AGALLAMH BEO
Anna Heussaff
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Anna Heussaff tar éis go leor rudaí suimiúla a dhéanamh ina saol - tréimhsí caite aici ag obair le daoine gan dídean i Sasana, mar shampla, mar stiúrthóir/léiritheoir teilifíse in RTÉ agus anois, an mhí seo, a céad úrscéal á fhoilsiú. Labhair le hÉamonn Ó Dónaill le gairid faoina saol agus faoina cuid oibre.

Íomhá
Íomhá

Nuair a bhuail le hAnna Heussaff ina teach cónaithe sócúlach ar an Chuarbhóthar Theas ag deireadh na míosa seo caite bhí ag fanacht go neirbhíseach leis na chéad chóipeanna húrscéal, Bás Tobann, a theacht ó na clódóirí. Is úrscéal coireachta é atá suite i mBéarra i gContae Chorcaí agus an chéad saothar cruthaitheach ón Bhleá Cliathach seo a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar stiúrthóir agus mar léiritheoir teilifíse.

D’fhág Anna RTÉ dhá bhliain ó shin i ndiaidh seacht mbliana déag a chaitheamh san eagraíocht agus d’éirigh léi an t-úrscéal seo, ar thosaigh air i na Samhna 2002, a scríobh idir tionscadail eile - obair theilifíse do chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha, aistriúchán agus iriseoireacht, i measc rudaí eile.

Rinne Anna roinnt scríbhneoireachta nuair a bhí san ollscoil ach, seachas sin, agus an scéal do pháistí a scríobh deich mbliana ó shin ach nár foilsíodh, raibh scríbhneoireacht chruthaitheach ar bith eile déanta aici sula ndeachaigh i mbun pinn dhá bhliain ó shin.

A cara Máirín Nic Eoin, an scoláire agus léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a spreag Anna leis an úrscéal a scríobh. Bhí Anna ag obair ar leabhar Béarla faoi inimircigh ag an am ach bhí moill ar an tionscadal áirithe sin, mar sin chinn ar luí isteach ar phleanáil an úrscéil.

Bhí cúpla seachtain agam nach raibh aon rud eile ar siúl agam. Seachas dul agus cístí a bhácáil, dúirt liom féin, ‘ fheadar an bhféadfainn smaoineamh ar phlota d’úrscéal? Thug faoi chaibidil a scríobh agus thug do bheirt é - do mo dheirfiúr agus do mo chara Máirín Nic Eoin. Agus dúirt leis an mbeirt acu, ‘Anois, bígí macánta. Más cur amú ama é seo amach is amach, *just *abraigí é sin liom agus éireoidh as. Ach dúirt an bheirt acu liom leanúint orm.

Bhí an bunús agam, is dócha, agus d’oibrigh amach an creatlach. Ansin scríobh caibidil, b’fhéidir dhá chaibidil, agus thosaigh ag iarraidh oibriú amach cad a tharlódh i ngach caibidil eile. An chéad bhliain, bhí ag obair anois is arís air idir rudaí eile a dhéanamh, agus bhraith ag pointe amháin an fómhar seo caite go raibh imithe amú, ar bhealach, leis an scéal. Bhí bearnaí sa phlota - agus fós, cinnte - ach bhí bearnaí móra ann. An duine is a chuidigh liom ansin m’fhear céile Simon - seisean go maith, criticiúil. Rinne féin go leor taighde agus scríobh go leor nótaí, faoi na carachtair mar shampla.”

Fuair coimisiún ó Bhord na Leabhar Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite agus bhí foilsitheoir aici cheana féin, Cois Life, a dúirt go raibh siad sásta an saothar a chur i gcló. Thug dréachtaí le léamh do dhaoine difriúla ach ba é a seanchara, an t-amhránaí agus scríbhneoir Tadhg Mac Dhonnagáin, a chuir an chomhairle ab fhearr uirthi.

Bhí rudaí a d’aimsigh seisean nach raibh ceart ó thaobh struchtúir agus ó thaobh ghuthanna na gcarachtar, agus ó thaobh íomhánna. Bhí Tadhg ag féachaint air go han-chriticiúil, i gcomparáid leis na daoine eile.”

go mór faoi chomaoin ag a deirfiúr Kintilla chomh maith. Léigh sise dréachtaí éagsúla an úrscéil agus b’ardú meanman an-mhór é d’Anna nuair a mhol an chéad dréacht críochnúil den saothar.

Chríochnaigh Anna an t-úrscéal i an Mheithimh agus gearr anois go mbeidh ar díol sna siopaí.

Conallach agus Briotánach

Rugadh Anna Heussaff i Luimneach i 1957 agus chaith an chéad mhí saol ansin, sular aistrigh an teaghlach go Droim Conrach i mBaile Átha Cliath. B’as Fánaid i dtuaisceart Dhún na nGall máthair agus ba chainteoir dúchais Briotáinise é a hathair Alan a raibh baint mhór aige leis na hiarrachtaí a bhí ar siúl sa Bhriotáin neamhspleáchas a bhaint amach don réigiún. Bhí air an Fhrainc a fhágáil aimsir an Dara Cogadh Domhanda agus ba in Éirinn a fuair tearmann.

Fuair Anna a cuid bunscolaíochta i Scoil Mhuire i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus a cuid meánscolaíochta i Scoil Chaitríona (a bhí suite ar Shráid Eccles ar dtús agus ansin i nGlas Naíon). An raibh na mná rialta dian ag an am?

Bhí mná rialta ann ceart go leor sna seachtóidí ach raibh siad iontach dian orainn. Chuala faoi dhaoine eile ar an mbunscoil agus ar an meánscoil a fuair drochíde sa tréimhse sin, ach mar a tharla níor tugadh drochíde domsa riamh ar scoil.

An rud a tharla sa scoil a mheasaim a bhí go maith gur ligeadh dúinn labhairt amach faoi rudaí. Is cuimhin liomsa a bheith i mo sheasamh ag argóint faoi seo agus siúd, ag déanamh sórt *speech *sa rang, ag argóint le daoine eile, gan fiú an rud a bheith eagraithe. Tugadh saoirse éigin dúinn.”

Bhí na deirfiúracha is sine sa chlann tar éis a gcuid oideachais a fháil i gClochar Louis i Muineachán ach ansin tháinig an saoroideachas isteach agus cuireadh deireadh leis na scoláireachtaí a bhí ar fáil go dtí sin. Chiallaigh seo nach raibh tuismitheoirí Anna in ann í a chur chuig an scoil chónaithe, agus b’fhaoiseamh an-mhór é sin di.

Bhí áthas an domhain orm. Sílim go raibh an caighdeán acadúil níos fearr i gClochar Louis ach sílim go raibh mise ábalta saol níos fearr a bheith agam mar dhéagóir i mBaile Átha Cliath, ag dul ar scoil lae, agus thaitin sin liom. Ceapaim gur rud deacair go leor é dul ar scoil chónaithe.”

Thug aghaidh ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i ndiaidh na hArdteiste, áit ar bhain céim amach sa Ghaeilge agus sa stair. Thaitin na cúrsaí staidéir ansin léi ach bhraith go raibh an campus i mBelfieldamuigh sa bhfásach”, go raibh an áitscoite amach ó gach rudagus nach raibh atmaisféar ceart ann bharr seo. Is cuimhin léi fosta nár mhúinteoirí róchumasach cuid de na léachtóirí.

Bhí léachtóirí againn a bhí go hiontach ach bhí cuid acu, agus cinnte go raibh siad ana-mheabhrach, ach raibh tuairim acu conas ábhar a chur i láthair. Cuireann sin daoine ó dhoras.”

Tar éis di an tArd-Teastas san Oideachas a dhéanamh, thug Anna cúig mhí ag múineadh i meánscoil ar an Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.

Thaitin an mhúinteoireacht liom ceart go leor. Thaitin liom a bheith sa seomra ranga ach níor thaitin liom a bheith i seomra na múinteoirí. Mheas go raibh atmaisféar saghas cúng ag baint leis. Daoine a chaith a saol sa scoil sin, a chuaigh chuig an ollscoil agus a d’fhill ar an scoil mar mhúinteoirí ab ea go leor acu.”

den tuairim go ndéanfadh maitheas do go leor múinteoirí seal a chaitheamh ag obair i bpostanna eile, go dtuigfeadh siad ansin chomh hádhúil is atá siad. Deir go bhfuil meas mór aici ar mhúinteoirí ach cuireann an síorchlamhsán a bhíonn ar bun ag cuid acu isteach uirthi.

Is cuimhin liomsa múinteoirí a bhíodh ag gearán an t-am ar fad faoi chomh crua is a bhí an obair. Agus ag an am céanna bhí mise tar éis a bheith ag obair i siopa cúpla roimhe sin, agus dúirt liom féin go raibh i bhfad níos déine a bheith ag freastal i siopa a bheith ag múineadh ranga. Caithfidh a bheith ag aisteoireacht agus ag múinteoireacht agus, bhrí sin, dian - ach suimiúil, ar a laghad. Cuireann olc orm nuair a chloisim an rud seo ar fad faoi mhúinteoirí agus laethanta saoire agus , mar sílim nach dtuigeann múinteoirí chomh maith as is atá siad. Ba bhreá liom féin mbeadh trí mhí saor ag gach duine. Ba cheart go dtuigfeadh siad go bhfuil an t-ádh orthu, nach mar sin atá an saol ag an gcuid is de na hoibrithe.”

Seal i Sasana

Chinn Anna ar an mhúinteoireacht a fhágáil ina diaidh agus roinnt blianta a chaitheamh i Sasana ar mhaithe le taithí úr a fháil aguseispéireas cultúrthaa bheith aici. B’in 1981. Bhí aithne aici cheana féin ar dhuine a bhí ag obair san eagraíocht Cyrenians, a bhí ag plé le daoine gan dídean, agus fuair post leo i gCambridge. Obair dheonach a bhí i gceist. Fuair bia agus lóistín saor in aisce sa teach inar chónaigh na daoine gan dídean agus, lena chois sin, íocadh liúntas beag, cúig phunt déag, léi sa tseachtain.

Smaoiníonn daoine i gcónaí ar Chambridge mar bhaile álainn ollscoile, agus sin ann, ach is baile mór turasóireachta é. Ach go leor bochtanais sa bhaile chomh maith mar go dtagann go leor daoine a dhéanamh postanna suaracha sna hóstáin agus mar sin de.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Trí ceithre cinn, mar is gnách, agus carnán mór cois leapa. Brick Lane *le Monica Ali, úrscéal spreagúil, dea-scríofa faoi bhean as an mBainglaidéis ag streachailt leis an saol in oirthear Londain; *Ulysses, agus saothar Joyce á phlé sa chlub leabhar a bhfuilim páirteach ann; agus *An Dochtúir Áthas *le Liam Mac Cóil, atá spéisiúil agus greannmhar, dar liom, ach pas deacair toisc nach scéal sa ghnáthshlí atá ann.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol clasaiceach agus ceol dúchais na hÉireann is . Mozart, Beethoven, Schubert, Verdi is eile, máistrí gan a sárú riamh. Caitlín Maude; Maighread agus Tríona Dhomhnaill; Seán Ó mar aon le Ó Riada is a chuid sa Gaiety; Cathal McConnell agus na Boys of the Lough. Go leor eile, agus mar mhalairt stíle, Fats Waller Edith Piaf.

Cén scannán is fearr a chonaic riamh?

Missing, a stiúraigh Constantin Costa-Gavras. Scéal faoi fhear ó na Stáit Aontaithe a gabhadh le linn coup Pinochet sa tSile sa bhliain 1973, agus a chéile (Sissy Spacek) agus a athair (Jack Lemmon) i gcoimhlint le chéile is iad ag iarraidh faisnéise air.

dtéann ar saoire?

A lán áiteanna difriúla. In Éirinn, mo rogha Béarra agus Carn Néid; ar oileán na Breataine, mo rogha an Chorn; an Bhriotáin go hálainn, agus sléibhte Mhallorca agus sléibhte na bPiréan freisin; agus bhí an-saoire againn i dToscáin na hIodáile i mbliana.

mhéad uair a bhí thar lear anuraidh?

Trí huaire, agus dhá thuras acusan go Sasana: mar thurasóirí lenár mac i Londain, agus ansin in Derbyshire le cairde; agus turas eile ar mhuintir m’fhir chéile i mBristol. An tríú turas deireadh seachtaine fada i bPrág le m’fhear céile is gan aon éileamh ar Legoland Disney sosanna ó shiúlóidí ó bhialanna!

Cén bhialann is fearr leat?

Níl ach cúpla áit i mBaile Átha Cliath ar m’eolas a bhfuil freastal acu ar thrí bhunriachtanas - bia fíorbhlasta agus spéisiúil, luach maith agus atmasféar taitneamhach, spleodrach. Ina measc, bialann Indoinéiseach, an Chameleon, i mBarra an Teampaill, agus an Talbot 101 atá dhá chéad slat ó Shráid Chonaill.

Cén duine is a bhfuil meas agat air/uirthi?

B’fhearr liom gan aon duine amháin a lua, mar feictear dom go bhfuil na milliúin duine ann a léiríonn tréithe mar chrógacht, tuiscint, ionracas agus féith an ghrinn, le linn dóibh a bheith ag streachailt chun feabhas a chur ar an saol muintir bpobal.

Cén duine is a chuaigh i bhfeidhm ort agus níos óige?

Mo mháthair agus m’athair - go mb’fhéidir nár aithin é ag an am! Duine eile a ritheann liom Jacob Turnbull, fear ón Afraic Theas a bhí mar stiúrthóir ar an obair a rinne i gCambridge le daoine gan dídean. Nath chuid nár dhearmad riamh , “We should never accept the impossibility of change”.

Cén rud is a chuireann isteach ort?

Éagóir, cos ar bolg, saint agus scrios na timpeallachta - agus an chistin sa bhaile a bheith ina cíor thuathail!

Cad iad na huaireanta a oibríonn gach seachtain?

Idir 35 agus 50 uair sa tseachtain - an iomarca de ghnáth.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Easpa codlata, toisc preabarnaíl is plódú i m’intinn ag smaointe fánacha ag liostaí tascanna. Seachas sin, measaim go n-éiríonn an strus is sa ghnáthshaol as mo chaidreamh leis an mbeirt is ansa liom agus is a roinneann pléisiúr, greann is tacaíocht liom, sin iad m’fhear céile Simon agus mo mhac Conall! Agus gan dabht, cuirimse strus go leor orthusan beirt chomh maith.

An bhfuil sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Táim an-sásta ar a lán slite, agus ag an am céanna, nílim ag súil go mbeidh fíorshásta.

Nuair a bhí mise sa teach ina raibh bhí deichniúr gan dídean ag fanacht ann agus fir ar fad a bhí iontu. Bhí triúr oibrithe deonacha ann agus ar feadh tamaill mheasartha ba mise an t-aon bhean. raibh glas ar bith ar mo sheomra agus bhí duine beirt sa teach a bhí tar éis sealanna a chaitheamh i bpríosún (bhí fear amháin a mharaigh duine!). Caithfidh a nár chuir isteach orm ag an am. Bhí orm plé le daoine a bhí foréigneach cúpla uair. Déarfainn go gcuirfeadh i bhfad níos eagla orm anois, seachas mar a chuir ansin. Ach, ar shlí, bhí i bhfad níos deacra a bheith ag plé leis an easpa dóchais agus leis an mbrón a bhí ar go leor daoine.”

I ndiaidh bliana, d’éirigh le hAnna post le a fháil leis an eagraíocht chéanna. Bhí lonnaithe i gCanterbury agus ag obair le grúpaí mórthimpeall iardheisceart Shasana, ag eagrú imeachtaí traenála agus ag iarraidh cúrsaí bainistíochta a fheabhsú.

D’fhill ar Bhaile Átha Cliath i 1984 agus chuir isteach ar phost in RTÉ. Tugadh an post di sa deireadh i 1985, tar éis fanacht réasúnta fada.

Bhí mo shaol beagán trína chéile ag an am mar bhí tar éis scaradh ón duine a phós níos déanaí, so bhí sórt dráma mór ar siúl. Bhí go mór trína chéile is dócha ag an am, so d’fhóir go maith dom gan a bheith ag dul isteach i bpost láithreach.”

Sna blianta tosaigh in RTÉ, ag plé le cláracha raidió a bhí -Livelinele Marion Finucane, “Today at Fivele Pat Kenny agus clár maidine Gay Byrne. Níor éirigh idir í féin agus na réalta sin riamh, a deir .

dhéanann do chuid oibre, agus in ann an *brief *a sholáthar do chlár, agus smaointe agat, bhíonn aon deacracht ann. An rud faoi na réalta nach mbíonn siad ann an chuid is den am. Is iad na léiritheoirí agus na taighdeoirí a bhíonn ag obair i rith an lae san oifig agus tagann an láithreoir isteach ar feadh uair an chloig de ghnáth. raibh aon deacracht mhór agam leo. Réitigh go breá leo.

Le linn a cuid ama in RTÉ chomh maith, d’éirigh léi an pholaitíocht shalach inmheánach a sheachaint.

Níor éirigh róghafa riamh sa pholaitíocht sin, is dócha. Ar ndóigh, chloisfeá go leor scéalta, agus scéal scéil, maidir leis an iomaíocht idir bainisteoirí éagsúla agus an sórt sin ruda, agus idir rannóga. Chuir aithne ar dhaoine atá ina gcairde móra agam anois agus in RTÉ, ach raibh mo shaol sóisialta taobh istigh de RTÉ. roinnt daoine a chaitheann a saol iomlán in RTÉ agus is iadsan na daoine is a bhíonn gafa leis an bpolaitíocht, sílim.”

I ndiaidh ceithre bliana go leith, fuair Anna an seans i 1989 aistriú go dtí an teilifís, áit ar chaith cúig bliana ag obair ar an chlárCúrsaíagus, ina dhiaidh sin, bliana ag plé leis an chlárLéargas”. Bhain sult as na blianta sin ach faoin bhliain 2002 bhraith go raibh in am bogadh ar aghaidh. Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil. Bhraith Anna go raibh an obair a bhí ar siúl aici tar éis éirí i bhfad ródhian ar aon chaoi.

Bhí an sceideal oibre ana-dhian, bhraith féin, do na léiritheoirí/stiúrthóirí ach go háirithe. Bhí trí seachtaine agat chun clár a dhéanamh agus bhí ag scannánaíocht, ag eagarthóireacht, agus ag réiteach don chéad chlár eile. Bhí ceithre seachtaine ag teastáil i ndáiríre seachas trí seachtaine, ach raibh sin againn. Bhraith féin nach bhféadfainn m’anáil a tharraingt idir Lúnasa agus an Mhárta agus sin deacair, go háirithe páiste agat. Ach deacair d’aon duine.”

Ag obair go neamhspleách

Ó d’fhág Anna RTÉ, tar éis a bheith ag obair le roinnt comhlachtaí neamhspleácha teilifíse. Ba í an léiritheoir/stiúrthóir arMná agus Fir na hÉireannagusAn Tuath Nua”, dhá shraith a bhí le feiceáil ar TG4. rialacha dochta i gceist in RTÉ maidir le huaireanta agus coinníollacha oibre, atá rud beag ródhocht, dar léi, ach a mhalairt atá i gceist san earnáil neamhspleách. Cuireann iontas uirthi an sclábhaíocht a bhíonn ar siúl san earnáil sin agus imní uirthi go gcaillfear an fuinneamh atá i leithéidí TG4 faoi láthair.

Beidh suimiúil a fheiceáil cad a tharlóidh sa chéad chúig deich mbliana eile, mar nuair a thosaíonn daoine ag obair i gcúrsaí teilifíse, mar shampla, bíonn siad lán fuinnimh. TG4, mar shampla, mar gheall ar gur stáisiún óg é, daoine ag iarraidh triail a bhaint as rudaí agus go hiontach go bhfuil. Ach is daoine óga go leor acu nach bhfuil cúram clainne orthu, atá in ann a , ‘Bhuel, is cuma bhím as baile ar feadh seachtaine ar feadh míosa. Déarfainn go raibh RTÉ mar sin sna seascaidí agus chuaigh RTÉ in aois, ar shlí. Measaimse go dtosóidh daoine ag éileamh níos airgid agus coinníollacha oibre níos fearr dually">de réir a chéile.

a fhios agamsa daoine i gcomhlacht atá tar éis a , ‘ fiú dom obair a dhéanamh do TG4, mar an t-airgead róshuarach. Bhain siar asam féin an t-airgead atá le fáil ag léiritheoir, mar gurb ionann é agus an t-airgead a bhí in RTÉ ach gan aon phinsean aon saoire.

Ceapaim go bhfuil daoine a déarfaidh, ‘Yeah, rachaidh go dtí an taobh thall den domhan le mo cheamara beag agus déanfaidh an rud ar €10,000, agus bheidh ann ach féin agus duine amháin eile. Ach tar éis sin a dhéanamh cúpla uair, éireoidh siad tinn de.”

Sula bhfágaim slán le hAnna, fiafraím di an bhfuil sásta leis an chéad úrscéal seo, Bás Tobann, ar chaith oiread dua leis.

dóigh liom go bhfuil a fhios agam faoi láthair. Nuair a d’fhéach siar air den uair dheireanach bhí ag , ‘Is maith liom é seo. Braithim go bhfuil rudaí maithe ann, ach níl cinnte. súil agam go dtaitneoidh liom i gceann míosa! sceitimíní orm - agus scanradh!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.