AR NA SAOLTA SEO
An tSlándáil agus tSaoirse
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil go mbaineann impleachtaí tromchúiseacha leis an dul chun cinn go léir sa teicneolaíocht agus is baolach go gcaithfear faire ar na fairtheoirí.

Íomhá
Edward Snowden ag an Sam Adams Award, Moscó
(le Wikileaks ar Flickr)
Íomhá
Buamadóirí ar Oileán Diego Garcia
(le PD-USGOV ar Vicipéid)
Íomhá
MH370 mar a bhí is atá anois ar throigh gan tuairisc
(le Laurent Errera, L'Union, France ar Vicipéid)
Íomhá
Ionad tuirlingte Alcock & Brown 1919
(le Smb1001 ar Vicipéid)

Ar bhealach chuir sé díomá orm go rabhthar ag súil go bhfaighfí an t-eitleán Malaeisiach measartha gasta. Chuir sé ina luí orm chomh beag is atá an domhan agus chomh fairsing is atá teicneolaíocht an rianaithe. Ar bhealach, chuir an cuardach mór cumha orm don ré sin, b’fhéidir glúin nó dhó ó shin, nuair a bhí an chruinne leathan ollmhór agus nuair a d’fhéadadh duine (nó long) taisteal ar an troigh gan tuairisc agus ar muir gan teagmháil.

Nuair a chuaigh eitilt MH370 as amharc thosaigh an domhain uilig á chuartú. Faoi cheann cúpla seachtain, agus an t-eitleán fós ar iarraidh, bhí rialtais na Síne, na hAstráile, na Malaeisia, na Fraince, agus go leor eile, páirteach sa chuardach. Cuireadh an cheist, cén chaoi ar féidir le rud chomh mór sin dul as amharc?

Céad bliain ó shin ní fhéadfaí ceist mar seo a chur siocair gur síleadh an t-am sin go raibh an domhan chomh mór agus an fharraige chomh fada fairsing is gur ar éigean a d’fhéadfaí é a shamhlú go fisiciúil. Ach d’athraigh an teicneolaíocht an scéal sin ar fad. Rinneadh domhan beag den domhan mór, agus ar ndóigh, tá an t-eitleán féin ar cheann de na huirlisí is mó a chrap an domhan ó tháinig ann dó.

Lorg an Duine Fágtha go Fada Leitheadach

Amharctar ar an domhain sa lá inniu mar ‘shráidbhaile’ – is féidir dul óna bhun go dtí a bharr measartha gasta agus níl le déanamh ach cúpla cnaipe a bhrú chun dul i dteagmháil le duine ar an taobh eile de. Is beag áit ar dhromchla an domhain nach bhfuil a chos (agus a lorg) leagtha ag an duine.

Agus mé ag amharc ar an scannán ‘Gravity’ le déanaí ba é an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm, a laghad is atá an domhan nuair a fheictear ón spás é.

Ar ndóigh, leis an fhearachas aibhléise atá ann faoi láthair tá eolas ‘beo’ ar bheagnach gach duine agus ar gach focal. Tá níos mó ná míle satailít i bhfithis timpeall an domhain, agus tá trealamh éisteachta agus spiaireachta ag na tíortha móra nach bhfuil ar eolas againn ar chor ar bith. Ní raibh a fhios againn go dtí le déanaí cé chomh forleatach is atá an fearachas cumarsáide a dhéantar ar an idirlíon agus ar an ghuthán.

Dá ainneoin sin is uile, chuaigh an t-eitleán mór Boeing 777 ar iarraidh. B’uafásach an scéal é dóibh siúd a bhí ar bord agus dá muintir sa bhaile. Bhí an scéal ar fad ina rún diamhair ceart. Léirigh sé áfach gur féidir le rud éigin – fós sa lá atá inniu ann – dul ó amharc na satailítí, ó éisteacht an radair agus ó ghreim na mór-ríomhairí.

beagnach gach troigh den domhan uilig léarscáilithe ag satailítí. Táimid mar a bheadh ainmhí i zú ann, i sáinn i gcró róbheag agus daoine ag síorfhaire air. Thug rún diamhair an MH370 beagáinín aeir dúinn lenar n-anáil a tharraingt. Níl ann ach sos áfach, nó táim cinnte go gcuirfear le cumas leanta eitleáin de bharr na timpiste seocibé ba chionsiocair léi.

Feall na Teicneolaíochta

Sin é an rud faoin teicneolaíocht: téann sé i bhfeabhas agus i gcumhacht gan stad gan staonadh. Agus meallann sé sinn leis an chaoi a gcuireann sé ar ár gcumas ár gcaighdeán maireachtála a fheabhsú. Cé a shamhlódh saol an lae inniu gan an guthán, gan an gluaisteán, gan an aibhléis, gan an peinicillin, nó gan an t-eitleán féin. Ach tá an teicneolaíocht fealltach chomh maith. Is minic a ghlacaimid léi go réidh díograiseach gan tuiscint a bheith againn ar an chaoi a n-athróidh sí an saol.

Is minic nach féidir fás teicneolaíocht ar leith a shamhlú ag a tús. Cé a chreidfeadh nuair a thuirling Alcock agus Brown ar an Chlochán sa bhliain 1919 go mbeidh 100,000 eitilt ar fud an domhain gach lá faoi cheann céad bliain (beagnach 37 milliúin eitilt in aghaidh na bliana ar a dtaistealaíonn thart ar 3 míle milliúin paisinéir). Agus ba dheacra fós na hathruithe sóisialta, cultúir agus timpeallachta a bhaineann leis an mhéid seo aerthaistil a shamhlú.

Is dócha gurbh é an scéal a nocht Edward Snowden faoin spiaireacht a dhéanann rialtas Mheiriceá ar chumarsáid an ghnáthdhuine is mó a chuir ina luí ar an phobal a leithne is atá an chúléisteacht chealgach. Don chéad uair tá daoine ag teacht ar an tuiscint go bhfuil contúirt ag baint le bailiú sonraí pearsanta. Goilleann sé orm féin go bhfuil ollchorparáidí ar nós Google ag bailiú an t-uafás eolais ar dhaoine.

Léiríonn scéal neamhchas na bpointí pionóis go bhfuil an chontúirt i gcónaí ann go mbainfí mí-úsáid as eolas atá íogair nó pearsanta.

Maidir le himeacht na heitilte MH370, níl aon cheist ann ach gurbh fhearr i bhfad é dá mbeadh an cumas leanta eitiltí ní ba éifeachtaí agus ní ba chruinne, agus is dócha go dtiocfaidh an lá a mbeifear in ann gach eitilt a leanúint, ó shoicind go soicind ó thús go deireadh. Ní bheidh le déanamh ag oifigeach éigin ach cnaipe a bhrú – nó ceist a chur – ar ríomhaire agus beidh a fhios aige cén duine atá ar bord cén t-eitleán ar fud an domhain agus cén áit go díreach, síos go dtí an t-orlach, a bhfuil sé faoi láthair.

Beifear a rá go gcuirfidh an t-eolas cruinn seo leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht. Díreach faoi mar a deirtear go gcuireann an t-ollbhailiú sonraí le slándáil an stáit. Ach mura meabhróimid ar impleachtaí na dteicneolaíochtaí seo, tá an baol ann go bhfaighimid an tslándáil agus go gcaillfimid an tsaoirse.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.