AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An triomach mór
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá an triomach is measa le fada acu san Astráil faoi láthair agus tá sé ag spreagadh díospóireachta faoi thodhchaí na feirmeoireachta. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Stoirm dusta i NSW, Samhain 2002
Íomhá
Feirm ag Wilcannia, NSW
Íomhá
Abhainn an Darling, NSW, Samhain 2002

Tá sé ina thriomach san Astráil. Arís. Tá daoine ag rá gurb é seo an ceann is measa le 100 bliain. Tá New South Wales ar fad, ach amháin ruainne beag bídeach sna Snowy Mountains, fógartha faoi thriomach. Tá dhá thrian de Queensland agus leath de Victoria buailte agus é fós ag dul chun donais - fógraíodh dhá cheantar nua i Victoria faoi thriomach díreach roimh an Nollaig. Tá réimsí fairsinge san Astráil Thiar agus san Astráil Theas tirim freisin, cé nach bhfuileadar i ngar a bheith chomh dona leis na stáit san oirthear.

Ar ndóigh ní scéal nua é triomach san Astráil. Ó cuireadh tús le feilméaracht anseo san ochtú céad déag tá neart eolais ar cé chomh minic agus chomh rialta is a tharlaíonn siad. Ní díol iontais an triomach is deireanaí seo.

Ach tá cúpla athrú beag suntasach le tabhairt faoi deara an babhta seo. Tá cuid den phobal ag rá má tá tacaíocht le tabhairt d’fheilméaraí ón státchiste nuair atá rudaí go dona, mar atá faoi láthair, nár chóir go mbeadh rud éicint le n-íoc ar ais nuair atá gach rud faoi bhláth? Ar ndóigh, ní thugann eagraíochtaí na bhfeilméaraí aon aird ar a leithéid - is admháil a bheadh ansin go mb’fhéidir go bhfuil fiúntas éicint leis an argóint. Is binn béal ina thost, an dtuigeann tú. Ach tá feirmeoirí ag cur ceisteanna freisin. Cuid acu ag rá nach bhfuil dóthain réitigh déanta ag cuid dá ndream féin don triomach agus go bhfuil áiteacha sa tír nár chóir aon fheilméaracht a bheith ar siúl - in iarthar NSW, cuir i gcás.

Mar is dual do rialtas den eite dheas, tá sé de nós ag an rialtas a rá gurb é an margadh an máistir agus gur aige atá fuascailt gach faidhbe. Más fíor sin, chuirfeadh an triomach seo deireadh le 20% d’fheilmeacha na tíre. Dá nglacfaí leis an dearcadh sin ní bheadh feilm in aon áit a bhíonn faoi thriomach bliain as gach trí cinn nó in aon áit nár thit aon bháisteach shuntasach le cheithre bliana. Ach níl an rialtas á rá sin. Tá tacaíocht pholaitiúil na bhfeilméaraí ag teastáil uathu. Mar sin, leantar leis an síneadh láimhe.

Tá eagraíocht amháin tosaithe ag dream daoine, a bhfuil taithí acu ar chúrsaí gnó sna cathracha, ag tacú le feilméaraí. I measc na moltaí atá acu: go ndéanfaí atreorú ar chuid de na haibhneacha i dtuaisceart na tíre le súil go gcuirfí deireadh go deo le triomach. Is daoine iad seo nach bhfuil aon scileanna faoi leith acu i dtalmhaíocht nó i gcúrsaí uisce. Ní raibh sé i bhfad gur thosaigh eolaithe ag míniú go bhfuil sé dodhéanta triomach a chosc agus gur amaidí cuid mhaith de na moltaí a bhí á bplé.

Cén uair a bheidh deireadh leis an triomach seo? Ní féidir a rá. Bhí beagán báistí ann ag tús mhí na Nollag a chuidigh le tinte a chur faoi smacht ach ní raibh dóthain ann le triomach a leigheas. Is annamh a thagann deireadh le triomach sa samhradh. Tá chuile sheans go mbeidh sé trí mhí nó cheithre mhí ar a laghad sula mbeidh faoiseamh le fáil. Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.