AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Beidh muirear ar gach muirear agus muirear ar dhroim an mhuirir mhullaigh sin dar le Balor agus ní bheidh aon mhuirear gan mhuirear ina bhun agus ina mhullach.

Íomhá
An TD, Mary Lou
(le William Murphy, Infomatique ar Flickr)
Íomhá
Bás don Bhéarla, Aengus Ó Snodaigh
(le Baldeadly ar Vicipéid)
Íomhá
Duine bocht a bhfuil a sháith muirir air cheana féin, gar don bhanc 'Cheannais', BÁC
Íomhá
An Danar Mór Sóisialach
(le Lapsed Pacifist ar Vicipéid)

Is iontach an mac é an muirear. Ní raibh an focal ar eolas ag duine ar bith cúpla bliain ó shin, seachas iad siúd a bhíonn ag déileáil leis an Oifig Cánach trí Ghaeilge; agus nach maith mar a thuig siad siúd an focal! Ach anois, tá an focal ag madraí an bhaile. Muirear: firinscneach, an chéad díochlaonadh – charge or encumbrance, burden or load. Féach an méid focal Béarla atá de dhíth chun an focal beag neafaiseach neamhurchóideach soineanta Gaeilge sin a mhíniú.

Agus más beag neafaiseach féin é mar fhocal, is mór an tionchar atá sé i ndiaidh a imirt ar mhuintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann. Tugadh an muirear bruscair isteach ar dtús, ach bhí leath na tíre (an leath sin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath) ag íoc as bailiú bruscair cheana féin, agus ní raibh tacaíocht mar a raibh sé ag dréim leis ag an Uiginneach san ardchathair. (Ó hUiginn Mór Sóisialach atá i gceist anseo, seachas Ó hUiginn Beag Iarshóisialach).

Ansin tháinig an muirear sóisialta uilíoch – rud nach raibh mórán den uilíochas ag baint leis – agus dá bharr sin níor aithin muid mar mhuirear é. Ach ansin tháinig an muirear teaghlaigh, agus i bhfaiteadh na súl bhí an focal ar bharr gach goib sa tír – fiú ar bharr a ghoib ag Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, chomh maith. Deir Balor gurb é an muirear teaghlaigh údar gach oilc sa mhéid is nach bhfuil ann ach sampla de na muirir ar fad atá i ndán dúinn sa todhchaí. Ríomhann sé cuid acu dúinn:

Muirear na Cóipeála

Is é is measa faoi na muirir seo ná go bhfuil, agus go mbeidh, muirear ar leith, mar a bheadh muirnín de mhuirear, ag gach uile pholaiteoir i nDáil Éireann. Mar shampla, is é an muirear ab ansa ar fad le hAonghus Ó Snotaigh ná an Muirear Béarla. Tá sé ar a sheacht ndícheall ag iarraidh a leithéid a chur sa dlí le blianta fada anuas: muirear mór le híoc ag duine ar bith a labhródh oiread agus focal Béarla sa Dáil. Ba chuma faoin Ghearmáinis nó faoin Fhraincis, faoin Araibis nó faoin Eabhrais, nó faoin Ghaeilge féin fiú, a fhad is nach labhrófaí focal ar bith Béarla sa Dáil.

Ag ceann eile na meá, is ann don iliomad polaiteoirí ar mhaith leo muirear a ghearradh ar phriontáil ábhair bholscaireachta sa Dáil, go háirithe má théann costas na priontála thar chúig mhíle euro sa tseachtain. Choinneodh muirear mar sin an tUasal Ó Snotaigh agus a chompánach, Merry Loo, ciúin ar feadh cúpla mí – bhuel, ar feadh cúpla seachtain – bhuel, ar feadh cúpla lá. Arú, feckit, tá a fhios ag an saol mór nach gcoinneodh sé ciúin iad, ach cá bhfaighidís an t-airgead chun an muirear a íoc? Cén áit? Cén banc? Mo náire sibh, a léitheoirí!

Ach cén mhaith dúinn a bheith ag caint faoi dhaoine nach bhfuil i gcumhacht, fós, agus nach mbeidh deis acu feoil a chur ar a gcuid mianta muirir go ceann tamaill? Maith ar bith, a deir sibh, agus an ceart ar fad agaibh. Tá sé in am dúinn an tsúil nimhe a chaitheamh ar na polaiteoirí atá i gcumhacht, féachaint cé na pleananna atá acu agus cén muirir atá i ndán dúinn san am atá le teacht.

Muirear na dTeangacha Oifigiúla

I dtús báire, is ann dóibh siúd i bpáirtithe an Rialtais ar mhaith leo an muirear Gaeilge a thabhairt isteach. Ní bheadh an chuma chéanna ar an mhuirear seo agus a bheadh ar an mhuirear Bhéarla, cionn is nach mbainfeadh sé le Teach na Dála amháin, ach le gach uile ghné de shaol an tíre. Ach sula dtosaíonn dílseoirí na Gaeilge ag ionsú Thithe an Rialtais (arís) is fearr míniú agus soiléiriú a thabhairt ar an mhuirear Ghaeilge seo atá beartaithe ag na páirtnéirí Rialtais:

Anois, tá grá ag gach polaiteoir sa dá pháirtí Rialtais don Ghaeilge. Tá labhairt na Gaeilge ag cuid acu, de réir dealraimh, agus tá léamh na Gaeilge ag roinnt eile; ach níl scríobh na Gaeilge ag duine ar bith acu, i bhfianaise na bolscaireachta a thagann amach óna gcuid clinicí go rialta. Ar an tSínis atá siad dírithe anois. Bíonn scata acu ag dul soir uair sa tseachtain, ar a laghad, chun cás na hÉireann a phléadáil sa tSin. Chuige sin, is í an tSínis atá ina cloch is mó ar a bpaidrín – cé nach bhfuil a fhios ag cuid acu cén rud é an paidrín.

Agus é sin ar fad ráite – an grá atá acu do theanga seo ár sinsear agus an meas atá acu uirthi – níl sé i gceist acu bac iomlán a chur ar an teanga. Beidh cead ag daoine an Ghaeilge a úsáid i réimse an oideachais agus ina gcuid fostaíochta, nó i gcás na héigeandálana práinne. Ach, gearrfar muirear mór millteach ar dhuine ar bith a bhaineann úsáid as oiread agus focal amháin Gaeilge ar mhaithe le siamsa. Táthar ann i bPáirtí an Locht Oraibhse a mhaíonn nach bhfuil duine ar bith sa chatagóir sin. “Gaeilge agus siamsa in aon abairt amháin?” a cheasnaíonn siad. “Ní bheidh mórán de theacht isteach againn ón mhuirear sin!”

Murar Mhiste

Ar na buntáistí is mó atá ag an tír i láthair na huaire, seachas muintir na Síne a bheith mar dhlúthchairde againn, tá na hacmhainní nádúrtha is fearr san Eoraip. Agus ar an cheann is fearr de na hacmhainní sin tá aer úr neamhthruaillithe chósta an Iarthair. Anois, sula dtosaíonn léitheoirí Beo Ar Éigean! ag cur briathra i mbéal Bhaloir, nó ag cur drochghníomhartha i leith an Chomhrialtais, ní miste dom a mhaíomh nach bhfuil sé ar intinn ag Rialtas na hÉireann muirear a ghearradh ar an aer úr… ach amháin mar a bhaineann le cuairteoirí. Beidh muintir an Iarthar slán ón mhuirear sin. Ach a mhuintir an Oirthir, an Tuaiscirt agus an Deiscirt, mholfainn daoibh bhur gcuid aeir féin a thabhairt libh i mbuidéil an chéad uair eile a mbeidh sibh ar cuairt i gConamara. Bíonn súil le muirear, ach ...

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.