CAINT AN tSRÁIDBHAILE
An Treallchuradóireacht
Íomhá
Crann cuilinn a chuir mé mar shíol
Íomhá
An Fear a Chuireadh Crainn
Íomhá
Crann fearna a chuir mé faoin choill creimthe ag giorria
Íomhá
Géag de chrann troim, ina crann féin slán faoin choill anois
Íomhá
Doirche faoin choill ghiúise

Léigh mé an leabhar beag, finscéalach, ‘An Fear a Chuireadh Crainn’ (An Gúm 1997), deireadh an chéid seo chuaigh thart. Eoin Ó Néill a d’aistrigh ón Fhraincis go Gaeilg é. Thug mé taitneamh don choinceap. Tá a leithéid san Ind agus ní finscéal é. (Féach an nasc faoi Mulai ar dheis.)

Thosaigh mé beagnach fiche bliain ó shin ar an ealaín chéanna, ag cur crainn ilchineálacha dúchais, go hard sna sléibhte i mo chás féin. Míle troighe nó mar sin os cionn cothroime na farraige atá roinnt acu. D’aimsigh mé loganna a raibh foscadh agus aghaidh na gréine in éineacht iontu. Leis na crainn a chosaint ó na caoirigh is ó na carrianna, théinn isteach i measc na gcrann síorghlaise a leagtar ina sraitheanna go minic le síobadh gaoithe. Ní bheadh deis ag na tréada caorach, na carrfhianna, ná an diabhal is measa le crainn a chreimeadh, an giorria, dul a fhad leo go ceann deich mbliana ar a laghad.

Sílim go bhfuil míle síol fuinseoige, fearna, fiú amháin síolta eidhneáin, curtha agam faoin am seo. Tá a fhios agam nár fhás a leath, mar bhí mé ag coinneáil súil amach dóibh. D’ith luchóga beaga féir roinnt nuair a thosaigh siad ag gobadh aníos, ach d’ith ainmhithe feirme, ba is caoirigh, an chuid is mó acu, creidim. Más ea, tá roinnt céadta crann sealghlas a bhfuil ag éirí leo sna sléibhte agus sna gleannta.

Tá mé in ann breis is scór go leith crann a chuir mé a fheiceáil ón bhóthar phoiblí, mar is le taobh an bhóthair féin iad nó istigh i mbearnaí sna foraoisí stáit a chuir mé iad. Tá cleas amháin foghlaimthe agam leis an cheann is fearr a fháil ar na hainmhithe, idir bheag agus mhór. Baineann sé le hairde na ‘gcrann’ a gcuirfidh mé.

An Cleas

Uair nó dhó sa bhliain, íocfaidh Bord Soláthair na hAibhléise comhlacht príobháideach le teacht thart leis na toirisc. Glanfaidh siad na géaga fada a bheas fásta amach, ag gobadh i dtreo na línte cumhachta faoin choill. Chonaic mé sail dúchais amháin atá tuairim is scór go leith troighe ar airde a bearradh ar an dóigh seo. Bhí na gearrthóga tiubha fada a baineadh di caite thart ar an talamh. Bhí roinnt mhaith de na craobhacha seo cúig troighe dhéag ar airde agus breis. Chroch mé liom iad de réir a chéile thar thréimhse roinnt seachtainí agus leag iad sa dóigh go raibh an taobh a bhí gearrtha sáite go domhain faoi uisce srutháin.

D’fhág sé sin mé le (A) gearrthóga a chuir mé taobh istigh de sheachtain ó am a ngearrtha; (B) gearrthóga eile bhí faoi uisce ar feadh an ama agus (C) bhí roinnt a caitheadh ar an talamh fann folamh ar feadh tuairim is sé seachtaine nó breis sular chuir mé iad. Nuair a fuair mé an deis, chuir mé iad i gclábar bog cois srutháin i gcoill giúise. Tá siad fada go leor ó na crainn ghiúise agus is cuidiú mór é gur bhain Coillte roinnt de na crainn ghiúise le deireanas. Tugann sé sin an-deis do na gearrthóga solas an lae a fháil.

An samhradh dár gcionn, anuraidh, bhí le feiceáil duilliúr glas ag fás as géaga crainn a chruthaigh gur crainn astu féin anois is feasta. Tá córas fréamhacha curtha síos acu agus tá siad ag sú na maitheasa aníos as an phuiteach cois srutháin. Na géaga a bhí cam mar nár fhás siad san ionad sin ar feadh na mblianta roimhe sin, tá siad tar éis iad féin a dhíriú suas i dtreo na gréine. Is léir an chéad bhliain gurb iad aicme B thuas, a leagadh ar maos san uisce ar feadh roinnt seachtainí sular cuireadh iad, is iad is fearr a chuir na fréamhacha agus a d’fhás an duilliúr. Is crainn astu féin iad feasta agus tá siad i bhfad os cionn airde na contúirte ó ainmhithe cheana féin. Tá cuid acu seo ina gcrainn cúig troighe dhéag ar airde os cionn talún. Is é an dara samhradh acu ag fás astu féin agus tá an snafach fútha cheana féin.

Tús na bliana anuraidh, níorbh iad an BSL amháin a shaighdigh comhlacht príobháideach amach le géaga a ghearradh siar ar na crainn, ach sheol comhlacht gutháin éicint lucht na dtoireasc slabhra amach agus réab siad na crainn ar cholbha an bhóthair. Shiúil mé thart na laethanta ina dhiaidh sin ag bailiú chugam na géaga sailigh, den sceach gheal agus géaga den chrann troim. Iad seo a tharrthaigh mé, tá siad ag cur amach duilliúir i mbliana cheana féin. Tá mé in ann 35 crann éagsúla a chomhaireamh nuair a shiúlaim an bóthar anois, crainn nach mbeadh ann ach ab é gur ghlac mé orm féin iad a tharrtháil ón bhás. Gura fada buan iad ag beannú don éan is don dúlra thart orthu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.