AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Is é tuairim mheáite Bhaloir gur ag caint trína mhóin atá Ming gan Taise agus gur píobaire an aon phortaigh é fosta.

Íomhá
Ming Ó Flannagáin, TD agus FPE le taobh an chláir cheartaithe i gConamara
Íomhá
Traenacha móna an stáit ar phortaigh ardaithe Uíbh Fhailí
Íomhá
Móin teaghlaigh le taobh an bhealaigh i Ros Comáin
Íomhá
An TD & FPE Lugh Ming Ó Flannagáin (le Lukeming ar Vicipéid)
Íomhá
Oifig ar díol faoina luach

Bhuel, a léitheoirí dílse, tá na toghcháin áitiúla agus Eorpacha thart; tá Happy Gilmore ar shiúl; tá Mary Lou agus Gerry agus Pearse níos mó ná sásta; agus tá Ming Míthrócaireach meidhreach go maith. Ní bheidh preabsheoláin de dhíth sa Bhruiséil. (Féach an nasc ar dheis.)

Agus maidir le Ming Míthrócaireach, tá a chuid móna bainte – i lár na hoíche a chuaigh sé i mbun a bainte, dar leis, ar eagla na bpéas. Ag caint fríd a mhóin atá sé, dar le Balor. Tá go leor le rá ag Balor faoin Mhing chéanna. Deir sé gurb í an chúis lúcháire is mó atá ag an Teachta Eorpach is úire ná go mbeidh sé ag obair níos gaire d’Amsterdam anois, agus mar sin nach baol dó rith amach as raithneach.

Ach cad é a dúirt Ming féin faoin éacht a rinne sé sa toghchán? “Ní athróidh mise mo phortach… mo phort, ba chóir dom a rá! Ach ní athróidh mé mo phortach ach oiread. Tá roinnt daoine den bharúil gur cuma liomsa faoin timpeallacht, ach níl sé sin fíor; agus i bhfianaise air sin, ní lasfaidh mé aon raithneach taobh amuigh. Istigh sa teach a bheas mé á chaitheamh. Tá mé ag súil go mór le dul chun na hEorpa. Deirtear liom go bhfuil an raithneach thar barr sa Bhruiséil. Tá mé ag súil go mór le bualadh arís le José Mourinho, Uachtarán Choimisiún na hEorpa. Tháinig sé go Ros Comáin an bhliain seo a chuaigh thart le cuidiú liom an mhóin a ghróigeadh, ach i ndáiríre is ag ligean scile air féin a bhí sé agus é ag plé le móin.

An Mhóin, an Mhóin, an Mhóin

Tá daoine ag cur ceisteanna orm cheana féin faoin chineál oibre a bheas ar siúl agam san Eoraip. Ar ndóigh, is fear tuaithe mise, agus is iad muintir na tuaithe a thogh mé, agus is ar son mhuintir na tuaithe a bheas mise ag obair. Tá mé i ndiaidh mo dhianmhachnamh a dhéanamh ar an cheist seo, agus aon leasú a dhéanfaidh mé, nó aon dlí úr a cheapfaidh mé, is ar mhaithe le muintir na tuaithe in Éirinn a bheas siad. An chéad rud a dhéanfaidh mé ná fáil réidh leis an dlí sin nach ligeann do mhuintir na hÉireann a gcuid móna féin a bhaint. Tá a fhios agam gur seanphortach de mo chuidse é seo – gabh mo leithscéal: seanphort de mo chuid, ba chóir dom a rá. Deir daoine gur píobaire aon phortaigh mé… ahem! Píobaire aon phoirt. Deir daoine eile nach mbíonn ar siúl agam ach móin, móin, móin, gan stad, gan staonadh. Ach is daoine iad sin nach dtuigeann tábhacht na móna i saol na tuaithe in Éirinn. Ní thuigeann daoine mar sin tábhacht na n-oifigí poist ná na siopaí gnéis ach oiread!

An dara rud a dhéanfaidh mé ná deontas a chur ar fáil do dhuine ar bith a bhaineann móin – mo mhóin féin san áireamh, nó beidh mise róghnóthach san Eoraip le móin a bhaint sa bhaile an bhliain seo chugainn. An tríú rud a dhéanfaidh mé ná cúig mhíle carr a cheannach. Sea! tá mé ag caint faoi na carranna nua seo atá ag Google; na carranna a thiomáineann iad féin. Creidigí é nó ná creidigí! Ní bhíonn tiománaí ar bith de dhíth. Beidh cúig mhíle acu sin ar bhóithríní na hÉireann taobh istigh de mhí chun muintir na tuaithe a thabhairt chuig na tithe tábhairne agus ar ais gach oíche sa tseachtain. Beidh orthu na deontais nua a chaitheamh, agus cén áit is fearr chun deontas a chaitheamh ná sa teach tábhairne, mar a rinne ár sinsir romhainn. Sean-nós Gaelach é an deontas a chaitheamh tigh an óil.

Beidh Méadar Geal ar gach Cosán & na Mná Óga go Dolba Dána (Naomh Colm Cille cecinit)

Tá pleananna agam chun postanna a chruthú do mhuintir na tuaithe fosta. Tógfaidh sé cúig mhíle fear agus iad ag obair ar feadh ceithre bliana chun na méadair uisce ar fad a bhaint amach agus a chur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as. Níl FÁS ann níos mó, ach beidh tithe fáis ann a luaithe is a gheobhaidh mise deis an dlí úr a rith. Beidh feirmeoirí na hÉireann ag fáil deontas chun raithneach, marijuana Chonamara, nó cnáib a chur ag fás i dtolláin phlaisteacha. Cruthófar go leor postanna i réimse na teilifíse chomh maith. Beidh daoine de dhíth chun rialacha agus béascnaí na gcluichí Gaelacha a mhúineadh do mhuintir Sky agus do na daoine sin ar fad ar fud an domhain a bheas ag coimhéad na gcluichí craoibhe ar Chainéal na Spéire. Samhlaigh tráchtaire Sky ag iarraidh a mhíniú do mhuintir an domhain an bhrí atá le square ball.

Ach cronóidh mé mo sheanchara Shatter go mór. Bheinn shattered dá mbeadh orm fanacht i dTithe an Oireachtas gan mo chomrádaí Alan ann mar Aire Dlí is Cirt le bheith ag spairneadh liom. Agus mo sheanchara eile, Tricky Sticky Gilmore: beidh seisean ina shuí ar na cúlbhinsí, agus bhrisfeadh sé mo chroí é a fheiceáil ansin ina fheic saolta, é tréigthe ag a chuid comrádaithe. Ó bhrisfeadh sé mo chroí. As go brách liomsa, mar sin, chuig an Bhruiséil.

Tá mé ag súil fosta le bualadh le mo dhuine Van Nistelrooy, nó Van Winkle, nó Van Rud Éigin. Tá sé ina Uachtarán ar Chomhairle na hEorpa. Chuir seisean teachtaireacht chomhghairdis chugam nuair a toghadh mé, agus dúirt sé go raibh sé ag dréim go mór leis na háiteanna is fearr in Amsterdam a thaispeáint dom. Ó beidh an-am agam san Eoraip. Tá mé ar bís agus tá mé thar a bheith buíoch de gach duine a chaith vóta dom! Adios! Au Revoir, Auf Wiedersehen, mes amis!”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.