile é sa bhliain 1975
Íomhá
Pléigh Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, ceapachán an ard-ghobharnóra le Banríon na Ríochta Aontaithe
Íomhá
Tá ardmheas ag muintir na hAstráile ar Quentin Bryce

Is monarcacht bhunreachtúil í an Astráil arb é monarc na Ríochta Aontaithe a ceann stáit. Bhain an Astráil neamhspleáchas amach ag tús na haoise seo caite agus ó shin i leith déantar ard-ghobharnóir a cheapadh a fheidhmíonn mar ionadaí bhanríon nó rí na Ríochta Aontaithe. Comhlíonann ard-ghobharnóir na hAstráile dualgais an cheannaire stáit ar bhonn laethúil.

De réir bhunreacht na tíre, is faoi mhonarc na Ríochta Aontaithe é ard-ghobharnóir na hAstráile a cheapadh, ach glacann sé nó sí le comhairle phríomh-aire na hAstráile i dtólamh agus an t-ionadaí á roghnú.foráil ar leith leagtha síos maidir leis an téarma oifige – bíonn fad an téarma “at her majesty’s pleasure”, mar a deirtear sa Bhéarla – ach de ghnáth tréimhse cúig bliana a bhíonn i gceist.

cumhachtaí an ard-ghobharnóra leagtha amach sa bhunreacht. Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile. Dála mhonarc na Ríochta Aontaithe, lorgaíonn sé comhairle an rialtais agus a chuid dualgas á gcomhlíonadh aige agus ní ghlacann sé páirt i gcúrsaí polaitiúla.

Cumachtaí forchoiméadtaChomh maith leis sin, tá cumhachtaí sa bhreis aige ar a dtugtar cumhachtaí forchoiméadta. Tugann na cumhachtaí seo rogha dó, faoi imthosca ar leith, gan glacadh le comhairle an rialtais. Mar shampla, tá cead aige an príomh-aire a bhriseadh as a phost má fheictear dó go bhfuil muinín na parlaiminte caillte ann.

Shíl beagnach gach duine nach n-úsáidfeadh aon ard-ghobharnóir an chumhacht seo riamh. Ach sa bhliain 1975 bhí géarchéim bhunreachtúil san Astráil de bharr gur dhiúltaigh an seanad glacadh leis an gcáinaisnéis a chuir an rialtas faoina bhráid an bhliain áirithe sin.

Bhí Sir John Kerr ina ard-ghobharnóir i rith na tréimhse sin agus bhris sé Gough Whitlam, a bhí ina phríomh-aire ag an am, as a phost leis an ngéarchéim a réiteach. Cheap Kerr ceannaire an fhreasúra mar phríomh-aire sealadach ar an gcoinníoll go ngairfí olltoghcháin láithreach le seanad agus parlaimint nua a thoghadh.

Bhain an freasúra ollbhua amach sna holltoghcháin sin, agus dá bhrí sin, mhaígh Kerr gur aontaigh vótálaithe na hAstráile lena chinneadh. Ach tá go leor daoine sa tír fós den tuairim go ndearna sé feall ar rialtas Whitlam.

Roimh an ngéarchéim bhunreachtúil thuasluaite, ghlac muintir na hAstráile leis gur ról searmóineach amháin é ról an ard-ghobharnóra. Ach ó bhí 1975 ann, tuigeann daoine gur ról tábhachtach é agus tuigeann siad chomh maith gur gá duine cuí, oiriúnach a cheapadh leis an bpost is sinsearaí sa tír a chur i gcrích.

Le linn mhí an Aibreáin, thug Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, a chéad chuairt ar an mBreatain ó toghadh é ag deireadh na bliana seo caite. Mar is iondúil agus príomh-airí na hAstráile ar cuairt sa Bhreatain, reáchtáladh cruinniú oifigiúil idir Rudd agus an bhanríon. Bhíothas den tuairim abhus gur bhuail sé léi as cúirtéis amháin.

Chomh luath agus a d’fhill sé ar an Astráil, áfach, tháinig sé chun solais gur pléadh gnó tábhachtach le linn an chruinnithe sin mar gur fhógair Rudd ainm an duine a thiocfaidh i gcomharbacht ar an ard-ghobharnóir reatha, Michael Jeffery. Quentin Bryce is ainm don chomharba agus den chéad uair i stair na tíre, beidh ard-ghobharnóir mná san Astráil.

ÍoróinTá sé íorónta nár ceapadh bean ar bith mar ard-ghobharnóir roimhe seo nuair a chuirtear san áireamh go raibh an Bhanríon Victoria ina ceann stáit nuair a bunaíodh an Astráil sa bhliain 1901 agus go bhfuil Éilís II i ndiaidh a bheith i réim le 56 bliain anuas.

Tagann conspóid chun cinn go minic agus rudaí suntasacha mar seo ar siúl – go háirithe más é an eachtra atá i gceist ná go bhfuil post tábhachtach tugtha do bhean den chéad uair. Bítear ag maíomh go rialta agus a leithéid ag titim amach go bhfuil comharthacht ar siúl agus go bhfuil an post faighte ag pé bean atá i gceist mar gheall ar a hinscne, seachas ar a cumas.

An iarraidh seo, ámh, de réir gach cosúlachta, tá muintir na hAstráile den tuairim go bhfuil an post tuillte ag Bryce. Mar a léiríonn na heagarfhocail agus na litreacha a foilsíodh fúithi i nuachtáin na tíre – mar aon leis na tuairimí a nochtadh faoin gceapachán ar an raidió – tá sé ríléir go bhfuiltear den tuairim go forleathan go bhfuil an rogha cheart déanta ag an bpríomh-aire.

Tá go leor daoine ag cur ceiste cén fáth nach raibh ard-ghobharnóir mná san Astráil i bhfad roimhe seo, ach is fearr go mall ná go brách.

Rugadh agus tógadh Bryce in Ilfracombe, baile an-bheag tuaithe in Queensland. Tá sí cúig bliana is trí scór d’aois agus tá cúigear clainne agus cúigear garpháistí aici.

In ainneoin gur rugadh clann mhór di, tá sí i ndiaidh saol an-rathúil proifisiúnta a bheith aici chomh maith. Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná sa tír a ceapadh ina habhcóide, agus bhain sí postanna sinsearacha amach sa réimse acadúil agus sna státseirbhísí stáit agus náisiúnta.

Taithí chuíLe cúig bliana anuas, tá sí ag feidhmiú mar ghobharnóir in Queensland, agus de réir dealraimh measann rialtas agus muintir an stáit sin araon go bhfuil sárobair déanta aici sa ról. Tá a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.

Agus í ag labhairt ag an bpreasagallamh a reáchtáladh i ndiaidh fhógairt an cheapachán, dúirt Bryce gur léirigh an méid a bhí bainte amach aici gur féidir le haon bhean san Astráil a cuid uaillmhianta a chomhlíonadh. Dúirt sí freisin gur údar áthais di mná a bheith ag obair i bpostanna éagsúla sinsearacha fud fad na tíre.

Ag an bpreasagallamh céanna, dúirt an Príomh-Aire Rudd go mbeidh ar chumas Bryce meanma nua chomhaimseartha na hAstráile a chothú agus a thabhairt ar aghaidh. Dúirt sé freisin go dtabharfaidh sí guth do dhreamanna éagsúla – do mhuintir na tuaithe, cuir i gcás, agus dóibh siúd atá ag éileamh comhionannais ar son na mban agus ar son na mBundúchasach.

Cé go bhfuil an-áthas ar mhuintir na hAstráile go bhfuil bean ceaptha mar ard-ghobharnóir den chéad uair, tá go leor daoine ag súil go mór go mbeidh Bryce ar an ard-ghobharnóir deireanach sa tír. Tá siad ag tnúth leis an lá a bheidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil ina cheann stáit, seachas eachtrannach ríoga a bhfuil cónaí air nó uirthi ar an taobh eile den domhan.

As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann. Ba mhúinteoir Béarla é i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste ar feadh sé bliana sular thug sé féin, a bhean chéile agus a bheirt iníonacha aghaidh ar an Astráil. Lean sé ar aghaidh ag múineadh i gcathair Canberra go dtí go ndeachaigh sé ar scor i 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.