AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

D’fhreastail Balor na mBéimeann ar chóisir fíona le deis faire ar an phearsa a chuaigh ó amharc ar Mhéara na gConallach Toigh Ard-Mhéara na hArdchathrach.

Íomhá
Toigh an Ardmhéara
(Tim Ralph Photography do Chumann Thír Chonaill)
Íomhá
Mac Ránais ag tarraingt aird beirte maidin chiúin sa tsamhradh
Íomhá
Ceannairí cathláin leis an Chaiftín, bliain eile ullmhúcháin déanta
Íomhá
An obair chrua in Oideas Gael
Íomhá
Cathlán an Chuinneagánaigh lasmuigh den cheanncheathrú i nGleann

Bhí maithe agus móruaisle na hÉireannagus Dhún na nGalli láthair i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh nuair a fógraíodh Liam Ó Cuinneagáin mar phearsa Dhún na nGall na bliana. Bhí san fhoirgneamh stairiúilagus ruaille buaille chomh maithnuair a tháinig Liam isteach sa halla agus Gardaí Síochána ar achan taobh de: beirt roimhe, beirt ina dhiaidh agus beirt ar achan taobh de. Mhínigh Sarah Chití Dhomhnaill, Rúnaí Oinigh Chumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath, gurbh é Liam féin a chuir fios ar na gardaí chun é a chosaint ón oiread sin daoine a bheadh ag iarraidh a dhroim a bhualadh. Mhínigh Sarah Chití fosta nach rabhthas róchinnte gurbh é a dhroim a bhí Ó Cuinneagáin ag iarraidh a chosaint ón chosmhuintir a bhí cruinnithe le chéile don ócáid.

D’éirigh le Ó Cuinneagáin a bhealach a dhéanamh go dtí barr an halla i gcás ar bith, áit ar chroith lámh leis na haíonna speisialta a bhí ann ina onóir. Ina measc bhí Jimmy Not Winning Matches Mc Guinness, pearsa Dhún na nGall na bliana seo caite, a rinne comhbhrón agus comhghairdeas leis an Uasal Ó Cuinneagáin. Dúirt Jimmy go raibh thar a bheith sásta go raibh a théarma féin anois istigh go raibh trí chloch meáchain curtha suas aige le bliain anuas i ndiaidh freastal ar an oiread sin ócáidí tábhachtacha i siopaí caife de chuid Centra agus Londis agus Spar ó cheann ceann na contae. Gheall Ó Cuinneagáin go gcuirfeadh stad láithreach leis an nós náireach, agus go mbeadh na hócáidí tábhachtacha a bhfreastalódh seisean orthu in áiteanna tábhachtacha stairiúla as seo amach. Luaigh roinnt tithe tábhairne mar shamplaí d’áiteanna tábhachtacha stairiúla, agus trí cinn d’óstáin cúig réaltapéire acu in Santa Monica, California, agus an tríú ceann in Kuala Lumpur.

Caint an Chéad Phápa Mná

I measc na n-aíonna speisialta eile a bhí ar an ardán bhí iar-Uachtarán na hÉireann, Íosa Mhic Giolla Mháire. Labhair sise faoi na seachtainí speisialta sócúlacha soilbhre a chaith in Odious Gael gach samhradh ó ceapadh í ina hUachtarán i 1997. Dúirt gur bhain agus sult agus ceol as gach uile ghné de na cúrsaí sin ach amháin na ranganna Gaeilge. Mhaígh go raibh sa rang céanna ón am a chuaigh ann an chéad bhliain riamh; go raibh a cuid cairde uilig i ndiaidh bogadh suas go rang eile, ach go raibh sise i ndiaidh fanacht ag an leibhéal céanna i gcónaí, a bhuíochas sin don mhúinteoir a bhí aici, May Mac Ránais. Mhol go láidir do Phearsa na Bliana fáil réidh le Mac Ránais sula dtarraingeodh droch-chlú amach is amach ar an choláiste. Bhronn cóip beathaisnéis údaraithe, le May Mac Ránais, ar gach duine sa lucht féachana, agus trí cinn an duine dóibh le tabhairt abhaile leo chun an tine a lasadh. In onóir na hócáide bhronn cóip den leabhar dírbheathaisnéiseach is déanaí atá scríofa aici féin, An Chéad Bhanphápa Éireannach Riamh, ar Liam.

Ina diaidhse labhair iar-Aire na Gaeltachta, Máire Chlochráin, agus mhol Liam go hard na spéire as a dhílseacht do Thír Chonaill. Mhaígh gur thacaigh go daingean i gcónaí le cruthú agus caomhnú na fostaíochta sa bhaile, agus ar a shon sin nár cheannaigh oiread is pionta pórtair féin in áit ar bith taobh amuigh de Thír Chonaill. Dúirt gur mhaith a bhí a fhios aici sin, mar gur sheas go minic ag an bheár i dTeach Laighean ag fanacht le go gceannódh Liam deoch di, ach gur fanacht in aisce a bhí ann. Mhol é as a cheannasaíocht agus a chlisteacht agus a ábaltacht i rith a thréimhse mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. Ghabh buíochas leis as an stocaireacht a rinne Liam ar a son, agus dúirt nach raibh ag smaoineamh ar an chuidiú sin ar chor ar bith nuair a cheap é mar Chathaoirleach. Bhronn sise cóip leabhar úr dírbheathaisnéiseach, You Scratch My Back, ar Phearsa na Bliana.

Ian Cianchainteach

Buaicphointe na hócáide, dar le Balor an Bladaire a bhí i láthair don imeacht ar fad agus nár chaill oiread is bomaite de na hóráidí, an chaint a thug Ian Mc Garvey, Méara Dhún na nGall. Is é an clúagus an cháil fostaatá ar Mc Garvey go bhfuil trí bliana is ceithre scór d’aois agus mar sin gurb é an polaiteoir is sine in Éirinn. Ina ainneoin sin dhearna aon stad fuaradh ach oireadina chuid cainte gur chaith cúig bhomhaite is fiche ag caint faoi mhórán de na daoine a bhí cruinnithe os a chomhair sa halla, agus ag caint faoi féin agus faoina chuid gaiscí polaitiúla. Chaith deich mbomaite ag moladh Jimmy When He Was Winning Matches Mc Guinness; luaigh a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, achabairt nath fiú focal ar bith dúirt faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin. Ba mhór an t-éacht é a bheith ábalta beagnach gach duine eile sa halla, gan trácht ar an chontae, a lua seachas Pearsa Dhún na nGall na Bliana.

Ar chuir isteach amach ar Ó Cuinneagáin? Níor chuir, baol air. Caidé a bhí ar siúl aigesean i rith an ama? Ag sméideadh lena chairde sa lucht féachana agus ag freagairt téacsanna óna chairde thar lear nach raibh in ann a bheith i láthair. Bhris nós agus béascna na mblianta i ndiaidh na hócáide nuair a cheannaigh deoch do Bhalor i dtábhairne Doheny and Nesbitts. “A Bhaloir, a thaisce,” a d’impigh , “ bheidh ródhian orm in eagrán mhí Feabhra? An mbeidh?”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.