AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

trua ag Balor do na fonnadóirí a fhágfar ar leathrann in gach rann amhráin feasta. Saol seo na sceanairte, fágfar ga.. rud l..thscrí.f..

Íomhá
Fear faoi choim, ar aire a mheigill

Bhail, a chairde, shíl sibh nach dtiocfadh leis an scéal a éirí ní ba mheasa, ach bhí dul amú oraibh. Níos measa go mór anois atá cúrsaí geilleagair agus eacnamaíochta agus airgeadais ná mar a bhí riamh roimhe seo in Éirinn, nó fiú i dToraigh. Tá cúlú ann agus lag trá agus tobthitim agus spealadh agus cuid mhór focal eile as Focal.ie; ach anseo in Beo Ar Éigean tá gach rud ag dul ar aghaidh amhail agus nach raibh rud ar bith as alt sa tír. Tá eagarthóir s’againne, Seosamh Mac Slua Muirí, ina fhál cosanta idir muid agus cruatan an tsaoil, bail ó Chrom Dubh air. Tá ráite aige, os comhair finnéithe agus i láthair a dhé féin, nach ndéanfaidh sé gearradh siar dá laghad ar an dá euro agus seachtó trí cent a fhaigheann muid in aghaidh an lae. (http://en.wikipedia.org/wiki/NavalServiceReserve) (http://www.nationmaster.com/encyclopedia/Crom-Cruach)

Seanadóirí bochta na hÉireann! Is gairid nach mbeidh fiú an méid a fhaigheann Balor bocht á fháil acu, nó deir Enda Aoibhinn Aoibhiúil go scorfaidh sé an Seanad má éiríonn leis riamh rialtas a chur le chéile. Tá cuid mhór daoine corraithe agus cancraithe agus trí chéile mar gheall air seo, dar le Daithí Dathúil Norris – é féin ina measc, agus roinnt seanadóirí eile. (http://www.youtube.com/watch?v=raqiKROpNtg) Tá sé chun feachtas a thosú chun an Seanad a choinneáil beo, a luaithe agus a éireoidh lena fheachtas chun Amharclann na Mainistreach a bhogadh go dtí Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath. Tá súil ag Balor go ndéanfaidh Enda Aoibhinn Aoibhiúil fógra mór nuair a bheidh an Seanad curtha ar scor aige, nó beag seans go dtabharfar a uireasa faoi deara. (http://www.youtube.com/watch?v=nuZEsHja7Js&feature=related)

Anois, cad é is féidir le Balor a rá faoina chara, an Tánaiste Máire Ní Chlochráin, agus a meancóg (mo thóin!) faoi na Glasraí sa Chomhaontas Glas. Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc. B’fhéidir go raibh a fhios aici a cuid oinniún, nó b’fhéidir go raibh sí lán pónairí an lá údaí, nó b’fhéidir nach bhfuil sí chomh glas agus atá sí cabáisteach... (Ceart go leor, a eagarthóir... ok, a eagarthóir, stopfaidh mé ansin!) Tá sí le feiceáil faoina cumraíocht rua dhordghlórach Ghaillimheach ar youtube: http://www.youtube.com/watch?v=XwhWA2l0oKE&feature=related .

Eoin Ó Brionglóidí

Méala mór do Bhalor imeacht Cheann Comhairle Dháil Éireann ar shlí an phinsin. Tá Balor an-bhuartha faoinar bhain dá seanchara, agus níos buarthaí fós nár tharla an lascadh céanna do chuid mhór de na daoine a bhí ina suí i Seomra Mór na Dála ag éisteacht lena chur chun báis os comhair an domhain. Agus ní maith le Balor na téarmaí tarcaisneacha sin ar nós The Bould O Donoghue, nó Johnny Cash, nó John O Dreams, nó níos measa atá cluinte aige. Níl siad deas. (http://www.youtube.com/watch?v=GElt7F9lzag)

Ní thig linn duine ar bith i Roinn na Gaeltachta a lua mar fhoinse lena bhfuil le nochtadh anseo againn, ach go bhfuil an duine anaithnid seo ina fhear, go bhfuil sé ard, go gcaitheann sé spéaclaí, gur Dub atá ann, cé go dtacaíonn sé le Contae na Gaillimhe, agus gur aire atá ann. Tá cluinte ag Balor faoi athrú nó dhó atá le teacht ar shaol mhuintir na Gaeilge in Éirinn na linne seo. Baineann ceann de na hathruithe seo le páistí, agus leis an dóigh a gcaitear leo. Anois, ná bíodh buairt ar bith oraibh, a léitheoirí dílse. Tá dea-scéala ann agus tá rud beag de dhrochscéala ann, agus in ainneoin rúibricí agus nósanna coitianta na scéalta seo, is é an dea-scéala a thabharfas Balor ar dtús. Dea-scéala mór atá ann! Cuimhnigí gur anseo ar Beo Ar Éigean! a chuala sibh ar dtús é. Tá deontas Labhairt na Gaeilge le méadú go €25,000 sa bhliain! Agus anois an drochscéala, cé nach bhfuil mórán de dhrochscéala ann, i ndáiríre. Níl ann ach go gcaithfidh gach páiste a chuireann isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge Cré na Cille a fhoghlaim de ghlan mheabhairachan eadarlúid san áireamh. (http://www.youtube.com/watch?v=Au0XYpiKxLo) (http://www.youtube.com/watch?v=Wj54l7ZBSOs&feature=related)

Mífhonn ar Fhonnadóirí

Tá drochstaid na tíre chomh tromchúiseach sin go bhfuil an cultúr féin i gcontúirt a chaillte. Seachas na mílte cóip de Cré na Cille atá á ndíol sna Gaeltachtaí, is beag an dea-scéala atá ann do lucht cultúir na tíre – agus, mar is eol dúinn uilig, is ionann lucht cultúir na tíre agus muintir na Gaeilge. Tá fonnadóirí na Gaeilge ag gearán faoi na ciorruithe sna hamhráin. Chualathas Colm Sonaí Ó Méalóid ag gearán ar na mallaibh go bhfuil Máire Mhór ar ais ar an bhairneach is ar bhláth na scailliún dearg, go bhfuil cuma chnámharlaigh uirthi, agus go bhfuil sí ag dul thart i ngúna beag dearg cosúil le hÁine Ní Dhroighneáin. ‘Nach breá di má tá sí cosúil le hÁine Ní Dhroighneáin,’ a deir sibh. Bhail, is breá, ach ní haon mhaith é sin do Cholm Sonaí bocht agus é ag iarraidh canadh faoi thoirt Mháire Mhóir is faoi mhéid Mháire Mhóir is faoi mheáchan Mháire Mhóir. Colm Sonaí bocht.

Agus ós ag caint dúinn ar amhránaithe bochta, cad é faoi Lillis bocht Ó Laoire, a bhíonn ag canadh faoin Chearc agus Coileach ‘a d’imigh le chéile amach fríd na sléibhte gur bhris siad a gcroí.’ Lillis bocht! Níl fágtha aige le tamall anois ach an chearc. Coileach ar bith – a bhuíochas do pholasaí an rialtais gan post a athlíonadh. Is doiligh a bheith ag ceol faoin chearc agus coileach nuair nach bhfuil ann ach an chearc.

Agus Seosaimhín bhocht Ní Bheaglaoich! Ba ghnách léi a bheith ag ceol gan stad gan staonadh faoin tSeanbhean Bhocht, ach cén mhaith é sin anois, nuair atá gach dara seanbhean sa tír bocht. Agus cad é faoi na Francaigh a bhí ag teacht thar sáile? Ní thig léi canadh fúthu siúd níos mó, nó tá na Francaigh uilig ar shiúl abhaile arís thar sáile, le teann díomá agus ocrais agus bamba agus eile. (http://www.youtube.com/watch?v=CbS3i7OLUN8)

Agus ní thig linn dearmad a dhéanamh ar Áine Álainn Aoibhinn Uí Cheallaigh agus na Connerys a mbíonn sí ag ceol fúthu. Na Connerys bochta, a daoradh ‘go dtí sna New South Wales’ i lár an naoú haois déag. Tháinig siad abhaile ar na mallaibh – an bealach ar fad abhaile ón Astráil le socrú síos arís sna Déise. Agus cad é a fuair siad rompu? Muintir bhocht chaite chráite bhriste bhrúite na hÉireann níos aimléisí agus níos anóití agus níos dramhsaí agus níos donasaí ná mar a bhí nuair a daoradh iad. Na Connerys bochta. Áine Álainn Aoibhinn bhocht. Balor bocht. Oíche mhaith agus seachnaígí na ciorruithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.