AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An traein is moille ar domhan?
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá seirbhís traenach idir Adelaide agus Darwin den chéad uair riamh anois ach ní dea-scéala é seo do gach duine, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
An traein earraí ag fágáil Darwin, 15 Eanáir

Bhí an chéad traein ó Adelaide go Darwin deich nóiméad mall ag fágáil an stáisiúin i lár mhí Eanáir. Ach d’fhéadfaí a rá chomh maith céanna go raibh sí breis is 100 bliain mall. Ba sa naoú céad déag a gealladh an líne seo i dtosach ach ní raibh aon ráille ó Alice Springs i lár tíre go Darwin go dtí seo.

Traein earraí a bhí sa gcéad cheann. Bhí sí 1.3 ciliméadar ar fhaid agus thóg an turas dhá lá. Tháinig na sluaite amach i chuile bhaile beag agus mór ar an mbealach le fáilte a chur roimpi. I Tennant Creek, baile beag taobh ó thuaidh d’Alice Springs a bhfuil 3,000 duine ina gcónaí ann, tháinig níos mó ná 1,000 acu amach ag meán oíche leis an traein a fheiceáil. Bhí lastas de chuile chineál ar an traein seo - sicíní, earraí leictreacha, calóga arbhair, beoir agus troscán ina measc.

muinín ag lucht gnó agus ag polaiteoirí go bhfeabhsóidh an tseirbhís nua seo trádáil idir oirdheisceart na tíre, áit a bhfuil formhór na ndaoine, agus an Áis, trí Darwin, agus go mbeidh laghdú ar chostais iompair dá bharr seachas a bheith ag cur earraí ar longa ó Sydney agus Melbourne nó ar na bóithre idir Alice Springs agus Darwin. Ceaptar go mbeidh 350,000 tonna lastais á iompar ar an traein seo in aghaidh na bliana. Níl ach deacracht amháin leis sin - meastar go mbeidh a dhá oiread sin ag teastáil sula mbeidh aon bhrabach le déanamh.

Tá stair casta go maith ag baint leis an mbóthar iarainn san Astráil. Cóilíneachtaí neamhspleácha a bhí sa tír nuair a tosaíodh ar na bóithre iarainn agus deis iompair réigiúnach a bhí iontu ar feadh i bhfad seachas cuid de chóras náisiúnta. Dá bharr sin bhí ráillí de thrí leithead á n-úsáid - an caighdeán Eorpach (1435 mm) i New South Wales, an caighdeán Éireannach (1600 mm) i Victoria agus san Astráil Theas agus an ráille caol (1067 mm) sna stáit eile. I 1917 bheadh ar dhuine ag taisteal ó Brisbane go Perth athrú ó thraein go traein sé huaire. Ní fhéadfaí taisteal ar an traein chéanna ó Sydney go Perth go dtí 1970 agus níorbh fhéidir taisteal ar an traein chéanna ó Brisbane go Perth ag dul trí Sydney, Melbourne agus Adelaide go dtí 1995.

D’fhág an chéad traein do phaisinéirí Adelaide ar 1 Feabhra ar an mbealach go Darwin. An Ghan a tugtar ar an traein paisinéirí, ainm a thagann ó dhaoine as an Afganastáin a tháinig lena gcuid camall go lár na hAstráile sa naoú céad déag. Tá a stair féin ag baint leis an Ghan. Sna caogaidí, bhíodh innill gan mórán cumhachta ar an líne sin agus ba mhinic nach mbíodh ach luas 5 ciliméadar san uair fúthu ag dul in aghaidh an aird. Thagadh cuid de na paisinéirí den traein lena gcuid gunnaí agus thosóidís ag siúl sa treo céanna. Bhíodh deis acu ceathrú uaire nó fiche nóiméad a chaitheamh ag fiach agus ba mhinic slam coiníní nó muc fiáin aimsithe acu sula mbeadh orthu dul ar ais ar an traein.

Ar ndóigh níl chuile dhuine sásta leis an tseirbhís nua seo. Tá comhlacht amháin in Alice Springs a bhfuil 20 tiománaí fostaithe aige a bhraitheann go mór ar iompar bóthair idir Alice agus Darwin. Deir siadsan gur tubaiste atá ann don tionscail iompair bóthair i dtuaisceart na tíre agus go mbeidh ar a laghad leath na dtiománaithe ligthe chun bealaigh go gairid.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.