AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

alt Bhaloir daite le tagairtí don bhliain atá ag tabhairt na gcor anois agus atá ar turas na síoraíochta a thosú, slí na fírinne mar a bhfuil polaiteoirí i bpianbhreith agus baincstéirí i bpríosún.

Íomhá
Neam, neam, neam
(le Dennis Yang ar Flickr)
Íomhá
Tacsaí pearsanta Mhícheáil Laoire
(le Irish Typepad ar Flickr)
Íomhá
An Cheis Fhada
(le Neverending September ar Flickr)
Íomhá
Norman Stormin homeward 1975
(le Manhhai ar Flickr)

deireadh na bliana ag teannadh linn, a léitheoirí dílse, agus b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfadh Balor a shúil nimhe a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana. Bhí fuacht agus teas againn ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cheardchumann Bhord Soláthair an Leictreachais de; agus bhí dubh agus bán againn i gconspóidí agus achrainn go leor, fiú cinn nár bhain le cúrsaí ciníochais. Bhí Alan Shatter dearg san éadan agus é ag iarraidh a mhíniú dúinn go mbíonn an ceart aige i gcónaí, fiú nuair nach mbíonn. habraimis rud ar bith faoin dath dubh, fúthu siad a imríonn rugbaí in éide dhubh! Bhí na gormacha ar mhórán de mhuintir bhocht bhrúite na hÉireann i mbliana, ach ina ainneoin sin is uile, bhí na bratacha dúghorma agus gealghorma ar foluain ag muintir na cathrach cois Life; agus na meirgí gorma agus buí in airde ag muintir an Chláir i Mheán Fómhair.

Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain. “ raibh ann ach siúlóid sa pháirc,” a dúirt le Balor. “ seanchleachtadh ag muintir Chorcaí ar an siúl. Féach Sonia O Sullivan ag siúl isteach ón raon reatha sna cluichí Oilimpeacha, Roy Keane ag siúl isteach ó pháirc na himeartha in Saipan. Ó muid breá ábalta a bheith ag siúl i gCorcaigh. haon rud nua é cois Laoi.”

Bugair mo Bhugatti

Mhínigh Ruairí Mc Elroy (ó Norn Irlan) do Bhalor go raibh deacrachtaí aige le gnéithe éagsúla chluiche gailf, agus mar sin go raibh ag díriú isteach ar an tiomáint i mbliana. Dúirt go suíonn isteach ina Bugatti Veyron (luach £2,000,000) gach maidin agus go dtiomáineann síos go dtí oifig a chuntasóra é, sula dtiomáineann suas go dtí teach a ghníomhaire é, agus ansin tiomáineann é thart ar an timpeallán cúig huaire ar mhaithe leis an spraoi, sula dtiomáineann an Bugatti síos go dtí teach an fhir a choinníonn cuntas cruinn ar an mhéid carranna atá aige. Agus i ndiaidh na tiomána sin ar fad, níl in ann an bhánóg a bhualadh ón tí-bhosca. Nach aisteach an saol é!

Ach, i ndáiríre, bhí tús breá bríomhar ag an bhliain, thosaigh ar cosa in airde. Ag tagairt do na heachbhurgair atá Balor. bhfuair féin locht ar bith orthu, b’iomaí uair a d’ith capall; ach níor thaitin na scéalta grinn na jócanna lofa leis. Caidé a thugann ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a itheImigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! ! ! !

Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach in áit inteacht eile. mhéad burgar a cheannófá ar €145,000?

Bíodh Each Ann As

Habemus Papam,” a scairt an Cairdinéal Jean-Louis Pierre Tauran i an Mhárta. B’in mar a chuala muid an nuacht go raibh an Pápa Proinsias i ndiaidh a theacht i gcomharbas ar an Phápa Benedict XVI. Níor thug an Pápa úr pinsean ar bith leis ón phost a bhí aige san Airgintín, agus an chuma ar an scéal go bhfuil ábalta agus sásta maireachtáil ar an bheatha chúng, agus go n-íosfadh seisean burgar Tesco fiú, bíodh each ann bíodh. Deirtear gur fear simplí é a chaitheann saol simplí, ach hionann sin is a go bhfuil soineanta mothaolach. Is cosúil go bhfuil tuiscint níos fearr aige ar chúrsaí geilleagair agus ar chúrsaí airgeadais mar atá ag mórán polaiteoirí. “Cén fáth nach mbíonn oiread is focal faoi sna nuachtáin nuair a fhaigheann seandaoine bás inár gcuid cathracha de bharr fuachta agus ocrais: agus go mbíonn na nuachtáin lán den scéal thiteann an stocmhargadh cúpla pointe?” a d’fhiafraigh ar na mallaibh. Fanaimis go bhfeicimis caidé atá ag gabháil a dhéanamh faoi Bhanc na Vatacáine.

Bhí an bhliain seo dian ar shaoiste Ryanair, Micí Ó Leery. Murar tháinig na scamaill luaithrigh ar ais le cur isteach air, tháinig a scáil. Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010. B’éigean breis agus míle euro a thabhairt amach, dar leis. “Anois,” a deir bheidh biseach ar bith faoin Nollaig do na píolótaí na sclábhaitheoops! searbhóntaíoops! freastalaithe cábáinó sea! na freastalaithe cábáin! bheidh bónas ar bith ag duine ar bith (seachas féin!). Anois, imígí libh go dtabharfaidh faoin seanduine dall sin sa chathaoir rotha a bhfuil cuma throm ar a bhagáiste cábáin.”

Tuaisceartach Ó Ciaráin

Beidh cóisir sna flaithis um Nollaig agus beidh cuireadh acu siúd ar fad a d’imigh uainn ar shlí na fírinne i mbliana. Deir Balor gurbh fhiú an bás a fhulaingt, beagnach, le bheith in ann éisteacht le Páidí Ó ag bualadh le Maggie Thatcher: “Anois, a Mhaighréad, a fhios agat nach n-oireann an comhluadar seo de dhaoine córa leithéidí iar-phríomhairí na Breataine a bhí i gcumhacht le linn na stailceanna ocrais sa Cheis Fhada. B’fhearr duit imeacht anois, a Mhaighréad. Amach! Amach! Amach! Cóisir is ea cóisir is ea cóisir, agus haon áit é do dhaoine nach bhfuil in ann súp a bhaint as. Féach an bheirt sin thall; sin James Gandolfini ag caint le Stormin’ Norman Schwarzkopf agus James ag taispeáint do Norman an dóigh cheart le gunna a láimhseáil agus a scaoileadh. Agus féach an bheirt eile sin. Sin Séamus bocht Heaney ag éisteacht go fadfhulangach le Lou Reed atá ag geabadh gan scíth faoi Taobh Fiáin den saol atá le teacht an saol in bhfuil muid anois, a Mhaggie. An dtuigeann ? Anois, imigh leat. Amach! Amach! Amach!”

Guíonn Balor aghaidh gach dea-scéala oraibh sa bhliain úr agus cúl gach drochscéala oraibh sa bhliain atá muid a fhágáil inár ndiaidh. Mar a deireadh athair mór Bhaloir san am fadó: Tubaiste an agus na háite go raibh leis mar bhliain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.