AR NA SAOLTA SEO
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

lucht na Gaeilge lán go draid le cleasaibh deontasaíochtaa dúirt an Coimisinéir Fiacla le Balor Béimeann, “ach port deiridh a gCoimisinéara Teanga seinnte ag Erectus 2011!”

Íomhá
Oifig an Choimisinéara gona rúnaí
le Christine & Eric Mahler, Awen Photography, ar Flickr.com
Íomhá
Cuirfidh an Coimisinéir Fiacla deireadh le Herectusóirí Chill Airne
Íomhá
Is Baolach nach mbeimid ar ais i nGleann an Iolair
Íomhá
Ceannairí FF Leanúnach agus Páistí an Lucht Oraibhse

Anois, agus Oifig an Choimisinéara Teanga le caitheamh i dtraipisí, Balor den bharúil láidir gur peaca an-mhór é an gníomh suarach seo; ach nach bhfuil ann ach mionpheaca, i ndáiríre, i gcomórtas lena bhfuil curtha ina áit. ceapachán úr déanta ag an Rialtas: Coimisinéir nua ceaptha cheana féin ag muintir Fhine Gael (.i. Fianna Fáil Leanúnach) agus Pháirtí an Locht Oraibhse le teacht i gcomharbas ar Sheáinín Chuirreáin agus ar Oifig an Choimisinéara Teanga; mar atá Oifig an Choimisinéara Fiacla.

Balor bocht brúite ag guí chun Chroim Dhuibh go bhfágfaidh Crom smidín céille de shórt éigin ag Enda Aoibhinn, agus go ndéanfaidh an Taoiseach an ceapachán seo a chur ar ceal. a fhios ag an saol mór go bhfuil an tír seo i gcruachás, ach an aon leithscéal é sin le Coimisinéir Fiacla a cheapadh? Agus é ag iarraidh go mbeidh tuiscint níos fearr aige féin agus ag an phobal ar ról an Choimisinéara Fiacla, samhlaíodh do Bhalor nárbh fhearr rud a dhéanfadh agallamh eisiach a chur ar an duine seo nach bhfuil mórán cainte faoi, faoina oifig, i measc Ghaeil na hÉireann, ach go mbeidh an-chaint faoi go luath.

I seomra beag cúil ar an dara hurlár de theach beag bídeach i gcúlshráid bheag chúng shuarach i dTuaisceart lár na Cathrach Cois Life, a tháinig Balor ar an Choimisinéir Fiacla. Nuair a d’éirigh le Balor Biatach na Blonaige a cholainn chaomh a fháisceadh suas staighre cúng an teachín seo, agus trí dhoras caol na hoifige, ba bheag an spás a bhí fágtha sa seomra. Ach ba leor é don Choimisinéir. Bhí ina shuí taobh thiar de dheasc a bhí clúdaithe le bearta cáipéisí a raibh na focail FÓS LE FIOSRÚ scríofa orthu i mbloclitreacha móra i ndúch dearg. Ach, níos aistí fós méid na gcáipéisí, suarachas na háite, beagmhéid na oifige, fiú mionaíocht an Choimisinéara féin... bhí aghaidh fidil air, ar eagla go n-aithneodh duine ar bith é.

Suigh síos, a Bhaloir’ a dúirt .

im’ shuí cheana féin,” a d’fhreagair Balor an Bligeard go grod leis an phúcóg.

Laoch an Bhéil Fhliuch agus an Bhéil Thirim

Níor tairgeadh greim le hithe braon le hól do Laoch na Litríochta, ach fágadh ansin ina shuí é mar a bheadh mála prátaí ann. shíl Balor gur fáilte fhuar dhoicheallach a fearadh roimhe, níor chuir as beag mór. Bhí réidh chun catha. Bhí na cruacheisteanna in ord agus in eagar ina intinn aige, agus níorbh fhada gur chuir an chéad cheann:

Balor: “Cad é mar atá , a Choimisinéir?”

Coimisinéir: “Réasúnta!”

Bhí Balor réidh leithéid, agus chuir an dara ceist sula raibh seans ag an Choimisinéir teacht chuige féin arís i ndiaidh an chéad chinn.

Balor: “An bhfuil réasúnta maith réasúnta olc?”

Coimisinéir: “Feck off, a Bhaloir! Nach maith atá a fhios agam cén fáth go bhfuil anseo, agus gur cuma sa tsioc leat mise a bheith réasúnta maith réasúnta olc réasúnta rud ar bith eile! Anois cuir do chuid ceisteanna agus feck off ar ais chuig do liarlóg chun mo chuid freagraí a chur i gcló!”

sásta a bhí Balor le freagairt mar seo, ach níor baineadh fiú tuisle as.

Balor: “Tabhair dúinn cur síos ar do ról agus ar do chuid dualgas, más ea.”

Coimisinéir: “Mise an Coimisinéir Fiacla, agus baineann mo ról agus mo chuid dualgas le fiacla. Murab ionann agus an Coimisinéir Teanga a chaith a chuid ama ag agus ag leadhbadh, beidh rudaí eile ar fad ar siúl agamsa. Anois, tuigeann an rud a dhéanann fiacla, a Bhaloir? Sea, baineann siad greim amach as rudaí! Agus cognaíonn siad rudaí go dtí nach mbíonn mórán fágtha. Bhuel, is mar sin a bheas mise ag caitheamh le muintir na Gaeilge. Le blianta fada anois, an saol i ndiaidh a bheith róbhog agaibhróbhog ar fad! Deontas seo agus deontas siúd! Bhuel, deireadh leis na deontais. Is ag fáil airgid ar ais do mo chuid máistrí sa Rialtas a bheas mise. Anois, thig leat an méid sin a chur in iúl do léitheoirí Beo Ar Éigean!”

Deontas Ainneontas, Sin Í an Cheist

Balor: “Cén áit a bhfaighidh an t-airgead ar ais? a fhios ag madraí an bhaile nach bhfuil airgead ar bith ag muintir na Gaeilge.”

Coimisinéir: “Ó nach bhfuil? Ó nach bhfuil? Bhuel, i bhfad barraíocht airgid ag Oireachtas na Gaeilge, mar shampla. Nach ndeachaigh aon chéad caoga duine ó Oireachtas na Gaeilge go Ceanada le haghaidh Oireachtas an Oileáin Úir? Agus níl cuntas ar an airgead a fuair siad ó TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta as na cearta craolacháin ó Chill Airne. Agus haon rún é go bhfuair siad níos cúpla míle Euro ó Joe Ó Dónaill nuair a lig siad a bheith mar fhear an arís ag an damhsa ar an sean-nósfear nach dtiocfadh leis damhsa a litriú, gan trácht ar é a dhéanamh. Fan go sáfaidh mise mo chuid fiacla isteach i bhfeoil bhog bhlonagach an Oireachtais! Beidh lucht amhránaíochta ar an sean-nós ag baint na bputóg as a chéile ar mhaithe le deich Euro mar chéad duais i gcomórtas Chorn Riada.”

Balor: “Bhuel, b’fhéidir, agus móide; ach eile i saol na Gaeilge a bhfuil barraíocht airgid acu?

Coimisinéir: “Cad é faoi Fhoras na Gaeilge féin? Nach bhfuil bord nua le hainmniú acu? Agus nár gheall Fine Gael i rith fheachtas na toghchánaíochta nach líonfaidís boird le feidhmeannaigh le comhairleoirí gcuid féin? Agus leis ar líon siad an bord úr? Agus cén fáth go raibh feidhmeannaigh an pháirtí rialtais ag marú a cheile le bheith ar an bhord úr seo? Ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge? Bhuel, nuair a bheas mise réidh leis an mhungailt a dhéanfaidh mo chuid fiacla ar chostais an bhoird áirithe sin, beidh na baill ag tabhairt leo cupán tae i mbuidéal chuig na cruinnitheagus ceapaire cáise sa phóca chomh maith.

Balor: “Bhí ar ceist a chur ort faoin nuachtán seo agus faoi thodhchaí na n-iriseoirí, a Choimisinéir Fiacla; ach feictear dom go bhfuil imithe thar líon na bhfocal atá in ainm a scríobh; agus níor mhaith liom a bheith ag tuilleamh níos airgid mar atá tuillte agam, thuigeann , a Choimisinéir? Agus ba mhaith liom a chur in iúl duit, a Choimisinéir, nach mise a dúirt nach raibh fiacail ar bith ina chab ag an Choimisinéir Fiacla.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.