CÚINNE NA nEALAÍON
An traidisiún agus an nuáil
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Thaispeántas Bliantúil an Acadaimh Ríoga Ibeirnigh (RHA) le gairid agus chuir an méid saothar a bhí le feiceáil ann mearú uirthi.

Íomhá
Jack L.
le Michael O'Dea RHA
Íomhá
Head of John McGahern
le Nick Miller
Íomhá
Nature Morte - Road Kills (detail)
le Veronica Nicholson

Tá an 172ú taispeántas bliantúil ag an Acadamh Ríoga Ibeirneach le feiceáil i bPlás Ely i mBaile Átha Cliath faoi láthair agus beidh sé ar siúl go dtí deireadh na míosa seo.

Is taispeántas suntasach é seo sa mhéid is go mbaineann sé go mór le traidisiún - nuair a thosaigh sé ar dtús, mar shampla, ní raibh an Bhanríon Victeoiria ach ag tús a réime. Is beag taispeántas den chineál seo atá á eagrú chomh fada céanna áit ar bith eile sa tír. Taispéantas oscailte atá i gceist, rud a chiallaíonn nach mbíonn téama ar leith ann bliain ar bith. Tá saothar ealaíontóirí gairmiúla agus amaitéaracha le feiceáil ann, rud a thugann an-deis dóibh siúd nach bhfuil fadbhunaithe a saothar a thaispeáint taobh leis an dream a bhfuil aitheantas bainte amach acu go forleathan cheana féin.

Titeann an dualgas ar phainéal ealaíontóirí na saothair a roghnú don taispeántas. Faigheann ealaíontóirí áirithe cuireadh a saothar a thaispeáint agus cuireann iarratasóirí isteach ar an taispeántas chomh maith. Bíonn an cinneadh a bhíonn le déanamh ag an phainéal dúshlánach go maith nuair a chuireann tú san áireamh go dtagann thart ar 2,000 iarratas isteach gach bliain.

Na modhanna traidisiúnta

Tá breis is 400 saothar le feiceáil i dtaispeántas na bliana seo, agus is ar na modhanna traidisiúnta - an dealbhóireacht agus an phéintéireacht - atá an bhéim den chuid is mó. Tá an taispeántas ag imeacht ón ghnáthghnás, áfach, mar go bhfuil roinnt griangrafadóireachta i gceist ann.

Bíonn na saothair ar díol agus cuireann an coimisiún a thagann as an díolachán seo sciar maith d’ioncam na dánlainne ar fáil gach bliain.

Is taispeántas ardaidhmeanach é seo a mheallann go leor daoine isteach chun amharc air nó chun infheistiú i gcuid den saothar. In ainneoin na tarraingthe seo, áfach, tá laigí ag baint leis an bhailiúchán. Ní hamháin go gcuirfidh sé meadhrán i do cheann ag siúl thart ag iarraidh breithiúnas a thabhairt ar gach ceann den 440 saothar, ach tá sé dodhéanta léirmheas cuimsitheach a dhéanamh ar thaispeántas atá chomh mór millteach sin.

Tá an RHA eisceachtúil mar shuíomh - tá sé ardsíleálach, tá neart spáis agus solais ann, agus staighre leathan maorga. Ní éiríonn le healaíontóir ar bith atá páirteach sa taispeántas reatha tairbhe rómhór a bhaint as an timpeallacht seo, áfach, mar go bhfuil sé in iomaíocht lena chomharsa le spás a fháil chun go bhfeicfí a shaothar i gceart. Tá an taispeántas seo luachmhar ó thaobh cúrsaí tráchtála de, ach nach mbeadh sé níos cothroime do na healaíontóirí dá mbeadh níos lú saothar i gceist agus an taispeántas a bheith ar siúl dhá uair sa bhliain?

Tá roinnt saothar a sheasann amach in ainneoin na ndeacrachtaí seo - an tsraith portráidí, cuir i gcás, go háirithe ceann Nick Miller de John Mc Gahern atá déanta as gualach, agus portráid aicrileach de chuid Michael O’Dea den amhránaí craobhlasrach Jack L. Tá siad seo beo bríomhar agus éiríonn leo cur síos nádúrtha, pearsanta a dhéanamh ar an duine atá mar ábhar acu.

Cruthaíonn grianghrafadóireacht Veronica Nicholson scrín d’ainmhithe agus d’éanacha sa tsraith pictiúr Nature Morte. Tá na créatúir seo go léir ar shlí na fírinne, bás faighte go hanabaí acu ar ár mbóithre fealltacha.

Léiríonn saothar *conté *agus gualaigh Keith Wilson tírdhreacha atá trom le gruaim agus le dorchadas.

Is cinnte go bhfuil féidearthachtaí ag baint leis an taispeántas amach anseo ach, ar an drochuair, go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar an pholasaí atá ag an Acadamh taispeántais chomh mór seo a chur ar siúl, leanfar ar aghaidh ag déanamh faillí i go leor saothar atá fiúntach agus spreagúil.

Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.