AGALLAMH BEO
Anna Paluch
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Bhuail Alan Desmond le bean a tháinig anoir as an bPolainn sé bliana ó shin, d’fhoilsigh dhá leabhar Ghaeilge agus a bhfuil foilsitheoir aimsithe cheana féin don tríú leabhar Gaeilge óna méarchlár. Tá sí i mbun obair aistriúchán agus tá a comhlacht féin bunaithe aici. Tá sí tosaithe cheana féin, leis, ar theanga eile a fhoghlaim anois mar go mbeidh sí ag caitheamh an chéad chaibidil eile dá saol le Fraincis i Quebec.

Íomhá
Anna Paluch
Íomhá
Yr Wyddfa sa Bhreatain Bhig
le Kevin Chartier ar Vicipéid
Íomhá
Lámhleabhar na Gaeilge sa Pholainnis
Íomhá
Aistriúchán Anna
Íomhá
Saothar eile ó láimh Anna
Íomhá
Saol Fraincise feasta
Íomhá
Anna, ar tí bogadh arís

Is iomaí Polannach a tháinig go hÉirinn ó mhéadaigh an tAontas Eorpach mí na Bealtaine 2004, agus is iomaí duine acu atá fós anseo nach bhfuil ach smeadar Béarla acu. Tá Béarla cruinn líofa ag Anna Paluch, áfach, Polannach mná a bhain Éire amach i bhfómhar 2004. Ní hamháin sin ach tá Gaeilge chomh maith sin aici gur éirigh léi post a fháil i bhforas tríú leibhéal agus an Ghaeilge mar theanga oibre aici (2007-08), dúshlán a sháródh an chuid is mó de mhuintir na tíre seo a bhfuil 14 bliain tugtha acu ag foghlaim na teanga ar scoil. Mhínigh Anna dom le déanaí an dúspéis atá aici i gcultúr is i dteanga dhúchais na hÉireann, agus an chúis atá aici le slán a fhágáil againn in ainneoin a bhfuil bainte amach aici in Éirinn.

Is amhlaidh gurbh í an stair a tharraing Anna i dtreo na Gaeilge ar an gcéad dul síos agus í ina hiníon léinn i gcathair Lublin in oirthear na Polainne. “Bhí céim sa stair á déanamh agam i Katolicki Uniwersytet Lubelski (KUL), nó Ollscoil Chaitliceach Lublin. Bhí suim agam i stair na hÉireann, roghnaigh mé stair chomhaimseartha na hÉireann mar ábhar tráchtais MA is theastaigh uaim an Ghaeilge a fhoghlaim chun na hainmneacha go léir a bhí á léamh agam a thuiscint. Ar ndóigh, tá Rannóg Cheilteach mar chuid de Roinn an Bhéarla san Ollscoil Caitliceach ó lár na n-ochtóidí agus bhí cairde agam ann a thug uchtach dom tabhairt faoin teanga a fhoghlaim!”

Tréithe Teanga

Níorbh í an Ghaeilge an teanga Cheilteach ab ansa le hAnna ón tús, áfach. “Dáiríre, bhí suim níos mó agam sa Bhreatnais ach tharla go bhfuil Gaeilge níos fearr agam.” Déanaim iontas den phíosa eolais seo ós rud é go ndeir eachtrannaigh a bhfuil taithí acu ar an dá theanga gur fusa an Bhreatnais a shealbhú ná an Ghaeilge. Tá Anna féin den tuairim gur teanga í an Ghaeilge atá i bhfad níos deacra ná teangacha iasachta eile. “Sea, gan dabht. Is ar éigean a bhí mé in ann comhrá a leanúint ag an tús. Tá eagar na habairte éagosúil go hiomlán agus is gá dearmad a dhéanamh ar theangacha eile chun í a fhoghlaim. Tá an fhoghraíocht thar a bheith casta. Ach níor éirigh liom mórán ama a chaitheamh i Gwynedd, sin an fáth go bhfuil Gaeilge níos fearr agam. Ach is breá liom rac-cheol na Breatnaise, an grúpa Datblygu go háirithe. An bhfuil a fhios agat go raibh cúpla seisiún le John Peel acu? Is trua nach bhfuil a léithéidí ag obair sa Ghaeilge.”

Dá laghad an t-am atá tugtha ag Anna sa Bhreatain Bheag, tá tréimshe nach beag curtha isteach aici sa tír Cheilteach seo againne agus tairbhe bainte aici as. “Bhí fonn orm a bheith i mo chónaí thar lear, gar don Albain agus don Bhreatain Bhig agus theastaigh uaim tráchtas PhD a scríobh ar Óglaigh na hÉireann. Tar éis dom tosú ar chúrsa dochtúireachta i KUL mar sin, shocraigh mé go dtiocfainn go hÉirinn i bhfómhar 2004 chun ábhar a chuardach. Fuair mé post páirtaimseartha i gcaifé agus chaith mé pé am saor a bhí agam i leabharlanna na Gaillimhe agus na príomhchathrach.”

Níorbh fhada, áfach, gur chuir cúrsaí spóirt cor i gcinniúint na mná óige, rud nach ndéanfar iontas chomh mór sin de nuair a thuigtear go bhfuil cúrsa in iriseoireacht spóirt déanta aici. “Is cuimhin liom gur Déardaoin a bhí ann nuair a tháinig mé go hÉirinn agus an Domhnach ina dhiaidh sin bhí Corcaigh is Cill Chainnigh ag imirt i gcluiche ceannais na hiománaíochta agus coicís ina dhiaidh sin, bhí Ciarraí is Maigh Eo i gcluiche ceannais peile na hÉireann. Shíl mé mo thacaíocht a thabhairt do Chorcaigh agus do Mhaigh Eo, ach buíochas le Dia thiontaigh mé go tapa … thosaigh mé ag tacú leis an bhfoireann cheart! Is cuimhin liom gur Corcaíoch thú agus bíonn mé i dtrioblóid le muintir Chorcaí i gcónaí!” Cé gurbh í an fhoireann peile is fearr le hAnna a rug an chraobh leo i 2004, ba iad ríthe na hiománaíochta, na Corcaígh, a bhuaigh ar Chill Chainnigh sa bhliain chéanna.

Ag Machnamh ar Imeall Dhún Chaoin’ (Ó Ríordáin)

Is léir go ndeachaigh na cluichí Gaelacha i bhfeidhm go mór ar Anna. “Caithfidh go bhfuil carachtar tréan ag na daoine a imríonn na cluichí sin” a deir sí le barr measa. Thosaigh sí ag léamh a oiread agus ab fhéidir mar gheall ar an bpeil Ghaelach agus an iomáint. Bhain sí an-taitneamh as scríbhneoireacht iriseora áirithe arbh as an Daingean dó agus chuaigh sí ar cuairt go Ciarraí chun an áit a fheiceáil. Níor thaitin an Daingean léi ach go measartha, áfach. “Shiúil mé amach ón Daingean cois cladaigh ar feadh tamaill agus go gairid ina dhiaidh sin tháinig mé ar Bhaile an Fheirtéaraigh. Chaith mé aon mhí dhéag i mo chónaí ann!” Ní hionadh mar sin gur nós léi ‘Gaolainn’ a rá!

Bíodh is go dtéadh sé crua ar Anna comhrá as Gaolainn a leanúint nuair a tháinig sí go hÉirinn den chéad uair, is amhlaidh go bhfuil dhá leabhar Ghaeilge curtha amach aici anois. D’fhoilsigh Cois Life 500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przysłów i 2007 ina bhfuil leathmhíle seanfhocal Gaeilge mar aon lena macasamhla as Béarla, Spáinnis agus as Polainnis! Ba í Donla Uí Bhraonáin a roghnaigh na seanfhocail Ghaeilge is a chuir Béarla orthu ach ba faoi Anna a bhí sé leaganacha Polainnise de na seanfhocail a sholáthar.

“Scríobh Caoilfhionn Nic Pháidín, comhbhunaitheoir Cois Life, chugam mar gheall ar an tionscadal agus dúirt sí go raibh duine á lorg a d’fhéadfadh na seanfhocail a aistriú go Polainnis. Ní raibh aithne agam ar Chaoilfhionn ag an am, ach bhí mé i dteagmháil le Cois Life uair amháin roimhe sin is bhí mo shonraí coimeádta acu. Bhí mé an-tógtha leis an tionscadal agus bhí mé lánsásta glacadh leis an tairiscint.” Ní aistriúchán díreach a bhí i gceist le formhór mór na seanfhocal, ar ndóigh, mar nach mbainfeadh Polannaigh mórán céille as a leithéid d’aistriúchán mar gheall ar an imeartas focal, na tagairtí áitiúla is an íoróin. “Chaith mé an-chuid ama ar thóir na seanfhocal Polannach a bheadh ag freagairt do na seanfhocail Ghaeilge agus bhí sé dúshlánach go leor. Gan dabht, tá seanfhocail ghinearálta atá díreach mar a chéile i dteangacha éagsúla, agus bhí roinnt mhaith seanfhocal mar sin as Béarla, Spáinnis is Polainnis ach bhí a lán seanfhocal Gaeilge a bhí éagsúil ar fad, go háirithe na tréanna.”

Agus macasamhla 500 seanfhocal Gaeilge aimsithe ag Anna ina teanga dhúchais, ní ionadh go bhfuil cúpla ceann a bhfuil cion faoi leith aici orthu. “Níl leigheas ar an ngrá ach an pósadh, agus ceann de na tréanna sin a luaigh mé - trí ní a bhaineann le hól, é a ól, é a iompar agus díol as.”

Ag Obair in Éirinn

Is cinnte nach ndearna a leithéid de sheoid CV aon dochar d’Anna agus í ag cur isteach ar phost le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar a raibh sí ag obair 2007 – ’08. Déanann sí beag de, áfach, go raibh sí ag obair trí mheán na Gaeilge agus gan ach trí bliana tugtha aici in Éirinn. “Dá gcloisfeadh mé bliain roimhe sin go mbeadh mé ag obair trí Ghaeilge, ní chreidfeadh mé é. Bhí sé deacair ag an tús. Chaithfeadh mé leathuair ag scríobh ríomhphoist, agus sin le cabhair an fhoclóra.” Is leasc liom é sin a chreidiúint, áfach, agus líofacht na mná óige seo soiléir sna píosaí iriseoireachta Gaeilge atá scríofa aici trí na blianta agus sa chaint atá déanta aici ar aerthonnta Gaeilge na tíre seo.

Ní hé 500 Seanfhocal, Proverbs, Refranes, Przysłów an t-aon éacht foilsitheoireachta atá ag Anna le bheith ag maíomh as. Ag deireadh 2008 cuireadh i gcló 500 cóip de Opowiadania, leagan Polainnise de Gearrscéalta an Phiarsaigh a d’aistrigh Anna, tionscadal ar chaith sí mórán dua leis. “D’aistrigh mé na scéalta ó Ghaeilge go Béarla ar dtús, agus ansin ó Bhéarla go Polainnis mar gheall ar an easpa foclóirí Gaeilge-Polainnis. Thug mé sé mhí san iomlán don obair sin.” Ach cad é a spreag í chun na hoibre sin ar an gcéad dul síos? “Bhí cúpla cúis leis. Ba bhreá liom a scéalta. Tá siad an-chosúil le scéalta a bhí ag roinnt mhaith údar Polannach. Baineann siad le páistí agus le saol na tuaithe. Cheap mé gur leabhar breá é chun litríocht Ghaeilge a thaispeáint sa Pholainn. Bhí suim ag mórán Polannach i saíocht na hÉireann ag an am, go háirithe ag mic léinn i Lublin, Poznań, Wrocław. Is do na daoine sin, mo chairde féin ina measc, a dhírigh mé an leabhar sin.” Is deacair le hAnna aon scéal faoi leith a mholadh thar na cinn eile. “Bhí mé an-tógtha leis an scéal An Mháthair, ach chun an fhírinne a rá, taitníonn siad go léir liom.”

Agus an méid sin bainte amach ag Anna i réimse na Gaeilge amháin, measaim nach foláir nó go bhfuil bród as cuimse ar fad aici aisti féin. Ach ní mar a shíltear a bhítear. “Ní thagann bród orm ach go fíorannamh. Thug cúpla turas a rinne mé sásamh dom, go háirithe nuair a d’éirigh liom dul ón Bala go Bethesda ar an rothar agus Yr Wyddfa a dhreapadh an lá céanna.” Is léir go bhfuil carachtar Anna gach pioc chomh tréan leis na daoine sin a imríonn na cluichí Gaelacha a bhfuil meas chomh mór sin aici orthu.

Cathair Wrocław

Dá neamhchoitianta na héachtaí atá déanta ag an bPolannach mná seo, níl aon rud as an ngnáth ag baint leis an sórt saoil a bhí aici sa Pholainn. Rugadh i gcathair Wrocław í i 1978. Bhog an teaghlach go Polkowice, baile beag in iardheisceart na Polainne, nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois, áit a bhfuil a tuismitheoirí fós ag cur fúthu. In ainneoin an anró a thréithrigh dé deiridh an chórais chumannaigh a thit as a chéile i 1989, ní go hiomlán diúltach an chuimhne atá ag Anna ar na blianta sin. “Bhí saol suáilceach i ndáiríre agam, go dtí gur thosaigh an réamhscoil agus níos measa fós, an scoil – chuir an réaltacht chumannach déistin orm. Tá cuimhne agam go fóill ar cúpla imeachtaí, ach go ginearálta rinne mo thuismitheoirí gach rud chun muid a choinneáil “amach.” Chruthaigh siad domhan beag timpeall orainn. Bhí mórán amhrán ‘neamhcheadaithe’ agus “éiritheach” agam ag an am sin, bhíomar ag canadh go minic sa tráthnóna. Bhí an-suim ag mo thuismitheoirí sa litríocht, go háirithe ag mo sheanathair. Léigh sé píosaí dúinn a bhí pléite níos déanaí sa scoil, sa mheánscoil fiú amháin! Ní hionadh go raibh mé bailithe de mo mhúinteoirí féin!”

Ní beag an t-athrú atá tagtha ar an bPolainn agus ar na Polannaigh ó chaith siad díobh cuing an chumannachais, ar ndóigh. “Tá an-chuid daoine athraithe ag an airgead agus saibhreas, cinnte. Ach seachas sin, tá dreach na tíre athraithe. Mo bhaile féin, Polkowice, seo sampla maith. Leagadh na seanfhoirgnimh a bhí i lár an bhaile sna hochtóidí agus tógadh cinn nua go díreach de réir na ngrianghraf a rinneadh sa 19ú céad. Is cuimhin liom Polkowice mar bhaile salach agus gruama – ach ní mar sin atá sé anois. Ar mo shráid féin, bhí na tithe go léir mar a chéile, ach anois tá i bhfad níos mó éagsúlachta ann.”

Is léir ón gcaint a dhéanann Anna ar a hóige sa Pholainn go bhfuil cion faoi leith aici ar an seanathair a léadh litríocht di. “Is é an duine is mó a chuaigh i gcion orm nuair a bhí mé óg. Athair mo mháthar é. Mhúin sé dúinn mórán faoin stair, faoin tírghrá agus faoi chrainn. D’éag sé nuair a bhí mé aon bhliain déag.”

Ní hé an seanathair seo an t-aon duine muinteartha amháin a chronaíonn Anna, áfach. “Mothaím uaim go mór mo dheartháireacha Łukasz agus Jakub mar go bhfuilimid an-mhór le chéile. Is ealantóir cáiliúil é Łukasz, bíonn sé an-ghnóthach i gcónaí. Oibríonn Jakub ar chórais aeráide. Tá an bheirt acu níos óige ná mise ach ní difríocht mhór atá ann. Pléimid an litríocht sa bhaile agus ba bhreá liom dá mbeadh siad in ann Mícheál Ó Conghaile, Lorcán Ó Treasaigh nó Seán Mac Mathúna a léamh.” Buíochas le hiarrachtaí a ndeirféar tá siad in ann Gearrscéalta an Phiarsaigh a léamh ar a laghad.

Éire agus an Pholainn

Is minic a chloistear an tuairim go bhfuil Éireannaigh is Polannaigh an-chosúil le chéile, ach i ndiaidh di breis is cúig bliana a thabhairt in Éirinn, níl Anna sásta glacadh leis an tuairim sin. “Ceapaim nach féidir ráiteas ginearálta a dhéanamh. Tá difríocht mhór idir muintir mo cheantair féin – an tSiléis – agus, mar shampla, muintir Vársá. Má tá cosúlachtaí ann, déarfainn go bhfuil na Ciarraígh níos dlúithe dom ná muintir Vársá. Tá tuiscint ag muintir Chiarraí nach féidir a fháil i ngach uile áit sa Pholainn.”

Is amhlaidh gur fusa cur síos a dhéanamh ar na difríochtaí idir an dá thír. “Tá bia i bhfad níos fearr sa Pholainn, dáiríre! Tá an ailtireacht go hiomlán difriúil – go háirithe na seantithe, seanphleananna na mbailte. Ceapaim go léiríonn sé seo nach bhfuil stair na Polainne cosúil le stair na hÉireann, murab ionann is an tuairim atá ag a lán daoine.”

Maidir le stair an dá thír, luaim le hAnna gur gnách le Polannaigh iontas a dhéanamh den mheath a tháinig ar theanga na Gaeilge. Dar leo go raibh cúrsaí díreach chomh deacair ag Polannaigh le linn na staire ach nár thréig siad a dteanga dhúchais riamh. Tá tuairim níos meáite ag Anna, áfach. “Bhí fadhbanna móra ag Polannaigh le linn na staire cinnte, ach ní raibh ár dteanga i mbaol go ginearálta. Seachas in áiteanna áirithe mar Gdańsk, bhí sí láidir go deo. Tá pobal na Polainne i bhfad níos líonmhaire ná pobal na hÉireann, bhí an Pholainn ina tír níos cumasaí agus níos láidre fadó, go háirithe sna 15ú agus 16ú haois. Tá sé sin an-tábhachtach mar go raibh céannacht thréan i gcónaí ag na Polannaigh. Tá an cheist seo i bhfad níos casta ná mar a fheictear do dhaoine.”

An Duine is Measa Liom

Is léir gur doimhne an tuiscint atá ag Anna ar Éirinn ná mar atá ag an ngnáth-Pholannach agus is cinnte go bhfuil an-chuid bainte amach aici sa tír seo laistigh de thréimhse réasúnta gairid. Ach ina ainneoin sin go léir, tá socraithe aici Éire a fhágáil. “Bhuail mé le hAlexandre i mBaile Átha Cliath Meán Fómhair seo caite agus ar an gcéad fhéachaint bhí a fhios agam go raibh fadhbanna romham. Scéal fada atá ann, ach d’athraigh mo shaol go hiomlán nuair a chuir mé aithne air. Is duine dáiríre agus ceanúil é agus ceapaim go bhfanfaidh muid an saol ar fad le chéile.”

Cé go bhfuil an chuma ar an scéal gur san Fhrainc a bheidh sí amach anseo, tá súil ag Anna go n-éireoidh léi a cuid Gaeilge a choimeád. “Ba mhaith liom cúpla píosa litríochta a aistriú, rud éigin de mo chuid féin a scríobh b’fhéidir. Ach ní dóigh liom go mbeidh am agam níos mó a dhéanamh faoi láthair. An bhfuil tuairim agat cé chomh éilitheach is atá cuisine française? Tógann sé daichead nóiméad orm ar a laghad chun dinnéar a dhéanamh.”

Anuas ar an haute cuisine, ar ndóigh, tá an chéad teanga eile le foghlaim ag Anna agus tá tionscadail eile ar na bacáin aici, leis. “Faoi láthair táim chun mo chomhlacht féin a fhorbairt, comhlacht aistriúcháin atá ann. Táim gnóthach go leor leis an ‘stuif teaghlaigh’ freisin. Tá pleananna beaga eile agam, ach tá mórán ar siúl i láthair na huaire.”

Is cinnte go bhfuil an Polannach mná seo os cionn a buille.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.