AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tuigeann Beairic mar a thuigeann Balor gur in Éirinn na ndaoine glasa agus na lúchorpán a roinntear go fial na tuarastail is airde.

Íomhá
Beairic Obama, Uachtarán SAM
Íomhá
Donncha Mag Fhionnghaile, Aire na Gaeltachta
Íomhá
The West Wing, an eite thoir is an eite láir
Íomhá
An eite theas

Tá Balor na Súile Nimhe ar bís lena scaob a chraobhscaoileadh le muintir na hÉireann ar fad, agus go speisialta le léitheoirí dílse Beo Ar Éigean (an cúigear acu). Bhí Fear na Súile Nimhe a luaithe agus=as soon as">="gloss" title="visiting">ar cuairt, a léitheoirí; ar cuairt faoi rún, nó ba é Balor na Súile Nimhe an t-aon iriseoir Éireannach amháin a fuair cuireadh ar leith ó Bheairic Ó Bama chun agallamh a chur air san Oifig Ubhach, sula dtiocfaidh sé anseo ar a chuairt stáit.

Seachtar ball den tSeirbhís Rúnda a ransaigh agus a cheistigh é go mion sula scaoilfí isteach sa Teach Bán é, ach a luaithe agus a thuig siad gur Balor a bhí ann, ghabh siad a leithscéal agus rinne siad é a thionlacan fríd an teach mór, gan stad gan bhac gan bharradh go dtí oifig an Uachtaráin. Bhí Balor in oifig Uachtarán na hÉireann cheana – ar cheann de na cuairteanna a eagraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí – ach is mór idir an dá oifig. Tá oifig Uí Bhama níos fairsinge fiú ná mar a amharcann sí ar The West Wing. Tá cosán gluaiste ann, mar a bhíonn in aerfoirt, chun Beairic a thabhairt thart.

D’fhear an tUachtarán fáilte mhór Mheiriceánach roimh Bhalor agus chuir sé é ina shuí go sócúil le gloine ina chrobh agus Pall Mall ina bhéal, mar a bhí aige féin, agus chrom siad ar an chaint.

“Bhuel, a Bhaloir,” arsa Beairic, “tá súil agam go raibh turas pléisiúrtha agat ar do bhealach anseo. Caidé mar a thaitin Air Force 1 leat?”

“Ó bhí sé ar fheabhas ar fad, a Bheairic,” arsa Balor. “Tá mé thar a bheith buíoch díot as d’eitleán pearsanta a chur fá mo choinne…”

Tuarastail Mhóra na hÉireann

“Céad fáilte romhat, a Bhaloir, ach ní liomsa é ar chor ar bith. Is le muintir Mheiriceá é. Níl agam féin ach ón lámh go dtí an béal, i ndáiríre. Ar an trá fholamh atá mé i gcomórtas le polaiteoirí agus baincéirí agus craoltóirí na hÉireann. Cinnte, tá tuarastal ag Pat Kenny s’agaibhse ar RTÉ atá ceithre huaire níos mó ná mo cheannsa; agus níl eitleán dá chuid féin aigesean… go fóillín. Nó an bhfuil?”

“Níl, a Bheairic, go fóill beag. Ach feictear dom go bhfuil Pat Kenny ar liosta na ndaoine a bhfuil tú ag iarraidh bualadh leo nuair a thiocfaidh tú go hÉirinn. Cad tuige sin?”

“Bhuel, is mór an méid atá le foghlaim agam uaidh. Ba mhaith liom a fháil amach, mar shampla, cén dóigh a dtig leis a bheith chomh brusanta borb sin le daoine ar a chlár teilifíse, agus fós a bheith in ann a phost agus a thuarastal breá a choinneáil. Ba bhreá liom a bheith chomh tarcaisneach maslach leis sin in amanna, le roinnt de na seirbhísigh phoiblí anseo, ach bheadh eagla orm go gcaillfinn mo phost. Beidh orm labhairt leis le fáil amach conas a éalaíonn sé lena anam, gan trácht ar a phost.”

Gradam an Dochartaigh

“Feicim Liam Ó Cuinneagáin ar do liosta fosta, a Bheairic. Cad tuige go bhfuil tú ag iarraidh bualadh leis? An mbeadh mórán le foghlaim agat ón bhoc sin?”

“Ní bheadh, i ndáiríre, a Bhaloir, tá an bheirt againn ar chomhchaighdeán i dtaca leis an mhéid atá foghlamtha againn i rith ár saoil, a déarfainn, cé go bhfuil rud beag níos mó cumhachta ag Liam ná mar atá agam féin. Ach ba mhaith liom comhghairdeas mór a dhéanamh leis as an ghradam a bronnadh air ar na mallaibh. Creidim gur thug sé an-aitheasc ar fad nuair a ghlac sé le Gradam an Phiarsaigh coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí. Tá iontas orm go bhfuil gradam bunaithe cheana féin le meas ar dhuine nach bhfuil sa Dáil ach le dornán beag míonna. Ní hé sin an Piaras atá i gceist? Bhuel, níor chuala mé caint ar aon Phiaras eile in Éirinn le bliain nó dhó anuas.”

Aoibh an Aire

“Bhuel, a Bheairic, cén Dochar, tá an ceann sin casta. Fágfaidh muid an ceann sin ar leataobh ar feadh tamaill. Anois, inis dom cén fáth go bhfuil tú ag iarraidh bualadh le Dinny McGinley, an tAire Úr i Roinn na Gaeltachta?”

“Tá an cheist sin furasta, a Bhaloir. Shíl mé go mbeadh ceisteanna níos deacra ná sin agat le cur orm. I dtaca le Dinny, tá mé go hiomlán faoi dhraíocht aige; tá mé faoi gheasa aige. Níl a fhios agam ó Neamh go hÁrainn caide mar a thig leis a bheith chomh dearfach deimhneach faoi gach rud. In ainneoin go bhfuil sé anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair sé fiú anois aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air. Shílfeá ó bheith ag amharc ar Dinny go raibh sé i ndiaidh an Lotto a bhaint, nó post Phat Kenny a fháil, nó post iriseoireachta a fháil ar Beo Ar Éigean. Tá Dinny chomh pléisiúrtha leis an Dali Lama – bhuel b’fhéidir rud beag níos pléisiúrtha. Ba mhaith liom an deis a fhail suí síos leis agus a chuid moltaí a fháil faoi mo phost féin.”

Beairic Mhicí Johnny

“Anois, a Bheairic, an cheist dheireanach, mura miste leat. Ceist bheag shimplí atá ann: cén fáth go bhfuil tú ag iarraidh bualadh le Johnny Mháirtín Learaí nó/agus Josie Sheáin Jeaic?”

“Johnny Cé agus Josie Cé? Cé hiad siúd? Ó tuigim anois. Botún atá ann. Mo dhuine atá i mbun TG4 a bhí i gceist agam…

“ Pól Johnny Sheáin Ó Gallachóir?”

“Go díreach, a Bhaloir, Pól Johnny Sheáin. Is iad an dá mhar an chéile domsa iad na hainmneacha aisteacha sin: Johnny Chóil Mhaidhc agus Meaití Jó Shéamuis agus Máirtín Tom Sheáinín. Ní bhím in ann iad a dheighilt óna chéile rómhaith, an dtuigeann tú, a Bhaloir?”

“Ó tuigim go maith, a Bheairic. Níl siad féin rómhaith chuige sin ach oiread. Ach cén fáth go bhfuil tú ag iarraidh bualadh le Pól Johnny Sheáin?”

“Airgead, a Bhaloir! Deirtear liom go bhfuil tuarastail na gcraoltóirí in Éirinn thar a bheith flaithiúil, agus tá mé ag smaoineamh ar mo phost a athrú. Sin an fáth go bhfuil mé i ndiaidh fíor-Ghaeilge a fhoghlaim. Féach ar Greg Ó Braonáin: thiocfadh leis a bheith ina Uachtarán anseo i Meiriceá, ach roghnaigh sé dul le TG4, agus féach anois é ina skillionaire i gConamara. Sin an saol atá uaimse, a Bhaloir. Sin an fáth gur thug mé cuireadh duitse teacht go dtí an Teach Bán: chun mo dhintiúir Ghaeilge a chraobhscaoileadh. Deed Poll a bheas ar siúl agam a luaithe agus a leagaim cos ar thalamh na hÉireann, a Bhaloir. Beairic an Gharda Mhicí Johnny Josie Ó Bama a bheas orm ón lá sin amach. Ó Tá mé ar bís le dul go hÉirinn.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.