AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá Balor gafa le tae agus gafa gan é ag trácht ar an Aire Éadóchais, ar Bhanríon na hÉireann agus ar an Norriseach, Davidus, Seanóir Choláiste na Trioblóide.

Íomhá
An tAire, M. Ní Chlochráin
Íomhá
Ag Geaftaí Bhail' Áth' Clia', a rinn' mis' 'n OBE
Íomhá
An Siopa Lobhar, 6 Sráid Urchair

Tá Aire úr Gaeltachta againn, a léitheoirí dílse; aire a bheas ag tabhairt aire dúinn ar fad. Pat Scary atá ann; Ciarraíoch beannaithe bladrach blagadach bladhmannach. Tá taithí ag Pat Scary ar gach a mbíonn ar siúl agus ar gach nach mbíonn ar siúl i Roinn na Gaeltachta, nó bhí sé ina aire stáit inti roinnt blianta ó shin. Más é an dá mhar a chéile iad an tréimhse a chaith sé ann cheana agus an tréimhse atá ag tosú anois, beidh linn, a mhuintir dhil na Gaeilge.

Ní raibh a shárú riamh ann mar aire, a fheara agus a mhná na páirte, nó is é a chuir an Ghaeilge ar ardán an domhain mhóir. Ní dheachaigh sé áit ar bith ar chlár na cruinne i scairdeitleán an rialtais gan fáinne na Gaeilge a bheith ar taispeáint go bródúil aige ar a bhóna. Níl teach ósta cúig réalta ar bith ó Boston go Beijing nach ndeachaigh a chuid Gaeilge bhlasta bhinn i gcion ar bhunadh an tí. Tá a fhios ag na freastalaithe sna bialanna is fearr san Eoraip, san Áis agus i Meiriceá Thuaidh agus Theas an dóigh le “Beidh buidéal eile de sin agam, más é do thoil é, agus cúpla pionta chomh maith” a rá i nGaoluinn bhlasta na Mumhan. Maith thú, a Phat. Beidh tú go maith.

Agus... tá Aire úr Éadóchais againn fosta, a léitheoirí dílse na liarlóige leimhe seo. Cé eile ach Máire F Ní Chlochráin. Is í seo an bhean a chuirfidh spleodar ar ais sa Roinn Éadóchais agus a chuirfidh splanc i seomraí foirne scoileanna na tíre. Deir sí go bhfuil sí chun “fing béasaí a chur ar fing múinteoirí na fing tíre seo”. Deir sí go bhfuil “na fing múinteoirí ag fáil i bhfad barraíocht fing airgid” agus go mbeidh “mise fing fed mura bhfaighidh mé réidh le fing leath acu taobh istigh de chúpla fing seachtain.” Maith thú a Mháire. Níor chaill tú riamh é. Tá tú tuillte go maith ag na fing múinteoirí sin.

Ní hé go bhfuil aire úr i gCearnóg Parnell. Tá i bhfad níos tábhachtaí agus níos toirtéisí agus níos tromchúisí ná sin ann: tá OBE úr ann – nó beirt acu, más fíor. Tá Banríon na Sasanach i ndiaidh OBE a bhronnadh ar amharclann ársa anaoibhiúil an Gate agus ar fhear an tí sin, Mick Colgan. Agus tá an bheirt acu i ndiaidh glacadh leis an ghradam! Ní fios an bhfuil a fhios ag Banríon na Sasanach nach cóir a leithéid de ghradam a bhronnadh níos mó taobh istigh nó taobh amuigh d’Éirinn. Cad é is fiú an Order of the British Empire, nuair nach bhfuil aon Impireacht ann níos mó, agus nach raibh le fada fada an lá? Ar scor ar bith, tá drámaí na bliana seo chugainn fógartha cheana féin ag Mick agus an Gate. Ina measc beidh na cinn seo a leanas ar stáitse an Royal Gate: The King and I, John Bull’s Other Island agus The Playboy of the Western Empire.

Gafa le Tae agus Gafa gan é

Agus cad é faoi chara mór Bhaloir, dlúthchara agus compánach dá chuid – Seánie Seadánach Seafóideach Mac Giolla Phádraig? Seánie bocht! Chaith sé lá agus oíche sa chillín i stáisiún na ngardaí i mBré. Nach millteanach an scéal é? Ní raibh acu mar chupán tae ach Barry’s Green Label.

Lapsang Souchong ar bith! Seánie bocht. “Má tá mise in ann dó, tá tusa in ann dó, fiú cheal cupán tae ceart,” a dúirt sé lena chomhghleacaí Willie Mac an tSaoir. Chaith Willie bocht lá agus oíche i mbeairic Bhaile na nGael – pionós a bhí i bhfad ní ba mheasa ná an ceann a fuair Seánie. Mar bharr ar an donas agus anuas ar gach tubaiste eile i saol na beirte, níl de phinsean acu anois ach an cúpla milliún an duine sa bhliain. Ní fiú trácht ar na tithe thar lear. Ní fiú trácht ar luach na milliún eile de scaireanna atá ceannaithe acu i nDaltaí na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, in Odious Gael i nGleann Cholm Cille agus sa Siopa Leabhar i Sráid Fhearchair. Caithfidh sé go bhfuil Seánie agus Willie ar an eolas faoi rudaí nach bhfuil a fhios ag an chuid eile againn a dhath ar bith fá dtaobh díobh.

Tá Balor bocht chomh dubh dóite de liodán na n-uafás úr a thagann chun solais gach aon lá faoi chléir agus faoi chliarlathas na hEaglaise Chaitlicí go bhfuil sé thar a bheith imníoch faoi thodhchaí na hEaglaise céanna. “Siar libh go dtí laethanta Charraig an Aifrinn,” a mholann sé do dhílseoirí na Róimhe. “Siar libh go dtí an t-am nuair a bhí an Eaglais glan agus geanmnaí, bocht agus bánaithe, gan ceangal an tsaibhris ná an fhuarchrábhaidh. Dá mbeinnse i mo Chaitliceach ar na saolta deireanacha seo,” a deir Balor Saoithiúil Siosmaideach “bheinn ag tóraíocht eaglaise eile – Eaglais bheag Phrotastúnach, b’fhéidir, dá dtiocfadh liom teacht ar cheann acu a chreidfeadh i dtransubstaintiú agus nach mbeadh dhá bhailiúchán acu gach Domhnach.”

Banríon na hÉireann

Bhí Banríon na hÉireann sa Tuirc ar na mallaibh, áit ar leag sí bláthfhleasca ar uaigheanna na saighdiúirí atá ligthe i ndearmad. Tá ráfla i ndiaidh a bheith curtha thart ag duine nár éirigh léi nó leis sa toghchán deireanach don Uachtaránacht gur chaith Banríon s’againne trí lá ag siúl thránna Gallipoli ag cuardach uaigh Mel Gibson, gur aithin sí go leor áiteanna ón scannán, ach gur theip uirthi teacht ar fheart a laoich. Níl i bhfad eile le dul aici san Áras. I bhfómhar na bliana seo chugainn beidh an tír ar maos le hiarrthóirí don phost. Cé a bheidh sa rás? Tá cuid acu á gcur féin chun tosaigh cheana féin. Chun tosaigh i measc na ndaoine atá á gcur féin chun tosaigh tá an Seanadóir Sean-Ghallda Seanórtha Norris.

Nuair a chas Balor leis ar na mallaibh, mhaígh an Seanadóir Seanseascacháin go raibh an cúpla focal aige: “I only have a cúpla focal – and that is both of them,” a dúirt sé, agus é ag briseadh a thóna le teann gáire, amhail agus nach raibh Balor bréan den ráiteas sin a bhfuil meirg na mblianta air. Ach gheall Norris go mbeadh sé sásta dianstaidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, go bhfoghlaimeodh sé focal in aghaidh na seachtaine, agus faoi Shamhain na bliana seo chugainn go mbeadh sé in ann móid na hUachtaránachta a léamh. Bullaí fir, a Dhaithí, ach coimhéad Michael D Ó Daighdeal Dum, agus an Brian eile sin as Corcaigh, agus Maggie McGuinness, agus ... agus ...

Naisc: http://www.gaelport.com/fainne

Daltai Chaighdeáin an Bhéarla http://www.daltai.com/discus/messages/20/50298.html?1269786774

Caighdeán na foghraíochta http://www.youtube.com/watch?v=VSdxqIBfEAw

Odious Gaeilge http://www.youtube.com/watch?v=OCpsXRGqhl4

An Siopa Lobhar, Uimhir 6, Sr. Urchair: http://www.youtube.com/watch?v=A6fAtUvOYA4&feature=related

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.