THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
An tSín: tír atá ag athrú ó bhonn
Barra Mac Giolla Iasachta Barra Mac Giolla Iasachta

Thug Barra Mac Giolla Iasachta cuairt ar an tSín i mbliana agus chuir na hathruithe atá ag teacht ar an tír alltacht air.

Íomhá
Caife conspóideach Starbucks sa Chathair Thoirmiscthe
Íomhá
Díonta de chuid na Cathrach Toirmiscthe
Íomhá
Damba Abhainn an Yangtse á thógáil
Íomhá
An MagLev: an traein is sciobtha ar domhan

Tar éis turas fada ó Shanghai agus cúpla leabhar a bheith léite agam faoi chathair stairiúil Bhéising, ba mhór an gheit a bhain an radharc seo asam. Radharc aisteach, lofa ach aithnidiúil chomh maith, a bhí romham, i gcroílár ceann de na háiteanna is sine agus is cáiliúla ar fad an tSín. Ba bheag nár thug mé faoi deara na litreacha glasa scríofa ar fhuinneog taobh thiar de dhíon claonta na Cathrach Toirmiscthe: STARBUCKS COFFEE. Ionadh. Uafás. Míshuaimhneas, agus mothúcháin mar sin. Go hiondúil, óltar cupán caife chun na mothucháin seo a choimeád faoi smacht, ach dúirt mé liom féin nach mbeadh sé ceart ná cóir é sin a dhéanamh sa chás áirithe seo.

D’fhéach mé arís air chun a bheith cinnte: bhí bunús an fhoirgnimh an-aosta seo faoi smacht an chaife seo de chuid Starbucks, agus raidhse teampall seanda mórthimpeall air.

“An Chathair Thoirmiscthe mo thóin!” arsa turasóir a bhí in aice liom. “An ag magadh atá siad?”

Bhí a fhios agam an freagra - níorbh aon chúis gháire é seo. Ar thaobh amháin, ba é seo aghaidh ghránna ollghnó idirnáisiúnta an Iarthair ar cuma leis faoi nósanna nó cultúr aon dream eile. Ach ar an taobh eile, a dúirt mé liom féin, agus mé ag siúl ar aghaidh go dtí na teampaill eile, is siombail é seo chomh maith. Siombail den tslí a bhfuil an tSín idir dhá chomhairle faoi láthair. Siombail den mheascán idir an stair agus an todhchaí. Siombail den tslí ina bhfuil an tsean-tSín fite fuaite leis an tSín nua atá ag teacht chun cinn anois.

Ar aon nós, b’fheidir nach raibh an ceart agam bheith chomh trína chéile is a bhí. Tá an-suim ag na meáin chumarsáide Eorpacha agus Mheiriceánacha sna hathruithe atá ag tarlú sa tSín leis na blianta beaga anuas. Cur in oiriúint na tíre don lá atá inniu ann. Go deimhin, craoladh slam míreanna ar nuacht RTÉ faoin “tSín nua” atá á forbairt faoi láthair, agus bhí an clár “Manchan sa tSín” ar TG4 chomh maith. Agus is cinnte nach cúis mhór iontais é go bhfuil na hathruithe seo ag tarlú chomh sciobtha is atá. Tá Béising ag dúil leis na Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 2008, chomh maith leis an *Expo *in 2010.

Dar le Manchan go bhfuil Olltáirgeacht Intíre na Síne ag fás níos tapúla ná riamh, le hardú bliantúil de 50 faoin gcéad. Tá beagnach billiún duine ag obair sa tSín. Tá an tír á reáchtáil ag rialtas cumannach a bhfuil fonn forbartha air. É sin ráite, ní rud ró-ait é go bhfuil nósanna agus gnó an Iarthair ag bogadh isteach sa tSín - straitéis chiallmhar é don ghnó atá i gceist. Ach ar cheart go mbeadh sé ag bogadh chomh fada sin isteach i gcroí an chultúir Shínigh, go dtí go bhfuil caife de chuid Starbucks i lár na Cathrach Toirmiscthe? Cé gur rud maith é an dul chun cinn, thug mé faoi deara go bhfuil nósanna an sean-Síne i mbaol on tSín nua, atá ag athrú chuile rud a thagann os a comhair.

Damba an Yangtse

na húdaráis ag tógáil damba ar abhainn an Yangtse. Deir siad go bhfuil sé seo á dhéanamh acu chun an fhadhb maidir le heaspa fuinnimh is leictreachais a réiteach. Agus breis is billiún duine ina chónaí sa tSín faoi lathair, is deacracht é seo a mbeifeá ag súil léi. Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh damba an Yangtse ar an gceann is mó ar domhan - éacht a spreagann bród sa rialtas, éacht atá ag dul i bhfeidhm ar thíortha eile. Ach, faraor, tá costas mór ag baint leis. Tá uisce an Yangtse trom le glár, agus deirtear go ndéanfaidh an glár seo innealra an damba a thachtadh. Is cur amú airgid é an damba seo, a deir siad siúd atá ina choinne.

Ach, níos tromchúisí arís, cuirfidh an damba seo seanchultúr rúnda go mór i mbaol. Tá cónaí ar “mhuintir na habhann” ar bruach na Yangste leis na céadta bliain anuas. Nuair a thosófar ag bá na háite faoi uisce, áfach, bainfear a n-áit chónaithe de na daoine seo agus scriosfar a gcultúr ársa. Is dóigh nach bhfuil aon dul as mar, tar éis an tsaoil, tá easpa fuinnimh sa tír, agus is trí thógáil an damba a bheidh siad in ann an fhadhb seo a réiteach. Tá réiteach fhadhbanna an lae inniu níos tábhachtaí ná cultúr atá beagnach marbh ar aon nós, nach bhfuil? Ní féidir an dá thrá a fhreastal, mar a deir an seanfhocal.

Ach ní faoin tuath amháin atá an tseantír á scrios chun tír nua éifeachtach a thógáil. Thug mé é seo faoi deara nuair a thóg mé an MagLev - an traein is tapúla ar domhan - ó Aerfort PuDong isteach go Shanghai. Ní fada ó bhí ceantar PuDong in oirthear Shanghai dubh le goirt ríse. Agus mé ar mo thuras traenach-sa, áfach, thug mé faoi deara nach raibh gort ríse ar bith le feiceáil. Tá PuDong ag cur thar maoil leis na mílte ceap árasán anois: suanliosanna do mheitheal oibre an gheilleagair nua ocraigh. Leanann an fhorbairt ar aghaidh.

Tá sé soiléir cén plean atá ag Rialtas na Síne: tar éis blianta fada a bheith caite aici ina tír chumannach, scoite amach ón domhan, ba mhaith leo iarracht a dhéanamh páirt a ghlacadh sa domhan anois. Má chruthaítear timpeallacht ghnó atá cosúil leis an timpeallacht san Iarthar, meallfaidh an íomhá uirbeach seo airgead ó thar lear.

Droichid chultúrtha

Chomh maith le foirgnimh mar an Pearl Tower (an dara foirgneamh is airde ar domhan) agus damba an Yangtse, tá droichid chultúrtha á bhforbairt acu chomh maith. Tá an tSín ag cur fáilte roimh an domhan mór. Tá gaol níos láidre ná riamh, mar shampla, idir Éirinn agus an tSín. Bhí féile i mBéising i mbliana chun ceol na hÉireann agus ceol na Síne a cheiliúradh, agus sheinn The Frames agus Mary Black lena linn. Le cabhair ó Chonsalacht na hÉireann i Shanghai, thosaigh an chéad fhéile scannán an samhradh seo idir Shanghai agus an IFI i mBaile Átha Cliath. Ina theannta sin, tá Comhairle Chathair Chorcaí ag obair i gcomhar leis na húdaráis i Shanghai chun nascadh cultúrtha a shocrú.

Gan amhras, ba cheart dúinn fáilte a chur roimh an bhfonn atá ar an tSín le tamall anuas a bheith níos oscailte, go háirithe nuair a chuimhnímid nach raibh cead fiú labhairt faoin Iarthar tríocha bliain ó shin. Ach, ag an am céanna, tá sé rí-thábhachtach nach ndéanfar dearmad go bhfuil go leor fós le déanamh ag Rialtas na Síne. Breathnaigh ar an ngéarleanúint uafásach atá á déanamh ar an *Falun Dafa *agus ar an Tibéid. Dar le Miriam O’Donohue, iriseoir leis an *Irish Times *a bhfuil cónaí uirthi i mBéising, tá easpa saoirse ann fós sa tSín maidir le reiligiún a chleachtadh.

Tá sé an-tábhachtach go dtuigfeadh Rialtas na Síne go bhfuil orthu déileáil lena gcuid daoine agus lena stair ar bhealach níos fearr. Tá sé éasca ainm nua a thabhairt ar sheanfhadhb, aghaidh nua a chur ar sheantír. Chomh héasca le Starbucks a chur i lár na Cathrach Toirmiscthe, más maith leat. Ní feidir, áfach, inné a chur sa bhosca bruscair chun spás a dhéanamh don lá amárach. Is gá go ndéanfadh an tSín iarracht an dá thrá a fhreastal.

Is as Baile Átha Buí i gContae na Mí é Barra Mac Giolla Iasachta. Tá sé tríú bliain i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ag déanamh staidéir ar an bhFealsúnacht agus ar an tSocheolaíocht. Bhí altanna dá chuid i gcló cheana san Irish Times,* agus i Student Xpress chomh maith.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.