THALL IS ABHUS
An tAm seo Bliana
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tugadh cuireadh do PJ Mac Gabhann freastal ar fhéile an altaithe tigh na gcomharsan i bPáras. Tá sé ag dréim le dul ann.

Íomhá
Le Olivier Engel
ar Picasweb
Íomhá
Ceantar Beaujolais
le David Chanrion ar Picasaweb
Íomhá
Beaujolais
Marten Johannes Ervik ar Picasaweb
Íomhá
Hanukkah
le Faigl Ladislav ar Vicipéid

Ceiliúrtar féile an Beaujolais Nouveau ar an tríú Déardaoin i mí na Samhna gach bliain, ní hamháin sa Fhrainc ach in os cionn céad tír ar fud an domhain. Straitéis margaíochta fíorfheidhmiúil atá ann ar ndóigh toisc go dtarraingíonn an Beaujolais Nouveau aird ar na fíonta eile as réigiún an Beaujolais, réigiún atá idir Macon agus Lyon ina dtáirgtear fíonta cáiliúla ar nós Fleurie, Brouilly agus Juliénas, gan ach cuid acu a lua, fíonta a mbíonn díol maith orthu in Éirinn toisc blas éadrom torthaí a bheith orthu.

Is ar bhuille an mheán oíche ar an gCéadaoin a osclaítear an chéad bhairille den Beaujolais Nouveau agus tuigtear dom go scaoiltear suas le 39 milliún buidéal fíona ar an margadh náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bíonn imeachtaí go leor a bhaineann le seoladh na féile. Sna siopaí búistéara agus sna margaí sráide, cuirtear béim ar chuisine an Beaujolais, spóla coinín nó ar dhuáin laofheola mar shampla, mar aon le gach saghas cáise ach an cháis ghabhair go háirithe. Agus is minic a bhíonn biachlár speisialta lóin agus dinnéir sna caiféanna ar an Déardaoin. Idir an ‘pot au feu’ agus an ‘saucisson Lyonnais à la vigneronne’, gan trácht ar an ‘petit salé aux lentilles’, bíonn rogha ann a thálfadh uisce faoi do chár, fiú mura mbeadh ocras ort. É ar fad caite siar le gloine fíona Beaujolais Nouveau gan amhras! Is minic leis a bhíonn ceol sna caiféanna an oíche sin, fear go hiondúil ag seinm an chairdín agus na seanamhráin á gcanadh aige a mbíonn na focail ar eolas ag an uile dhuine.

Nua Gach Bia

Ach a luaithe is a bhíonn an Beaujolais Nouveau thart, tosaítear láithreach ar na socruithe don Nollaig. Feictear go cinnte i bhfuinneoga na siopaí go bhfuil athrú ag teacht ar an séar. Bíonn sliogiasc de gach cineál i séasúr ag an tráth seo bliana, muiríní agus oisrí go speisialta, ach bíonn na stallaí sna siopaí éisc ag cur thar maoil le gliomaigh agus le portáin freisin. Sna siopaí císte agus seacláide, bíonn furú oibre agus fuadar faoi lucht an tsiopa agus iad ag freastal go tiubh ar chustaiméirí idir óg agus aosta le linn mhí na Nollag, an tréimhse is cruógaí dóibh i rith na bliana ar fad.

De réir an traidisiúin, ba thréimhse throscaidh é an tréimhse idir Lá Fhéile Mártan ar an 11 Samhain agus an Nollaig. Ba nós le daoine i dtíortha uile na hEorpa sa Mheánaois féasta a chaitheamh ar oíche na féile chun buíochas a ghabháil le Dia tar éis dóibh an Fómhar a thabhairt isteach. Sa Chróit agus sa tSlóivéin, creidtear gur ar an oíche seo, an deichiú lá Samhain, a dhéantar fíon as sú na bhfíonchaor agus ceadaítear an fíon a ól ón lá sin ar aghaidh. Is minic a bhíonn féasta ann, gé rósta agus ‘mlinci’, saghas aráin atá ann, chun an mhíorúilt a cheiliúradh. In Éirinn, mharaítí muccoileach ar an lá sin agus spréití cuid den fhuil i gceithre chúinne an tí chun an teach agus an teaghlach a chosaint ar olc. Le himeacht aimsire, níor leagadh an bhéim chéanna ar an taobh troscaidh den tréimhse roimh Nollaig, an Aidbhint mar a thugtar air anois, agus thosaigh na margaí Nollag, a bhfuil clú agus cáil orthu go speisialta ar Mhór-Roinn na hEorpa, ag teacht chun cinn. Is é an Christkindelmärik in Strasbourg an margadh Nollag is sine ar an bhfód sa Fhrainc. Bunaíodh an margadh siar sa bhliain 1570 agus beidh sé ar siúl arís i mbliana ar an Place Broglie i gcroílár na cathrach, gar don ardeaglais agus don cheantar La Petite France, ón 26 Samhain go dtí Oíche Chinn Bhliana.

Eid el-Adha

Ach ní hiad na Críostaithe amháin a bhíonn ag ceiliúradh an tráth seo bliana. Cuireann an féasta Eid el-Adha, féasta a bhí ar siúl i mbliana ar an 16/17/18 Samhain seo caite, clabhsúr leis an tréimhse ina mbíonn an oilithreacht bhliantúil chuig Meice ar siúl.

Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia. Díreach agus Ibrahim ar tí an beart a dhéanamh, taibhsíodh dó an t-ardaingeal Gaibriéil a dúirt leis go raibh muinín ag Dia ann agus nár ghá dó a mhac a íobairt. Tháinig Ibrahim agus a mhac ar chaora i bhfostú i sceach gar don áit a raibh siad agus rinne siad an chaora sin a íobairt chun glóire Allah.

Go minic sa lá atá inniu ann, mura bhfuil iomám ann a chinnteoidh go maraítear an chaora de réir na ndeasghnáth atá leagtha síos, bíonn ar fhear an tí é féin an íobairt a dhéanamh. (Samhlaigh mise agus an chearc fhrancach seachtain roimh Lá Nollag - ní fhéadfainn é a dhéanamh!) Cuirtear an t-ainmhí ina luí ar an talamh, a aghaidh i dtreo Mheice, agus gearrtar a scornach in ainm Allah. Déantar an fheoil a roinnt i dtrí chuid: cuid amháin don teaghlach é féin; cuid eile do theaghlaigh ghaolta; agus an train deiridh do na bochtáin.

Hanukkah

Sa traidisiún Giúdach, ceiliúrtar Hanukkah nó Féile an Tiomnaithe ag an tráth seo bliana freisin. Lastar ocht gcoinneal, ceann i ndiaidh a chéile thar thréimhse ocht lá, i gcuimhne ar an gcogadh a chuir na Macabaeigh ar arm rí Shiria, Antiochus IV, chun seilbh a fháil ar an Teampall in Iarúsailéim. Glaoitear Féile na Soilse ar an bhféasta chomh maith. Is cosúil gur nós é ‘latkes’ a ithe mar chuid den fhéile, cineál pancóige déanta as prátaí nó bacstaí atá i gceist. Nó ‘núdal kugel’, sórt milseoige atá ann. Bhí sé agam uair ar thug mé cuairt ar chathair Bhúdaipeist. Bhí sé iontach blasta.

Tá cuireadh i mo láimh agam ónár gcomharsana, muintir Panagrosso, teaghlach Meiriceánach/Iodálach a bhfuil cónaí orthu san fhoirgneamh céanna linn, chuig ócáid ar a dtugann siad ‘fáilte roimh chách’ air chun Lá an Altaithe, nó Lá an Bhuíochais, a cheiliúradh. Toisc nach lá saoire é sa Fhrainc an ceathrú Déardaoin i mí na Samhna, an lá ar a gceiliúrtar Lá an Bhuíochais sna Stáit Aontaithe, tá sé socraithe acu go gcaithfear an féasta an Domhnach beag seo. Táim ag tnúth go mór leis.

Tá sé fuar i bPáras faoi láthair. Tuigtear dom go mbeidh sneachta ann an tseachtain seo. Is aoibhinn liom an t-am seo bliana!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.