CÚINNE NA nEALAÍON
An Turner Prize i nDoire
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.

Íomhá
Lynette Yiadom-Boakye
(le Loïc Cauchy ar Picasaweb)
Íomhá
Bileog le David Shrigley ag an Yerba Buena
(le Edward Betts ar Vicipéid)
Íomhá
An Fathach Siúlaí le David Shrigley
(ag Ann Wuyts ar Picasaweb)

Is ar éigean an t-am ag muintir Dhoire a n-anáil a tharraingt na laethanta seo agus a bhfuil d’imeachtaí cultúir ar siúl sa chathair acu le bliain anuas. Agus níl an tobar i ndísc go fóill nó i mí Dheireadh Fómhair, beidh an Turner Prize, an comórtas ealaíne is suntasaí sa Bhreatain, le feiceáil ansin.

Comórtas dírithe ar ealaín nua-aimseartha choincheapúil atá sa Turner Prize, agus tá sé oscailte d’ealaíontóirí Briotanacha faoi 50 bliain d’aois agus saothar bunúil ar siúl acu. Cuirtear spéis ar leith in ealaín cheannródaíoch sa chomórtas seo, agus in ainneoin go mbíonn conspóid go minic ag baint leis, spreagtar ann i gcónaí díospóireachtaí bríomhara faoin ealaín nua-aimseartha.

Is mór an t-aitheantas a thugann an gradam seo d’ealaíontoirí óga chomh maith le céim chun tosaigh ina slí bheatha. I measc na mbuaiteorí blianta eile, bhí leithéidí Anish Kapoor, Anthony Gormley agus Steve Mc Queen. Dúirt an t-ealaíontóir Jeremy Deller, a bhain an comórtas i 2004, go raibh iontas an domhain air gur chuir an oiread daoine suim ina shaothar ina dhiaidh sin, ach nuair a bhain Damian Hirst i 1995 é dúirt sé gur sórt ‘sorcais ag na meáin’ a bhí ann, ar ghnóthaigh an Tate Gallery agus an bealach teilifíse Channel 4 mórán airgid as.

Is minic a bhíonn an ealaín ina ábhar féinairmeánach agus ní beag é lion na dtuairimí atá ag daoine faoin ghradam seo. Duirt an scríbhneoir agus léachtóir, Declan Long, atá ina mholtóir ar an chomórtas i mbliana, go raibh i gceist ag an taispeántas go spreagfaí ceisteanna ann faoi na mínealaíona i saol an lae inniu agus faoina bhfuil i ndán dóibh.

Cacamas Samhlaithe

Bhí iar-Aire Cultúir na Breataine, Kim Howells (2002), iontach daingean ina thuairim faoin chomórtas seo ag rá gur ‘conceptual bullshit’ a bhí ann, rud a spreag an Prionsa Séarlas le litir a scríobh mar thaca leis ag rá go raibh an gradam ag déanamh truailliú ar fhoras na n-ealaíon.

Cibé tuairim atá agat féin faoin ghradam seo, spreagann sé cuid mhór daoine, gan amhras, le spéis a chur i gcúrsaí ealaíne agus le bheith ag caint fúthu agus is cinnte gur toradh dearfach é sin.

Tá ceathrar ealaíontóirí ar an ghearrliosta i mbliana agus saothair ilchineálacha éagsúla á dtairiscint acu. Tá an scannánadóir Laure Prouvost ainmnithe de bharr na suiteálacha atmaisféaracha atá cruthaithe aici agus Tino Sehgal de bharr an tsaothair atá seiftithe aige bunaithe ar dhaoine ag bualadh le chéile i suíomhanna institiúideacha.

Píosaí ilghnéitheacha agus greann dubh ag baint leo go minic atá déanta ag David Shrigley, ina measc madadh stuáilte agus plaiceard ina lapa aige a deir ’tá mé marbh’.

Is ó Ghana an t-ealaíontóir Lynette Yiadom-Boakye a dhéanann portráidí bunaithe ar dhaoine samhailte a spreagann ceisteanna faoin chine ghorm agus an léiriú atá déanta orthu sna míndána.

Thosaigh an comórtas, ainmnithe i gcuimhne an ealaíontóra J.M.W. Turner, i 1984 agus tá £40,000 mar dhuais le fáil ann - £25,000 don bhuaiteoir agus £5000 do gach iarrthóir gearrliostaithe eile.

I mbliana, beidh an taispeántas i mBeairic Ebrington, seanbhunáit de chuid Arm na Breataine i nDoire a dúnadh in 2004 agus a athchóiríodh mar dhánlann go sonrach don ócáid seo. Bíonn an taispeántas seo le feiceáil de ghnáth i Tate Britain (an dánlann ealaíne nua-aimseartha is mó sa Bhreatain) agus is é seo an chéad uair riamh dó a bheith taobh amuigh den Bhreatain.

Táthar ag súil go dtiocfaidh suas le 80,000 cuairteoir chuig an taispeántas i nDoire. Ainmneofar an buaiteoir ar an 2 Nollaig 2013.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.