CÚINNE NA nEALAÍON
Arbh fhearr leat bábóg bean?!
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Is ait an mac an saol, rud a fhíoraíonn lucht ceannaithe Real Dolls go paiteanta. Tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar na fir arbh fhearr leo caidreamh a bheith acu le bábóg le fíorbhean.

Íomhá
Davecat agus a Real Doll Sidore

Tagann an ráiteasthere’s nowt as queer as folkchun cuimhne agus ag meabhrú ar an scannán *Lars and the Real Girl, *a bhí le feiceáil i bpictiúrlanna le gairid.

Sa scannán seo insítear scéal fir óig, Lars (Ryan Gosling), a bhfuil cónaí air i mbaile beag. Is duine é Lars a mbíonn faitíos uafásach air agus é i gcomhluadarcomhluadar ban ach go háiritheagus mar gheall air seo, seachnaíonn gach saghas caidrimh. Labhraíonn comhghleacaí chuid leis amháin faoi mhainicíní sileacóin, ar a dtugtar Real Dolls, atá múnlaithe i bhfíorchruth mná. I ngan fhios d’aon duine, ordaíonn Lars ceann de na bábóga ar an idirlíon.

Nuair a chuireann Lars a pháirtí nuaBiancain aithne dheartháir agus dheirfiúr chéile agus iad ag ithe dinnéir i dteach s’acusan, síleann siad go bhfuil ag dul as a mheabhair go dtí go míníonn comhairleoir dóibh go bhfuil Lars ag déanamh iarrachta a chuid fadhbanna síceolaíocha a réiteach agus go bhfuil Bianca, a leannán sileacóin, ag cuidiú leis. Deir leo go dtiocfaidh chuige féin i ndeireadh báire fhágann siad ar a chonlán féin é.

Cuirtear muintir na háite ar an eolas faoi chaidreamh Lars agus Bianca agus i ndiaidh dóibh an scéal a phlé déanann siad cinneadh go dtacóidh siad leis.

Éiríonn daoine chomh cleachta sin le Bianca a fheiceáil ar fud na háite go dtosaíonn siad ag caitheamh léi mar fhíorbheancastarchairdeuirthi agus faigheann tairiscintí poist chomh maith le háit ar bhord bainistíochta na scoile áitiúla.

Is mar gheall ar Bianca a éiríonn Lars lách le daoine agus a thosaíonn ag dul i ngleic lena chuid deacrachtaí. Dar ndóigh, cosúil le gach scannán maith, déanann Lars a chuid deacrachtaí a shárú sa deireadhgo díreach mar a dúirt a chomhairleoir go sáródhagus bíonn gliondar ar chroí an lucht féachana. Ach cad é mar a bheadh dtarlódh a leithéid, i ndáiríre?

Davecat fíor go n-eascraíonn go leor scannán as eachtraí a tharla i saol fíordhaoine. Is díol spéise é, mar sin, go bhfuil fir ann, i ndáiríre, atá díreach cosúil le Larsis é sin, siad níos ar a suaimhneas i gcaidreamh lemnáar nós Bianca, agus go mbaineann na caidrimh seo le gnéas amháin. Is amhlaidh atá i gcás Davecat, ar teicneoir saotharlainne é ó Detroit i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Sidore chomh fíor le bean ar bith domsa,” a deir faoina Real Doll agus é ag amharc go cionmhar ar mhainicín na gruaige duibhe atá ina suí in aice leis. “ cinnte go síleann daoine go bhfuil ar mire, ach mothaím normálta. Mar lánúin, muid féin agus mo bhean atá déanta as sileacóini gcaidreamh atá níos sona agus níos sláintiúla go leor de na lánúnacha a bhfuil aithne agam orthu.”

D’íoc Davecat níos na £4,000 leis an chomhlacht Real Doll (www.realdoll.com) le Sidore, ar bhábóg shaincheaptha í, a fháil. Chuir fear darb ainm Matt McMullen an comhlacht ar bun i Meiriceá deich mbliana ó shin. Cruthaíonn na mainicíní seo le freastal ar mhargadh a chreideann a bheith ag éirí níos . Is fir shingile den chuid is iad a chuid custaiméirí, atá idir fiche bliain d’aois agus aois an phinsin, agus leath acu ag obair mar innealtóirí i dtionscal theicneolaíocht na faisnéise.

Is ar chúiseanna éagsúla a thiontaíonn fir ar mhainicíní le comhluadar a bheith acu, ach dar leis an síceolaí cliniciúil, Ron Bracey, níl aon cheann acu sláintiúil.

Níl siad ag iarraidh go ndiúltódh mná dóibh, agus bhrí sin bíonn fonn orthu smacht a bheith acu ar gach rudó dhearadh fisiciúil na mbábóg go dtí ansaol’ atá i ndán bpáirtí’. Is mian leo smacht iomlán a bheith acu, de ghnáth, de bhrí gur tharla drocheispéireas dóibh ina saol roimhe seo a raibh baint aige le cúrsaí gnéis agus fágadh iad náirithe bharr.”

Cad é atá i ndán do na fir seo mar sin? An éireoidh leo caidreamh le fíorbhean a bheith acu riamh, an fearr leo a bheith le bean a bhfantaisíocht, cosúil lenar tharla do Andrew McCarthy sa scannán sin de chuid na n-ochtóidí Mannequin? Níl an chosúlacht ar an scéal go dteastóidh fíorbhean ó Davecat riamh. Deir go dtugann Sidore grá, tacaíocht, agus féinmhuinín agus mar chúiteamh, go dtugann seisean grá dise díreach mar atá . ghlactar leis gurb é an phríomhfheidhm a bhaineann le healaín súile daoine a oscailt agus muid a chur ag smaoineamh ar an saol ar bhealach spreagúil nua, b’fhéidir gur chóir go n-áireofaí na saothair aisteacha seo mar shaothair ealaíne chomh maith. Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.