AR NA SAOLTA SEO
An Tibéid agus an tSín: dearcadh éagsúil

Tá cuid mhór den phobal idirnáisiúnta míshásta mar gheall ar leatrom na Síneach ar chearta an duine sa Tibéid, ach tá Maidhc Ó Cathail den tuairim nach bhfuil iompar an Dalaí Láma féin thar mholadh beirte.

Íomhá
Tenzin Gyatso, an ceathrú Dalaí Láma dhéag
Íomhá
Deir daoine áirithe go mbaineann an Dalaí Láma úsáid as Teagasc Búdaíoch le héagothroime a chosaint
Íomhá
Tháinig líomháintí chun cinn sa bhliain 1997 go raibh Heinrich Harrer (ar chlé) ina oifigeach san SS sula ndeachaigh sé chun na Tibéide
Íomhá
Táthar go maíomh gur chuir Al-Qaeda oiliúint ar scarúnaithe ó réigiúin mar na Tiarnais Nua atá ag iarraidh a bheith neamhspleách ar an tSín

Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal. Líomháin áiféiseach a bhí ann, dar leo. Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas Tenzin Gyatso, an ceathrú Dalaí Láma dhéag, in aon chor. Ach an bhfuil bunús ar bith le líomhaintí na Síneach? Neamh ar thalamh,Shangri-La, a bhí sa Tibéid roimh theacht na Síneach, dar le go leor daoine san Iarthar. Ach an mhalairt ar fad atá fíor. Bhí an Tibéid faoi smacht na Lámaí cosúil le hEoraip sna Meánaoiseanna, dar le húdar amháin, an Dr AL Waddell, a scríobh leabhar faoi stair na tíre. Dar leis an Sasanach seo – a thug cuairt ar an Tibéid sa bhliain 1895 – bhí tíorántacht dhofhulaingthe i gceist sa tír, arbh iad na manaigh ba chúis léi. Bhí céasadh i ndán don duine a tháinig salach ar na manaigh – nuair a ghoid seirfeach bocht dhá chaora ó mhainistir, baineadh a shúile as a cheann, cuir i gcás. Thacaigh an Búdachas go mór leis an gcóras polaitiúil sa Tibéid. Fuair na bochtáin an rud a bhí tuillte acu, de réir theagasc na manach, mar gheall ar an olc a rinne siad sna saolta a tháinig roimhe seo. A mhalairt ar fad a bhí fíor ó thaobh lucht an airgid de, de réir an Bhúdachais – is cosúil go raibh daoine saibhre suáilceach san am a chuaigh thart. Aontaíonn an Dalaí Láma reatha leis an méid atá thuas agus is cosúil go n-úsáideann sé an Búdachas le cosaint a dhéanamh ar éagothroime. Ní chóir do na bochtáin a bheith ag gearán faoina bhfuil i ndán dóibh, dar leis – “is fearr dearcadh dearfach a chothú”, mar a dúirt sé uair amháin.

Ní haon ionadh é, mar sin, nár thug cosmhuintir na Tibéide mórán tacaíochta don éirí amach ar tugadh faoi i gcoinne na Síneach i rith na gcaogaidí. Ba í uasaicme na tíre – na Lámaí ina measc – ba mhó a chabhraigh le hiarracht fholaitheach na Stát Aontaithe an ruaig a chur ar na Sínigh. Bhí baint mhór ag beirt deartháireacha de chuid an Dalaí Láma leis an uisce faoi thalamh. Bhí duine acu, Gyalo Thondup, i gceannas ar aonad treallchogaíoch ar chuir an CIA traenáil air. Bhí baint ag an Dalaí Láma féin le rúnseirbhís na Stát Aontaithe chomh maith. Tháinig an CIA i gcabhair air agus é ag iarraidh éalú ón Tibéid sa bhliain 1959 (cé go gcreideann a lucht leanúna gur éalú diaga ab ea é). I rith na seascaidí, fuair an ceannaire spioradálta $186,000 as an $1.7 milliún in iomlán a d’íoc an CIA le deoraithe Tibéadacha faoi rún, mar a léirigh doiciméid oifigiúla a scaoileadh sa bhliain 1998. NaitsitheBhí a chaidreamh leis an CIA tromchúiseach go leor, ach tá sé curtha i leith an Dalaí Láma go raibh caidreamh ní bá chonspóidí fós aige roimhe seo – le beirt Naitsithe.

Aithneoidh léitheoirí ainm duine amháin acu – Heinrich Harrer – mar gheall ar Seven Years in Tibet, scannán a raibh Brad Pitt páirteach ann agus ról Harrer aige. Tháinig ceisteanna deacra chun cinn sa bhliain 1997 nuair a chruthaigh iriseoir ón Ostair go raibh Harrer ina oifigeach san SS sula raibh sé ina oide don Dalaí Láma óg. Ach bhí an Naitsí eile – Bruno Beger – ní ba chonspóidí fós. Díreach roimh an Dara Cogadh Domhanda, chuir Heinrich Himmler foireann antraipeolaíochta chun na Tibéide. Chreid ceannaire an SS go bhfaighidís fianaise ansin faoi fhréamhacha an chine Airígh i

measc uaisle na Tibéide. Bhí Beger ar an bhfoireann sin. Cúpla bliain i ndiaidh a thurais chun na Tibéide bhí sé bainteach le turgnaimh in Auschwitz a raibh sé mar sprioc acu cruthúnas a chur ar fáil maidir le forlámhas na nGearmánach. Bhí Beger i mbun na cimí a ghlacfadh páirt sna turgnaimh a roghnú. Maraíodh os cionn 100 duine mar gheall ar thaighde Beger i ndiaidh dóibh a bheith treascartha ag gás nimhe. Ní hé gurbh iad na Naitsithe a chaith seal sa Tibéid an t-aon teagmháil a bhí ag an Dalaí Láma leis an idé-eolaíocht úd ach an oiread. Ba é an chéad duine ón Iarthar a chuir fáilte roimh an Dalaí Láma nuair a tháinig sé trasna na teorann go dtí an India sa bhliain 1959 ná Miguel Serrano, scríbhneoir a raibh baint láidir aige le hidé-eolaíocht ar a dtugtar Esoteric Hitlerism. Ina chuid leabhar nua-Naitsíoch, maíonn Serrano go bhfuil Hitler ag fanacht san Antartach, agus go bhfillfidh sé gan mhoill leis an gcogadh deireanach a fhearadh ar fhórsaí an dorchadaisna Giúdaigh. Is cosúil nár cháin an Dalaí Láma tuairimí aisteacha a charad riamh. I dteannta na dTibéadach, tá daoine eile ag déanamh tinnis do Rialtas na Síne faoi láthair. Ba mhian le dreamanna polaitiúla sna Tiarnais Nua agus san Onn-Mhongóil neamhspleáchas a bhaint amach chomh maith. Ós rud é go bhfuil neart ola agus mianraí sna réigiúin sin, tá an-spéis léirithe ag tíortha san Iarthar – go háirithe na Stáit Aontaithe agus an Ghearmáin – sa mhéid atá le rá acu.

Scarúnaithe Tá Erkin Alptekin, iarfhostaí de chuid Radio Liberty – eagras cumarsáide a bhfuil baint an-láidir ag an CIA leis – an-ghníomhach i ngluaiseacht an scartha. Tá Alptekin ina bhall d’fhondúireacht an Dalaí Láma chomh maith. Agus tá gach cosúlacht ar an scéal go dtugann an Dalaí Láma tacaíocht do na scarúnaithe.

Ní hé gurb iad na Sínigh an t-aon dream atá buartha faoi ghníomhaíochtaí polaitiúla an Dalaí Láma. “India should have reasons to be concerned over the Dalai Lama’s hobnobbing with the pan-Islamic elements in Xinjiang,” a scríobh an saineolaí slándála B Raman i dtuarascáil de chuid Rialtas na hIndia sa bhliain 2002. Mhaígh an tuarascáil seo go bhfuair daoine ó na Tiarnais Nua traenáil ó Al-Qaeda agus go bhfuil na daoine sin anois i ndiaidh filleadh ar an réigiún in iarthar na Síne.

Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn. Ach ní mór do dhaoine cuimhneamh go bhfuil níos mó ná leas mhuintir na Tibéide i gceist anseo. Go hiondúil, nuair a léiríonn rialtais spéis i gcearta daonna i dtíortha eile, bíonn siad ag iarraidh rud éigin a bhaint amach dóibh féin – ola, ór, nó úráiniam, mar shampla. Agus ní insíonn na meáin an scéal ina iomláine dúinn i gcónaí. Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.

Más spéis leat tuilleadh anailíse a léamh ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar an aighneas idir an tSín agus an Tibéid, tabhair cuairt ar alt Choilm Mhic Shéalaigh agus ar alt Bhreandáin Delap, atá le fáil san eagrán seo de Beo!.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.