AR NA SAOLTA SEO
An Vótálaí Éireannach: Eolach nó Aineolach?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá méid nach beag le foghlaim ag an phobal trí chéile dar le Ciarán Mac Aonghusa. Go dtí go bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair, is ag únfairt thart a bheas an córas daonlathach.

Íomhá
Sea agus ní hea
Íomhá
Sarah Palin
(le Christopher Grammer ar Vicipéid)
Íomhá
Greann
Íomhá
Samhlaíocht
Íomhá
An Dr. Bryan Caplan
(le Fling93 ar Flickr)

Léirigh staidéar atá á dhéanamh ag an Ollamh Brian Lucey (Coláiste na Tríonóide) nach bhfuil pobal na hÉireann ró-eolach ar chúrsaí geilleagair. Ní raibh ach 36% de na daoine a ceistíodh in ann an t-easnamh sa bhuiséad a mheas go garbh. An rud céanna i dtaobh an fhiachais náisiúnta, méid an phacáiste tarrthála, agus céatadán na morgáistí atá i riaráiste. Tá sé spéisiúil gur shíl bunús na ndaoine a ceistíodh go raibh cúrsaí i bhfad níos measa ná mar atá – cheap go leor daoine go raibh thart ar 40% de mhorgáiste na tíre i riaráistí (is é 12.5% an figiúir oifigiúil).

Nuair a chuir an tOllamh Lucey na figiúirí seo i láthair ar Drivetime an mhí seo caite (22 Lúnasa) smaoinigh mé ar cén dóigh a gcuirfeadh méid eolais (nó aineolais) an phobail isteach ar a gcuid roghanna polaitiúla. Mura bhfuil buneolas measartha cruinn ag duine ar chúrsaí geilleagair cén chaoi a gcaithfeadh sé vóta ar son na ndúnghaoisí cearta?

Go ginearálta, cén tionchar a imríonn eolas na ndaoine ar an dóigh a dtabharfaidh siad guthaíocht? Mar a tharlaíonn sé, tá na heolaithe polaitiúla ag scagadh na ceiste seo leis na blianta. Ina leabhar cáiliúilThe Myth of the Rational Voter”, mhaígh Bryan Caplan gurb í míréasúnacht an vótálaí an tsiocair is mó le drochpholasaithe sna tíortha daonlathacha (in áit na brústocaireachta nó na caimiléireachta cuirim i gcás).

Aineolas agus Claontacht gan Bhun

Bhí Caplan fíorchruinn sa chaoi ar scríobh sé: níl na vótálaithe bómánta, tá siad aineolach. Ní raibh aon chiall drochmheasúil in úsáid an téarma “aineolach”, ba é rud a ba chiall leis an téarma ná “nach raibh an t-eolas ceart acu”.

De réir Caplan, nach é an t-aineolas amháin a chuireann an daonlathas amú. Mura mbeadh ann ach an t-aineolas chaithfeadh na daoine aineolacha a gcuid vótaí go fánach, agus tríd is tríd, nó go staitisticiúil, rachadh a leath de na vótaí ar son na dúnghaoise cirte agus a leath eile ina coinne. Is í an chlaontacht a bhíonn ag daoine i dtaobh ceisteanna áirithe a imríonn an drochthionchar ar an daonlathas. Bhain staidéar Caplan leis na Stáit Aontaithe agus chuir sé i gcás go bhfuil daoine claonta in aghaidh nó ar son rudaí áirithe. Mar shampla, tá siad claonta ina aghaidh eachtrannach. Tá siad claonta fosta ar son beartais a mhaíonn go gcruthaídís poist, fiú amháin nuair nach bhfuil ciall cheart geilleagair leo. Agus thar aon rud eile bhí daoine claonta chun an duaircis – an claonadh céanna is a léirigh staidéar an Ollaimh Lucey.

Cheapfá gur measa ar fad a bheadh an fhadhb i measc an aosa óig. Ach i staidéar Lucey ba iad an dream idir 18-25 bliain d’aois a fuair na scóir is airde agus na daoine os cionn 65 a fuair na scóir is ísle. Thall sna Stáit, léirigh staidéar a rinne an tOllamh Kimberly Nalder (California State University) ar eolas vótálaithe ar dhlí a bhaineann le tithíocht gurbh iad na daoine ba mhó a raibh léann orthu ba lú eolas ar an dlí. Maidir leis an cheangail idir ioncam agus an t-eolas ar an dlí tugadh le fios gur mhó an méid eolais a bhí acu siúd ar tuarastal íseal. Ní bhítear mar a shíltear.

Luíonn sé le ciall go mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar chumas an phobail cinnidh chearta a thabhairt atá bunaithe ar an eolas. Tá stát an lae inniu níos casta (agus níos mó) ná mar a bhí sé caoga bliain ó shin. Faoi láthair tá ról ag an stát i beagnach gach gné den saol, ach níor athchóiríodh an trealaimh dhaonlathaigh de réir mar a bhí an stát ag athrú. Ní aithneofá Éire na gcaogaidí as Éirinn an lae inniu ach tá an bonneagar céanna polaitíochta ag stiúradh na tíre. Níor tugadh aon aird ar shláinte an daonlathais féin. Nílimid ach ag scrúdú ról an tSeanaid faoi láthair, agus é sin á dhéanamh againn go ciotach.

Leas an tSaoránaigh Curtha de Leataobh

Oibríonn an daonlathas go maith (nó go measartha) ar scála beag, ach is ar éigean a oibríonn sé ar scála mór. Anuas ar an chastacht a tháinig ar riaradh na tíre seo, tá scéal an Aontais Eorpaigh. Agus mura bhfuil daoine eolach ar cheisteanna na tíre seo tá siad aineolach ar fad ar cheisteanna Eorpacha. Ní hé an gnáthdhuine amháin a bhíonn ag streachailt le ceisteanna Eorpacha – ní dóigh liom gur fearr mórán na Teachtaí Dála. Le linn an chéad fheachtais ar Chonradh Liospóin léirigh an Tánaiste, Máire Ní Chochláin nach raibh a fhios aici cé mhéad ball a bhí ar Choimisiúin an AE!

Fágann aineolas an phobail spás dóibh siúd a bhfuil leas éigin acu i ndúnghaoisí ar leithcomhlachtaí brústocaireacht ina measc. Tugann sé deis do na cumhachtaí móra a dtionchar a imirt gan stró. Agus brúitear leas an tsaoránaigh ar leataobh.

I measc na gcúram atá ar rialtas an lae inniu níl aon cheann acu chomh tábhachtach leis an fhreagracht atá orthu i réimse an gheilleagair. Imríonn dúnghaoisí geilleagair tionchar mór ar bheagnach chuile ghné den tsaol. Tá sé thar am go gcuirfeadh an pobal eolas ar an réimse sin. Ba chóir go mbeadh ar gach dálta scoile bunstaidéar a dhéanamh ar an gheilleagar; Ba chóir go mbeadh seisiúin eolais ar fáil sna leabharlanna poiblí; Ba chóir go mbeadh cláir faisnéise ar chúrsaí geilleagair ina gcuid den chraolachán poiblí.

Orainn féin atá an locht mar phobal mura bhfuil sé ar ár gcumas ceannairí na tire agus a gcuid dúnghaoisí a mheas i gceart. Ní bheimid in inmhe an fhreagracht sin a chomhlíonadh go gcuire muid buneolas ar chúrsaí geilleagair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.