AR NA SAOLTA SEO
An tAthair Seosamh Mallin, Páiste na Réabhlóide
Brian Ó Tiomáin Brian Ó Tiomáin

Tá Brian Ó Tiomáin ar an eolas faoi chlár raidió a chraolfar go luath, ar an idirlíon chomh maith, faoi mhac duine den slua oirirc sin a cuireadh chun báis i 1916.

Íomhá
Coláiste na Máinlianna
Íomhá
Ina óige, le máthair na bPiarsach
Íomhá
An tAthair Ó Mealláin ag seinm na cláirsí
Íomhá
Uaigh John Mc Cormack
le Michael Coyle ar Vicipéid

Tá an tAthair Seosamh Mallin beo agus tá sé ag obair leis go fóill i Hong Cong agus 97 bliain d’aois slán aige. Is mac é Seosamh le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a lámhachadh i gCill Mhaighneann i ndiaidh Sheachtain na Cásca. Bhí an tAthair Mallin i láthair i gcillín a athar an oíche sular cuireadh chun báis é.

Mar chuid de chlár úr raidio, d’fhill an tAthair Mallin ar an gcillín céanna. Labhraíonn an tAthair Mallin faoi oíche dheireanach a athar chomh maith le saol a athar roimhe sin agus faoina shaol féin ó shin i leith. Chomh maith leis an méid sin, labhraíonn Úna Ó Callanáin, iníon=granddaughter">gar="gloss" title="daughter">iníon le Michael Mallin faoi chuimhní cinn a athar, Séamus Mallin.

Nuair a rugadh an tAthair Mallin ar an 13ú Meán Fómhair 1913, bhí an Stailc mhór ar siúl ar a dtugtar ‘An 1913 Lockout’. Faoin am sin, bhí Michael Mallin ag obair mar fíodóír agus bhíodh sé an-ghníomhach i gCumann na bhFíodóirí. Bhí sé cairdiúil dá bharr le James Connolly agus bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na Poblachta. Bhí saol iomlán difrúil ag Michael Mallin roimhe sin. Cosúil le James Connolly, bhí sé tar éis tréimhse fhada a chaitheamh in arm na Breataine. Bhí sé san Ind leo nuair a chuala sé faoi bhás athair a mhná, fear a bhí sna Finíní.

Cé gur chaith Michael Mallin cúig bliana dhéag in Arm na Breataine, bhí sé ag réiteach le troid i gcoinne an airm chéanna ó 1913 ar aghaidh. Ceapadh é mar oifigeach traenála ar na bannaí ceol míleata de bharr a thaithí mar dhrumadóir in Arm na Breataine.

Coláiste na Máinlianna

I Seachtain na Cásca 1916, cheap Connolly Michael Mallin mar Cheannfort i mbun Óglaigh na hÉireann i gColáiste na Máinlianna. Bhí Countess Markievicz ag obair mar leascheannasaí leis san fhoirgneamh céanna.

Daoradh Michael Mallin chun báis in éineacht leis na ceannairí eile i ndiaidh an Éirí Amach. Ar a oíche dheireanach, tháinig a chlann is a bhean ar chuairt chuige ina chillín. Labhair sé go díreach lena mhac Séamus (athair Úna Uí Challanáin) a bhí dhá bhliain déag ag an am. “Is tusa fear an tí anois – caithfidh tú aire a thabhairt don chlann”. Rinne Michael Mallin iarratas speisialta ar a mhac Seosamh i litir a scríobh sé an oíche chéanna. D’iarr sé air iarracht a dhéanamh a bheith ina shagart.

Ghlac Séamus Mallin le hiarratas a athar agus labhraíonn Úna Ó Callanáin, a iníon, faoin méid a rinne sé don chlann. Cháiligh sé mar innealtóir ach bhí air dul thar lear go Meiriceá Theas le post a fháil. Chuir sé airgead abhaile le cabhrú le hoideachas a thabhairt do na páistí a bhí níos óige ná é. Cailleadh a mháthair agus é ar a bhealach abhaile i 1932.

Ag an am sin ní raibh Seosamh ach ocht mbliana dhéag. Bhí sé dírithe ar an tsagartóireacht faoin am sin. Sé bliana dhéag i ndiaidh bhás a hathar, bhí Seosamh ag tabhairt faoin mbóthar a bhí leagtha amach roimhe ag a athair, th’éis don a dheartháir Seán an bóthar céanna a ghabháil cúpla bliain roimhe.

Carthanas Mháthair na bPiarsach

Tar éis bás Michael Mallin, bhí an teaghlach fágtha gan aon tuarastal. Ceithre mhí tar éis a bháis, rugadh Máire Constance, a chúigiú páiste ag a bhaintreach. De bharr go raibh baintreach Michael Mallin agus a clann i sáinn, thug máthair an Phiarsaigh cuireadh dóibh fanacht léi i Scoil Naomh Éanna, áit a d’fhan siad ar feadh seacht mbliana ina dhiaidh sin. ’Sí máthair an Phiarsaigh atá le feiceáil in aice le Seosamh, sa ghriangraf atá leis an alt seo.

Labhraíonn an tAthair Mallin sa chlár faoina thréimhse ar Scoil Éanna, tráth a raibh Frank Burke ina Phríomhoide. Labhraíonn an tAthar Mallin faoi Bloody Sunday 1920, tráth a raibh Frank Burke i bPáirc an Chrócaigh ag imirt peile ann agus an comhrá idir é agus Michael Hogan a maraíodh ar an lá. D’imir Seosamh féin i bPáirc an Chrócaigh blianta ina dhiaidh sin.

Bhí Seosamh agus a dheartháir Séamus i láthair ag sochraid Arthur Griffith agus iad gar go maith do Michael Collins agus Risteard Mulcahy. Bhí an bheirt i láthair chomh maith nuair a bhí na sliogáin á dteilgean leis na Ceithre Cúirte. I ndiaidh na tréimhse i Scoil Éanna, d’fhan muintir Mallin le clann Austin Stack. Nuair a rugadh Úna Ó Callanáin, b’í baintreach Austin Stack a bhí ina cara as Críost aici.

Count Mac Cormack agus Chairman Mao Tse Tung

Labhraíonn Seosamh faoin méid a chonaic sé ag an Eucharistic Congress i 1932, ina measc John McCormack ag casadh Panis Angelicus, agus eachtra leis an Ginearál Éoin Ó Dufaigh a bhí i láthair freisin. Chuaigh an tAthair Mallin mar Íosánach ar na misin chuig an tSín i 1948. Bhí air imeacht as láithreach laistigh de bhliain, nuair a tháinig Ma Tse Tung i gcumhacht. Chuaigh an misean chuig Hong Kong ina dhiaidh sin, áit a bhfuil cónaí ar an Athair Mallin go sona go dtí inniu. Coinníonn sé i dteagmháil lena mhuintir in Éirinn trí litreacha i nGaeilge, go háirithe le Úna Ó Callanáin, agus tagann sé ar cuairt gach tríú bliain go hÉirinn. Tá sé ag súil le bheith i láthair ag ceiliúradh céad bhliain ar 1916, i 2016 nuair a bheidh sé 102.

Craolfar an clár raidio ‘An tAthair Seosamh Mallin – Páiste na Réabhlóide’ ar Raidió na Life 106.4 FM, Dé Luain, 11 Deireadh Fómhair ag 6 i.n. agus ar an Suíomh Idirlín ag an am céanna ar Raidió na Life

Beidh athchraoladh den chlár an mhaidin dár gcionn, Dé Máirt, 12 Deireadh Fómhair ag 10 a.m. Tá an clár seo maoinithe faoin scéim ‘Fuaim agus Fís’ le hÚdarás Craolacháin na Éireann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.