AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Ar a sháimhín
Balor Balor Balor

Bhí Balor ar saoire an mhí seo caite agus spin rud beag níos fearr air bharr.

Íomhá

Racht ar bith ar Bhalor an mhí seo. i ndiaidh sos sóúil samhraidh a ghlacadh i lios ar leith i lár tíre agus is suaisí go mór a shúil nimhe bharr. Ba mhaith le Balor na Búidhe a bhuíochas a chur in iúl chairde uilig a sheol cártaí poist chuige agus iad féin ar a laethanta saoire sa bhaile agus thar lear i rith an tsamhraidh. Idir mórtas agus mosán atá fear na súile nimhe faoi na cártaí céanna, áfach. Cinn bholscaireachta de chuidwww. Beo Ar Éigean’ amháin a fuair , cinn saor in aisce a fhágann Leamh Ó Cuinneagáin ar foluain san aer suaite ina dhiaidh gach áit a dtéann , gach aon cheann acu ar aon dearadh: portráid Bhaloir féin ar chlé agus léarscáil an domhain ar dheis, mar is cuí.

Taobh amuigh den dóiteacht atá air cionn is nár iarradh a chead a phictiúr a chur ar na cártaí, ciaptha gur seanphortráid chuid a bhfuil stáraithe an domhain ag gácáil air. “Glacadh an pictiúr sin sula ndeachaigh isteach le crochadh éadain a fháil,” a deir . “Is áille go mór sin anois . raibh crochadh de dhíth áit ar bith eile seachas ar mo ghnúisín aoibhinn. Dúirt na dochtúirí liom go raibh gach rud eile crochta i gceart,” a mhaíonn Balor na hUmhlaíochta Uirísle.

Agus é ar a sháimhín mar atá, ba mhaith le Balor a thacaíocht a thabhairt raibh le ag Máire Chlochráin, an tAire Stáit i Roinn na hÉalainge, Oighearaoise, Galltachta agus Oinniún, i dtaca le cúrsaí óil. Agus í ag caint le grúpa staonairí ar na mallaibh (ina dáilcheantar féin, dar ndóigh), cháin óltóirí na hÉireann go trom as an mhéid alcóil a chaitheann siad siar agus as an drochéifeacht a bhíonn ag an diúgaireacht seo orthu féin agus ar an tír i gcoitinne.

Sin duine atá ar aon intinn liom féin,” a mhaíonn Balor na Barrshamhla Báine. “ a fhios ag an saol mór, agus ag Máire Chlochráin níos fearr duine ar bith, nach cóir bheith ag ól agus ag tiomáint. Nár mhill ceann de na gúnaí liathchorcra áille sin (na cinn a chaitheann os comhair na gceamaraí i nDáil Éireann) nuair a dhoirt a pionta agus í ag casadh coirnéil? muid thar a bheith buíoch den Aire as aird mhuintir na hÉireann a tharraingt ar an chontúirt seo.”

Déanann Balor comhghairdeachas le Cumann Cleasaithe Lúbaireachta na nGael agus le hArd-Rúnaí an Chumainn, Liam Ó Maolmhicí, as na cluichí breise ar fad a chuir siad ar fáil dúinn i mbliana. Chuidigh siad go mór leis an samhradh fuar, fliuch, feannaideach a dhéanamh suimiúil. “Cleasaithe cruthanta cearta iad,” a deir Balor na Glinnsúile Nimhe. “Agus is breá liom an stíl atá acu. Cuma sa tsioc leo thuairimí daoine chosa tuirseacha na n-imreoirí. Níor leor leo na cluichí breise a bhí socraithe roimh . Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh d’acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.”

Déanann Balor cásamh agus comhbhrón lena iar-sheanchara, Cathal Ó hÍthá, iar-ArdRí Éireann agus iarchaiteoir charbhait Charvez, agus é anois ina dhídeanaí. Is iomaí iar-sheanchara ar chuir Cathal fáilte roimhe sa teach mór sin lámh le Donnycarney. “’Sé mo Laoch, mo Ghillín Mearaí,” a chaoineann Balor. Is é an chomhairle a chuireann Balor ar Chathal an chomhairle chéanna a chuir Cathal ar mhuintir na hÉireann, agus é ina ArdRí:

Teannaigí bhur gcriosannaí agus teannaigí iad go docht. Bígí caol os comhair an tsaoil - rud uasal é bheith bocht. Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian, níl rud ar bith níos measa amuigh caiteachas gan srian.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.