AR NA SAOLTA SEO
An tSín: Ceannaire na Teicneolaíochta?
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá an tSín ag athrú, tá an domhan ag athrú agus deir Ciarán Mac Aonghusa go mbeidh do ghasúr féin ag tarraingt teanga eile chuige nó chuici féin, más mian leis nó léi dul chun cinn go gasta sa saol amach anseo.

Íomhá
Brú Bowles in Ollscoil Berkeley
le Clifton Coleman, Vicipéid
Íomhá
An Réadlann in Ollscoil Tsinghua
leis an FinancialTimes ar Vicipéid
Íomhá
Meirge Ollscoil Stanford
le Jengod ar Vicipéid
Íomhá
Craobhchomórtas MATE ROV, Houston 2006
le Robin ar Picasaweb

Is é fás na hardteicneolaíochta an t-athrú is mó a tháinig ar an tsaol le fiche bliain. Is cosúil go leanfaidh an scéal amhlaidh go dtí lár an chéid seo ar a laghad (ina dhiaidh sin ag Dia atá a fhios céard atá i ndán dúinn). Ar ndóigh tá an teicneolaíocht bunaithe ar an eolaíocht féin agus ar an altóireacht=engineering">inne="gloss" title="article(s)">altóireacht. Tá go leor fianaise ann go mbeidh an tSín ar an tír is cumhachtaí ó thaobh an gheilleagair faoi cheann fiche bliain nó mar sin, agus creidim go mbeidh ról lárnach ag an eolaíocht agus ag an innealtóireacht sa scéal sin.

Is iad na Stáit Aontaithe an áit is láidre ó thaobh na hardteicneolaíochta faoi láthair. Níl aon amhras faoi sin: is ann atá na hollscoileanna is mó cáil ó thaobh innealtóireachta de, cuir i gcás MIT, Berkeley, agus Stanford; is ar thaighdeoirí Meiriceánacha freisin a bhronntar bunús na nduaiseanna Nobel, agus ar ndóigh, i measc na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta, tá a bhformhór bunaithe sna Stáit.

Ach is léir go bhfuil an ghaoth ag athrú. Bhí an tSín ar an dara tír is mó a shaothraigh an t-eolas i réimse na heolaíochta anuraidh. D’fhoilsigh eolaithe na Síne 120,000 alt, ardú millteanach ón 20,000 a bhíodh á bhfoilsiú acu deich mbliana ó shin. Tá an borradh faoin fhás agus faoin fhorbairt seo ag leanacht ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana, gan fosadhlagan.

De réir an Foras Náisiúnta um Eolaíocht sna Stáit Aontaithe, tá a oiread taighdeoirí ag obair sa tSín is atá sna Stáit nó san Aontas Eorpach. Cuireann stát na Síne saotharlanna den scoth ar fáil agus meallann siad taighdeoirí Síneacha a oileadh san Iarthar chun baile le tuarastail arda. Tá siad ag caitheamh an t-uafás airgid ar bhunú forais úra a théann in iomaíocht lena macasamhla san iarthar.

Fás Síoraí Seasta

Má leanann an obair ar aghaidh ar an chaoi seo, meastar gur ag an tSín a bheidh an cheannaireacht dhomhanda i réimse na heolaíochta faoi cheann deich mbliana. Aithnítear anois in ollscoileanna san iarthar go bhfuil an mhuirthéacht seo spriocanna=aims">="gloss" title="going full ahead">faoi lán tseoil agus in áit cur ina haghaidh, is fearr glacadh léi agus comhoibriú leis na Sínigh. De réir Rainer Spurzem, réalteolaí in Ollscoil Heidelberg sa Ghearmáin, is fearr comhoibriú leis an tSín mar gur ann a bheidh an todhchaí. Tá Spurzem i gceannas ar thionscnamh comhoibríoch idir Ollscoileanna Heidelberg, Berkeley, agus Acadamh Eolaíochta na Síne. Cuirfidh an cineál seo comhoibrithe le fás na heolaíochta Síní fosta, ar ndóigh. Is léir go bhfuil próiseas cumhachtach ar siúl a bhfuil a rithim féin leis.

easpa airgid, nó easpa diongbháilteachta, ag an phointe seo, a chuirfidh bac ar fhás na Síne sa réimse seo, ach cúrsaí cultúir. De réir Xiaoqin Wang a oibríonn le hOllscoil Hopkins agus Ollscoil Tsing¬hua araon, níl an traidisiún céimlathach chomh mór chun cinn san Iarthair agus atá sé san Áis. Bíonn fáilte roimh dhíospóireacht agus easaontas san Iarthar, ach sa tSín, a bhfuil Cóinfúiceachas mar bhunsraith inti, ní luíonn an dearcadh ansiúd leis an díospóireacht sáraíochta.

Níl coincheap na húinéireachta chomh dlúth sa chultúr Síneach ach an oiread. Is minic nach luann an taighdeoir Síneach iad siúd ar bhain sé leas as a gcuid taighde féin. Agus nuair a chuirtear an t-eolas i bhfeidhm, is minic go mbíonn fadhbanna le maoin intleachtúil. Bíonn a oiread sin brú ar thaighdeoirí na Síne is go mbíonn siad i gcathú na calaoise. De réir tuarascáil a foilsíodh i Nature a chuir síos ar shuirbhé ar ollscoileanna Síneacha, fuarthas amach go ndearna aon taighdeoir as triúr calaois: bradaíl nó falsú mionsonraithe is minicí a rinne siad.

Creidim féin áfach go n-éireoidh leis na Sínigh gabhaíl i ngleic leis na fadhbanna seo agus go mbainfidh siad amach an chéad áit i réimse an bhuntaighde gan mórán moille.

Níl sé Éasca Dul ar an Éasca

Maidir leis an innealtóireacht, is léir go bhfuil siad ag dul chun cinn go fíorghasta. Daichead bliain ó shin, léirigh na Stáit Aontaithe go raibh siad chun cinn ar an APSS (USSR) nuair a chuir siad foireann ar dhromchla na gealaí. Tá an tSín ag obair faoi láthair ar thuras go dtí an Ghealach fosta, ar bhuansaotharlann Spáis, agus ar thaiscéalaíocht spáis. D’fhógair siad roinnt blianta ó shin go mbeadh turas go Mars mar aidhm acu gan mhoill. Ní de thimpiste atá spriocanna Mhericeá ag athrú i dtreo Mhars freisin. Beidh sé fíorspéisiúil féachaint an mbeidh spásrás nua i gceist faoi mar a bhí sna seascaidí.

Ach is ar an talamh is soiléire atá dul chun cinn na Síneach le feiceáil. Tá siad ag díriú go mór ar an teicneolaíocht ghlas, ar leictreonaic, agus ar iompar, ach le fírinne, tá siad ag forbairt na teicneolaíochta in chuile réimse: ón ghéineolaíocht go dti leathsheoltóirí.

Chruthaigh siad bealach nua le méid an charbóin a thagann as stáisiúin cumhachta guail a ísliú. Agus anois tá siad ag tógáil ceann acu seo in aghaidh na míosa! Rudaí truaillithe iad sin fosta, ach, i gcomórtas leis an tseanteicneolaíocht, is céim chun cinn iad. Brúnn na Sínigh ar aghaidh fad is atá tíortha an iarthair ag cur is ag cúiteamhag achrann. Tá sé beartaithe ag na Sínithe fosta iarnród mór ar ardluas a thógáil ón tSín go dtí imeall na hEorpa. I réimse na leathsheoltóirí, tá teilgcheárta sa tSín ag beagnach gach ceann de na comhlachtaí móra: ó Intel go ST Microelectronics.

Clár Forbartha

Tá ról lárnach ag rialtas na Síne san fhorbairt seo. Meallann siad comhlachtaí móra idirnáisiúnta le faoiseamh cánach agus le costais ísle. Cuireann siad na mílte innealtóir ar fáil tríd an chóras oideachais atá dírithe anois ar an ardteicneolas. Agus infheistíonn siad go díreach i gcomhlachtaí nua Síneacha. De dheasca nach stát daonlathach í an tSín, is féidir leis aird=disregard">neamh="gloss" title="attention">aird a dhéanamh ar ghnáthriachtanais na ndaoine agus a aird a dhíriú go hiomlán ar a chuid spriocanna fadtéarmacha. Oibríonn ceannairí na Síne de réir clár réamhcheaptha, gan amhras agus cuirfidh siad i gcríche í ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Ar feadh na mblianta, bhí an tSeapáin ar an dara geilleagar is mó ar domhan, ach léirígh staidreamh a foilsíodh an mhí seo caite gur sháraigh an tSín í. Meastar go scoithfidh sí na Stáit Aontaithe faoi cheann fiche bliain.

Bímse i dteagmháil le Jack Ganssle atá ag obair mar innealtóir, léachtóir agus mar scríbhneoir sna Stáit Aonthaithe le fiche bliain. Dearbhaíonn sé go bhfuil tionscadal na hinnealtóireachta ina thír féín in ísle brí agus go bhfuil titim ar líon na mac léinn i réimse na teicneolaíochta. Feictear dó go bhfuil comhthéacs mór taobh thiar den scéal seo. Tá athrú mór bunusach ar siúl, dar leis, a dhúnfadh an bhearna mhór a bhí idir an tIarthar agus na tíortha atá faoi fhorbairt. I gcomórtas leis na tíortha eile, tá na tíortha saibhre ag meath, faoi mar a tharla d’impireacht na Breataine i ndiaidh an dara cogadh domhanda. Luíonn sé le céill go bhfuil rath ar an innealtóíreacht sna tíortha atá faoi fhorbairt ghasta.

Rud amháin, dar leis, atá cinnte. Beidh an saol ag síorathrú feasta. D’fhiafraigh mé de, cén chomhairle a chuirfeadh sé ar a mhac atá ag iarraidh leanacht leis an innealtóireacht. Seo a fhreagra: lean mian do chroí, bí solúbtha, agus cuir eolas ar theanga na Síne!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.