AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Ag dréim le bronntanas na Nollag ó aicme airgid na Gearmáine atá Balor. Tá sé ag lorg Action Man do Dermot Ahern agus dealbh de Janus do fhuíoll áir an Chomhaontais Ghlais.

Tá sé i ndiaidh tarlú. Ba mhinic é tuartha; ba mhinic an bhagairt ann; ba mhinic é séanta; ach tá sé i ndiaidh tarlú faoi dheireadh. Tá muid díolta leis na Gallaibh. Ó a bhean ba léanmhar, is léanmhaire fós anois thú. Do chlann féin a dhíol a máthair.

Agus cén moladh atá ag Éamo Ó Caoimhnis dúinn in am seo an ghátair, a léitheoirí dílse na páirte? Molann sé dúinn dul i muinín na paidreoireachta! Nach mór an trua nár ghlac sé lena chomhairle féin, agus b’fhéidir nach mbeimis sa riocht ina bhfuil muid anois. Nach mór an trua nach ndeachaigh an dúramán ar a ghlúine fadó os comhair Chroim DhuibhAonghus an CheoilBhadhbh an Bháiscibé dia firbandia a aithníonn sé, ag iarraidh comhairle faoi bhealach a leasa agus leas na tíre chomh maith.

Ar scor ar bith, ní fiú a bheith ag gearánag éagaoineadh. Beidh thart faoi chéad billiún €uro ag teacht bealach s’againne gan mhoill, agus má shíleann duine ar bith go dtiocfadh le muintir bhocht bhrúite na hÉireann a leithéid sin de shuim airgid a íoc ar ais riamh, tá géarghá ag an duine sin le cuairt ar shíciatraí. I gcionn trí chéad bliain beidh Éire fós ag iarraidh an t-ús a íoc ar ais gan trácht ar aon chuid den bhunairgead. Thig linn an suaitheadh intinne a fhágáil faoi na glúine atá fós le teacht ar an saol.

An Dá Thrá a Fhreastal

Ar aghaidh linn mar sin chuig an chéad rud eile atá ag déanamh buartha do Bhalor bocht ar na saolta seo: bronntanais Nollag. Tá sé ag súil go mór go mbeidh daoine sásta leis an bronntanais a roghnóidh sé dóibh. B’éigean do Bhalor bocht dul ar líne chun dealbh den dia Rómhánach Janus (fuaim: dhea anus) a cheannach mar bhronntanas dá bhfuil fágtha den Chomhaontas Glas. Bhí sé de bhua ag Janus go raibh an dá aghaidh ar a chloigeann: ceann ag amharc chun tosaigh agus an ceann eile ag amharc siar. Bhí Janus mar a bheadh gobadán na Róimhe ann – é ag iarraidh an dá thrá a fhreastal. Beidh an dealbh iontach fóirsteanach do Judas Gormley agus Éamonn Iscariot Ryan. Is maith leo a bheith ag fiasheilg leis na cúnna agus ag rith leis an fhia bheannach. Tá siad ag iarraidh a bheith sa Rialtas agus ag iarraidh gan a bheith sa Rialtas; ag iarraidh a bheith ar son an Rialtais agus in éadan an Rialtais ag am céanna. Thig leo a bheith cinnte de rud amháin in am seo na héiginnteachta: ní bheidh siad sa chéad Rialtas eile – ná sa cheann ina dhiaidh sin ach oiread.

Maidir le muintir Fhianna Fáil, tá Balor ag smaoineamh ar mhiasa deasa uisce a fháil dóibh chomh maith le tuáillí chun go nífidh siad a gcuid lámh i ndiaidh dóibh feic saolta a dhéanamh de mhuintir na hÉireann os comhair an tsaoil mhóir. Tá cúpla rud breise faighte aige cheana féin do roinnt airí de chuid’ an pháirtí phoblachtaigh’. Do Dermot Ahern tá sé i ndiaidh ceann de na bréagáin sin Action Man a fháil – an ceann a deir an rud céanna arís agus arís eile nuair a tharraingíonn tú an téad. Sa chás seo is é a deir Action Man ná: “Níl cainteanna ar siúl leis an IMF – níl ann ach ficsean!”

Béal an Dá Smid

Don bheirt Bhrian – Biffo agus Brains – tá Balor i ndiaidh teacht ar cheann de na giuirléidí sin a úsáideann na bolgchainteoirí: na gléasanna sin a chuireann ar chumas duine a bheith ag caint as an dá thaobh den bhéal ag an am céanna. Ní bheidh stró ar bith feasta ag baint leis an chineál chainte a chleacht an bheirt acu nuair a bhí na cainteanna leis an IMF tosaithe cheana féin. “Níl aon rud ag tarlú. Níl an IMF anseo. Níl sé i gceist againn airgead a lorg. Caidé mo bharúil den chluiche leis na All Blacks??? Siúr ní raibh aon chluiche ann. Ní raibh na All Blacks sa tír ar chor ar bith…”

Don Phápa Benedictus XVI tá ding ceannaithe ag Biffo. “Cén fáth ding?” a deir sibh, a léitheoirí dílse. Bhail, i dtaca leis na gléasanna frithghiniúna sin (na gléasanna friggin’ Úna, mar ba ghnách le Balor a thabhairt orthu sna seanlaethanta fadó) – na gléasanna a dtugtar coiscíní orthu – tá an Pápa i ndiaidh an doras a oscailt rud beag. Níl ann ach rud beag de scoilt, ach ar a laghad tá an doras a bhí druidte go teann le cuimhne na ndaoine anois ar oscailt. Is é a theastaíonn anois ná ding le cur faoin doras chun é a choinneáil ar oscailt, chun go ligfear roinnt aeir úir isteach san áit mhúisiúnta ghruama dhochma sin – chomh maith le roinnt céille agus réasúin.

Taoiseach Úr na Bliana Úire

Do Enda Álainn Aoibhiúil Ó Cionnaith, tá Balor chun ticéad Lotto a cheannach, nó is cinnte go mbainfidh sé an phríomhdhuais. Is é gan dabht an polaiteoir is ádhúla a chuir cos thar thairseach Dháil Éireann riamh. In ainneoin na mbotún ar fad atá déanta aige; i ndiaidh go ndearna sé cac de gach buntáiste polaitiúil a bronnadh air le blianta beaga anuas, is cosúla ná a mhalairt go mbeidh sé ina chéad Taoiseach eile.

Do Richard Bruton, comhghleacaí de shórt d’Enda Álainn Aoibhiúil, tá uaireadóir beag deas ceannaithe aige le bronnadh air am na Nollag. Beidh sé acrach dó an chéad uair eile a dhéanfaidh sé iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint d’Enda agus a bhaint amach dó féin. Beidh sé in ann an t-am a roghnú níos fearr an chéad iarraidh eile.

Tá uaireadóir eile ceannaithe aige do George Lee, an fear nach raibh a fhios aige an t-am ceart le héirí as i rith na bliana. Dá bhfanfadh sé san áit a raibh sé, gach seans go mbeadh sé ina Aire Airgeadais go luath sa bhliain úr. Nach millteanach an rud é an droch-timeáil!

Cúpla bronntanas beag eile le lua sula nguíonn Balor Nollaig mhór mhaith ar gach duine. Tá léarscáil de Dhún Dealgan agus timpeallacht an bhaile sin ceannaithe ag Balor, agus tá sé chun é a bhronnadh ar a sheanchara Gerry Adams. Agus mar fhocal scoir, tá Balor an Baothán i ndiaidh fios a chur ar phaidrín speisialta, ceann beannaithe ag an Phápa, le bronnadh ar Éamó Ó Caoimhnis.

Nollaig shona oraibh ar fad, a chairde, agus croí isteach ó Bhalor (ouch!!)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.