AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Bhí Balor ag dul i dtaithí ar Eorpachas na Gaeltachta, ar ghliogar na gramadaí tábhairne agus ar cheol gaelach na Mór-Roinne in Éirinn lá breá te sa tsamhradh.

Íomhá
Mariko na Seapáine agus Tobias na Gearmáine
Íomhá
Gaeilgeoirí na hEorpa agus an Domhain ag amharc ar an ghréin
Íomhá
Comhartha crochta in Ontario
(le Dan J Doyle, Vicipéid)
Íomhá
Gaeilgeoirí Milwaukee

Ag deireadh na míosa seo a chuaigh thart rinne Balor rud a raibh sé de rún aige a dhéanamh le fada an lá. Chaith sé tamall ag Scoil Samhraidh Odious Gael i nGleann Cholm Cille. Bhí an aimsir go hálainn, rud atá neamhchoitianta go leor i ngleann beag lách sin an cheoil – chomh maith sin gur mheall sé mórán achan duine a bhí ag freastal ar an scoil chun na brístí beaga a chaitheamh. (Brístí glún, nó brístí gearra, ba chóir duit a scríobh, a Bhaloir. Caitheann muid ar fad na brístí beaga i rith na bliana! Mo náire thú – Eagarthóir)

Ar scor ar bith, a Eagarthóir fhaiseanta an bhríste bhig, chonacthas cosa áirithe nach bhfacthas leis na scórtha bliain, agus siocair mhaith nach bhfeicfí cuid acu. Bhí Leamh Ó Cuinneagáin féin gléasta mar a bheadh peileadóir Conallach ann: na stocaí bána thíos fána rúitíní tanaí agus a dhá lorga chaola ar taispeáint don domhan mór. Bhí sé ina sheasamh ag barr an halla agus é ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine: “Níl ATM ar bith i nGleann,” a dúirt sé, “ach beidh mé féin ag dul chuig na Cealla Beaga maidin amárach. Thig libh bhur gcártaí creidmheasa a thabhairt dom agus na huimhreacha rúnda aitheantais a scríobh síos ar ghiota páipéir. Beidh bhur gcuid airgid slán sábháilte.” Agus chreid siad é. Agus thug siad na cártaí agus na huimhreacha dó!

As na Ceithre hAirde

Bhí daoine ann as achan chearn: as an Ghearmáin, an Fhrainc, an Spáinn agus an Phortaingéil; as an Iodáil agus an Danmhairg; as Oirthear agus Iarthar na hEorpa; as Meiriceá Thuaidh agus Theas; as an tSín agus an tSeapáin; agus fear as Corcaigh. Chuir siad iad féin in aithne, duine i ndiaidh a chéile: “Mise Yu Ming. Is as an tSín mé.” “Mise Maria Theresa. Is as an Pholainn mé…” Chuaigh siad ar aghaidh agus ar aghaidh mar a bheadh Liodán na Maighdine Muire á reic, agus tháinig gach duine isteach leis an fhreagra: “Tá fáilte romhat!” Chuir sé cruinniú den AA i gcuimhne do Bhalor.

Chuir an chaint ar fad tart an domhain ar Bhalor bocht agus amach ar an doras leis le go bhfaigheadh sé suíochán sócúil dó féin sa teach tábhairne. Níor luaithe an chéad leathscór pionta ólta aige nuair a bhuail an drong an doras isteach. Ní raibh cosúlacht mhuintir AA orthu agus iad ag ordú deochanna. Shílfeadh duine go raibh am druidte ann, agus iad ag carnadh piontaí chucu féin. Ansin thosaigh siad á gcaitheamh siar amhail is go raibh cluinte acu nach mbeadh pionta ar bith ar fáil an lá ina dhiaidh sin. Ansin tharraing Gearmánach feadóg stáin amach as a phóca agus thosaigh an seisiún. Ní raibh Éireannach ar bith ag seinm, ach bhí banjo ag fear ón Bhulgáir, fidil ag bean ón Fhrainc, trumpa béil ag fear na Seapáine, bosca ceoil ag Sasanach agus dhá bhodhrán an duine ag triúr Gearmánach. Bhí an ceart ar fad ag Christie Moore nuair a thug sé an Continental Céilí ar sheisiún ceoil i dteach tábhairne in Éirinn.

Gaelachas an Eorpachais, nó Is Forleitheadach Galar na Gaeilge

Bhí Balor ag éisteacht le bean as an Isiltír a bhí ag caitheamh siar piontaí Heineken agus ag moladh mhuintir na hÉireann go hard na spéire: “Bhí cairde de mo chuid ón bhaile anseo anuraidh,” a dúirt sí, “agus tuigim anois nach ndearna siad áibhéil ar bith agus iad ag caint faoin tír seo: an aimsir álainn, na piontaí den scoth, ceol nach bhfaighfeá a leithéid i dtír ar bith eile, agus Gaeilge bhinn bhlasta thart orainn an t-am ar fad.”

“Ach, nach dtuigeann tú, a bhean,” arsa Balor, “gurb annamh a bhíonn aimsir mar seo againn; gur ón Eoraip a tháinig na piontaí sin atá tú ag ól, agus gur muintir ón iasacht atá ag seinm ceoil agus ag labhairt Gaeilge bhlasta thart ort sa teach tábhairne seo?” Ach ní raibh cluas le héisteacht ar an bhean, agus d’imigh sí léi ag lorg comhluadair eile.

Ó Bó go Deo!

Chuala Balor bean ón Ostair ag labhairt leis an Chorcaíoch aonair a bhí sa Ghleann den chéad uair, agus a raibh a dhá shúil agus a bhéal ar leathadh aige agus é ag éisteacht leis an Continental Céilí agus leis an Ghaeilge bhlasta thart air. “An bhfuil aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?” a d’fhiafraigh bean na hOstaire de. “Bhuel,” arsa fear Chorcaí, “ Cé gur feirmeoir mé féin, agus go bhfuil cur amach agam ar an mbó bhainne agus ar an mbó thirim, caithfidh mé a admháil nár chuala mé riamh aon chaint ar an mbó choinníollach.” “Tugann tú Éireannach ort féin?” a dúirt sí, agus díchreideamh ina glór, “Agus níl aon chur amach agat ar an Modh Coinníollach?”

Bhí sí ar tí imeacht uaidh nuair a chonaic sé go raibh cuileog ag snámh thart sa phionta Carlsberg a bhí sí ag ól. “Ó féach an cuileog,” arsa an Corcaíoch. D’fhéach sí isteach ina pionta sular chas sí ar an Chorcaíoch. “An chuileog, ba chóir duit a rá,” a dúirt sí. “Tá sé baininscneach!” “Ó an bhfuil,” arsa fear Chorcaí. “Bhuel, féach air sin anois. Nach tú atá glinnsúileach!”

Amach ar an doras le Balor bocht sular chuir sí ceist ar bith air féin, agus amach trí na sléibhte leis go lorgódh sé comhluadar nach mbeadh aon chur amach acu ar an Mhodh Coinníollach ná ar chuileoga baininscneacha; áit nach mbeadh Continental Céilí ar bith le cluinstin ná Gaeilge bhlasta bhinn na hOstaire ná na Gearmáine. “Mo shoraidh céad slán le Gleann,” a dúirt sé thar a ghualainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.