CÚINNE NA nEALAÍON
Ar an mBóthar le Jack
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Tá Mícheál Ó hAodha ag súil go mór le scannán atá bunaithe ar úrscéal Jack Kerouac On the Road a fheiceáil ar an scáileán go luath.

Íomhá
Kerouac 1956
(le Tom Palumbo ar Vicipéid)
Íomhá
An t-aisteoir Kristen Stewart
(le Gerald Geronimo ar Flickr.com)
Íomhá
Ken Kesey
(le Miami Dade College ar Vicipéid)
Íomhá
An t-aisteoir Sam Riley
(le Lukeford.net ar Vicipéid)

Thóg sé tamall orthu – ar seachrán ar feadh tamaill fhada a bhí sé – ach is cosúil go bhfuil úrscéal cáiliúil Jack Kerouac On the Road le bheith ar an scáileán mór go luath. Cheannaigh an léiritheoir scannáin clúiteach Francis Ford Coppola na cearta don leabhar seo i 1979 agus tá sé ag tnúth go mór leis an lá a mbeidh an scannán le feiceáil sna pictiúrlanna.

Is cosúil gurb é stiúrthóir The Motorcycle Diaries, Walter Salles, atá mar stiúrthóir ar an scannán nua agus gurb iad Sam Riley agus Kristen Stewart na príomhaisteoirí ann. Spéisiúil go maith is é Jose Rivera a chomhoibrigh le Salles ar na Diaries, scannán a d’inis scéal an réabhlóidí Ernesto Che Guevara – fear a raibh fuil Ghaelach ann ar ndóigh – go háirithe an tslí inar músclaíodh fealsúnacht réabhlóideach Che agus é ar turas fada gluaisrothair trí Mheiriceá Theas sna caogaidí.

Maidir le Kerouac, maítear gurb iad a chuid scéalta agus dánta siúd a chuir dlús faoin réabhlóid fhrithchultúir a tharla ar fud an domhain sna seascaidí agus i Meiriceá ach go háirithe. Ba liosta le háireamh iad na healaíontóirí agus na filí Beat a luann Kerouac mar inspreagadh, Hunter S. Thompson, Ken Kesey, Tom Waits agus Bob Dylan ina measc. É sin ráite, agus b’fhéidir gur deacair é a chreidbheáil, ach tá mórán daoine óga ann inniu nár chuala trácht riamh ar Kerouac ná ar a chomhghleacaithe, Neal Cassady agus eile. An é an meath ar an scríobh agus ar an léitheoireacht a tháinig le himpireacht an idirlín is cionsiocair leis seo? Nó an é nach bhfuil an méid spéise céanna i gcúrsaí staire sa lá atá inniu ann agus a bhíodh achar gairid ó shin? An bhfuil an ghlúin nua atá ag teacht i dtreis anois níos dírithe ar an am i láthair ná ar oidhreacht choiteann an duine?

Glúin Úr agus Gluaiseacht Úr

Más mar sin é, bheadh cosúlachtaí móra idir ghluin óg an lae inniu agus glúin Kerouac. Tháinig na scríbhneoirí Beat chun cinn mar chuid den ghlúin Mheiriceánach sin a raibh súil acu le ré nua spreagúil agus spraíúil tar éis ghruaim an Dara Cogadh Domhanda. Ba dhlúthchuid den ghluaiseacht nua seo an turgnamh pearsanta, agus bhíodar ar a ndícheall ag iarraidh triail a bhaint as pé ar bith rud a bhí úrnua, fuinniúil agus a gheallfadh deis taithí saoil as an ngnách a bhlaiseadh. Bhain mórán den turgnamh sin le húsáid drugaí agus le cúrsaí gnéis; bhí tóir freisin ar léargais spioradálta an Oirthir agus conas droim láimhe a thabhairt don tsaint agus don ábharachas a chruthaigh cuid mhór fadbhanna, na cogaí móra domhanda ina measc. Filí INNTI, bhí cuid den fhuinneamh sin iontu, fonn orthu éalú ón meon gallda Victeoiriach a mhair rófhada in Éirinn agus a bhí á dtachtadh.

D’fhéadfá a rá go raibh idéalachas as an ngnách ag baint leis an nglúin Beat agus iad ag bualadh an bhóthair dóibh féin. Dhiúltaigh siad don status quo. Bhíodar ag iarraidh na seanchleachtais a chaitheamh uathu agus bealach nua foirfe saoil a aimsiú. Sa tslí sin bhíodar ar aon dul le mórán daoine óga sa lá atá inniu ann.

Is éard atá i leabhar Kerouac On the Road go bunúsach ná úrscéal dírbheathaisnéiseach ina dtugann alter-ego an údair, an carachtar Sal Paradise, cur síos spraíúil fuinnúil dúinn ar na turais chraiceáilte trasna ilchríoch Mheiriceá a dhein sé féin agus a chairde. Tá sé bunaithe ar chairde agus ar chomhbhádóirí Kerouac féin. Is imram (.i. iomramh na linne seo) de shaghas é ina dtugtar cur síos ar na gníomhartha ríogacha a dhéantar agus na carachtair bhuile a mbuaileann siad leo ar an ród.

Is tábhachtaí go minic ar fad an t-imram inmheánach a léirítearsonraí an tsaoil sheachtraigh. Ba é Kerouac, ar de shliocht Francach-Cheanadach é – ba Cheilteach é i ndáiríre mar is sloinne Briotánach é Kerouac – eisean a dúirt:

The only people for me are the mad ones, the ones who are mad to live, mad to talk, mad to be saved, desirous of everything at the same time, the ones who never yawn or say a commonplace thing, but burn, burn, burn, like fabulous yellow Roman candles exploding like spiders across the stars, and in the middle, you see the blue center-light pop, and everybody goes ahh..."

Aos Óg an Éirí Amach

Ní hé seo an chéad iarracht ag Hollywood scéal Kerouac a chur ar an scáileán. Is cuimhin linn go léir an miotas a d’fhás timpeall aisteoirí óga nua ar nós Marlon Brando agus James Dean nuair a ghlacadar páirt na reibiliúnach i scannáin ar nos The Wild Ones sna caogadaí. Mar an gcéanna i gcás Elvis Presley a bhain cáil níos fairsinge amach trína chuid ról scannánaíochta i bhfad sular aithníodh mar amhránaí é.

Is cosúil go raibh spéis ag lucht airgid Hollywood scannán a dhéanamh bunaithe ar On the Road fiú nuair a foilsíodh an t-úrscéal i Meán Fómhair na bliana 1957. Bhí Warner Brothers sásta $ 110,000 dollar a thairiscint do Kerouac féin chun páirt mhór a ghlacadh sa scannán agus go mbeadh Marlon Brando mar chomhaisteoir aige; thit na pleananna sin as a chéile ar chúis éigin. Nuair a cailleadh Kerouac sa bhlian 1969, cheannaigh Coppola na cearta scannáin ach cuireadh an tionscadal ar an méar fhada arís. Go dtí anois.

Is aoibhinn leis an gcosmhuintir, is cuma cén tír atá i gceist, scéal an reibiliúnaigh a chuireann “i gcoinne an chórais”, an duine sin a bhfuil crógacht ar leith ag baint leis nó léi. Is dlúthchuid den “Aisling Mheiriceánach” é sin ar ndóigh: smaoinigh ar leithéidí Huckleberry Finn, The Grapes of Wrath, Thelma and Louise nó The Road bunaithe ar leabhar Cormac McCarthy. Tá saoirse agus nuaíocht as an ngnách ag baint le scéalta Kerouac agus tá na tréithe sin i measc na gcáilíochtaí is tarraingtí fúthu. Taitníonn daoine cróga linn, na daoine sin atá beagáinín craiceáilte agus atá ar nós cuma liom.

Tá meas againn orthu siúd a bhriseann na seanmhúnlaí agus a chíonn an domhan ar bhealach úr. Is géar atá siad uainn i láthair na huaire.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.