AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe. Bhí ag cúléisteacht le hÍosa Mhic Giolla Mháire nuair a bhris scéalta faoin Abu Proinsias.

Íomhá
Proinsias
(le Julian Falat ag pinakoteka.zascianek.pl ar Vicipéid)
Íomhá
Áras Fionnuisce, ag Caiseal gan Dolfo
Íomhá
May Mac Ránais i mbun Odaisé Gael
Íomhá
Cliarlathas na hEaglaise Caitlicí faoi léigear i Lár an Ghleanna

Caidé is brí le bonkers?” a d’fhiafraigh Balor díom cúpla ó shin. Is cosúil go ndúirt Íosa Mhic Giolla Mháire go raibh Cliarlathas na hEaglaise Caitlicí bonkers. “Bhuel, seachas an ghramadach a bheith rud beag amhrasach, an gciallaíonn gur bonkers iad agus go mbíonn siad ag bonkáil?” a d’fhiafraigh le meacan díchreidimh ina ghlór.

Bhuel, ós rud é nach dtuigim an focal bonker fiú bonkáil, agus nach bhfuil ceachtar den fhocal san fhoclóir úr, fiú i bhfoclóir an Duinnínigh, thig liom mórán a faoin raic atá ar siúl idir an t-iar-Uachtarán agus na heaspaig, seachas go bhfuil baint aige le clúidíní salacha agus cac, mún agus buinneach. Shamhlódh duine nach mbeadh rudaí mar sin fóirsteanach mar ábhar cainte idir iar-Uachtarán agus easpaig.

Nach samhlófá go mbeadh rudaí níos práinne agus níos tábhachtaí ag Íosa Mhic Giolla Mháire le bheith ag gearán fúthu, seachas nár athraigh an Pápa clúidín salach riamh agus nár bhonkáil . Caidé mar a bheadh a fhios aici é sin ar scor ar bith?

Agus PhD i nDlí na hEaglaise Caitlicí anois ag Íosa Mhic Giolla Mháire, thig léi labhairt go húdarásach faoi rud ar bith ar domhan, níl rud ar bith ar chlár na cruinne nach bhfuil baint ag an Eaglais leis agus nach bhfuil an Eaglais sásta labhairt go húdarásach faoi. Shocraigh Balor cúpla ceist a chur ar an bhean féin. Tháinig uirthi agus í ag ullmhú le dul ar a hoilithreacht bhliantúil go hOdious Gael i nGleann Cholm Cille.

Seachtain in Odious

Balor: Bhuel, a Íosa, an bhfuil ag súil le seachtain eile a chaitheamh in Odious Gael, mar a dhéanann achan bhliain?

Íosa: Níl, a Bhaloir, agus inseoidh duit cén fáth. Seo cnámh na fírinne anois: B’fhearr go mór liom a bheith ag clúidíní salacha ag triall ar Odious Gael, ach sin an breithiúnas aithrí a chuirim orm féin achan bhliain. an-naofa, a fhios agat. Oiche Sathairn seo chugainn beidh ag éisteacht le Leamh Ó Cuinneagáin. Caithfidh trí huaire an chloig ag insint dúinn chomh tábhachtach is atá Odious Gael sa chath shíoraí ar son chearta mhuintir na Gaeilge agus faoi thábhacht Odious Gael i saol cultúrtha na hÉireann. Meabhróidh dúinn arís agus arís eile go dtagann mic léinn go Gleann Cholm Cille as achan chearn den tír agus den domhan. an léacht ar fad de ghlanmheabhair agam faoi seo.

Ansin gach ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh i mo shuí sa seomra ranga ag éisteacht le May Mac Ránais ag bladar faoin tuiseal ginideach agus faoin mhodh choinníollach agus ag ceol Thíos i Lár an Ghleanna arís agus arís agus arís eile; agus beidh mise ag samhlú dom féin go bhfuil ar ais sa Róimh ag ól cappuccino i gcaife beag i gCathair na bhFáithe. Ach sin mo pheannaid agus sásta cur suas leis, naofa, a fhios agat.

Balor: Caithfidh go ndearna an-chuid peacaí le do shaol nuair atá le haithrí mar sin. Ach inis dom, a Íosa, caidé a dhéanfaidh nuair a bheidh seachtain Odious Gael thart? an PhD agat anois agus mac léinn níos thú.

Íosa: Bhuel, a Bhaloir, ag smaoineamh ar bheith i mo shagart. Más féidir le Sinéad O Connor é a dhéanamh is féidir liomsa é a dhéanamh. Agus PhD agam sa Dlí Canónach, agus mar sin an scéal ar fad ar eolas agam ón taobh istigh. Agus naofa. Agus cráifeach. Agus mo chuid paidreacha ar eolas agam, murab ionann agus roinnt daoine eile. Fan go bhfeice na cáilíochtaí eile atá agamBhuel, bhí mise ag glanadh tóineanna salacha leanaí sula raibh aon chaint ar Pampers Huggies. Pampers mo thóin!

Cathair na bhFáithe

Balor: An gcronóidh saol na Róimhe, a iar-Uachtaráin?

Íosa: Cronóidh cinnte, a Bhaloir. Beidh thar a bheith doiligh orm socrú isteach i saol na hÉireann arís. Bhí an-tógtha le slachtaíocht na nIodálach: na sála arda, na gúnaí áille ildathacha, na hataí dubha agus dearga agus corcra, na blúsanna bláfara galánta. Agus bhí spéis agam i bhfaisin na mban chomh maith. Agusós ag caint dúinn ar cháilíochtaí le bheith i do shagart, sciorta agus hata agus blús agam cheana féin.

Agus cronóidh na cupáin tae le mo chara Francie, mar a thugaim féin air. Deir liom gur an t-aon duine a thugann Francie air, ach chreidim é sin. Ba ghnách leis bualadh isteach chugam gach maidin Déardaoin choinne cupán tae de chuid Bewleys agus cúpla briosca Marietta. Dúirt go raibh ag súil le tae ceart de chuid Barrys, ach mhínigh gur tae de chuid na Léinte Gorma a bhí ansin. Níl a fhios agam ar thuig an méid sin nár thuig. Ó is iomaí comhrá agus seisiún giob geab a bhí agam le Francie. Dála an scéil, a Bhaloir, mórán Francies thart faoi Ghleann Cholm Cille. Ó a Bhaloir, an chaint seo faoi Ghleann i ndiaidh cur i gcuimhne dom nach bhfuil an obair bhaile ón bhliain seo caite déanta agam do May Mac Ránais. Maróidh . B’fhearr dom imeacht agus an obair bhaile sin a dhéanamh, a Bhaloir. An bhfuil aon chur amach agat ar an mhodh foshuiteach caite?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.