AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An t-oideachas cuimsitheach gnéasachta faoi ionsaí i Meiriceá (Cuid 1)
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
George Bush ag freastal ar imeacht de chuid True Love Waits nuair a bhí sé ina ghobharnóir ar Texas
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Imeacht de chuid True Love Waits

Nuair a bhí George Bush ina ghobharnóir ar Texas sna nóchaidí chuir sé iachall ar scoileanna deireadh a chur leis an oideachas cuimsitheach gnéasachta agus béim a chur ar staonadh ó ghnéas. Mar a mhíníonn Mary Beth Taylor anseo, tá na milliúin dollar á gcaitheamh ag Bush anois chun cláracha den chineál céanna a chur chun cinn ar fud na Stát Aontaithe.

Ar an 24 Feabhra mhol an tUachtarán George Bush go ngearrfaí an soláthar airgid do na hiarshaighdiúirí agus do thithíocht phoiblí i mbuiséad na bliana 2005. Ní bheidh aon ardú i gceist do chláracha tar éis scoile ná sa Chúnamh Sealadach do Theaghlaigh Bhochta. Níl sé beartaithe ach an séú cuid a chur ar fáil den airgead atá ag teastáil chun an Ryan White CARE Act a mhaoiniú, acht a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú a chur ar fáil d’othair HIV a bhfuil ioncam íseal acu chun cur ar a gcumas cúram sláinte a fháil agus drugaí a chuirfidh fad lena saol. Táthar chun maoiniú Medicaid a ghearradh $1.5 billiún.

Os a choinne sin, níl deacracht dá laghad ann airgead a fháil d’oideachas staonta gnéis. Tá sé molta i gcáinaisnéis Bush go gcuirfí $270 milliún ar fáil do chláracha a bhfuil sé mar chuspóir acu cur ina luí ar dhéagóirí gur cheart dóibh staonadh ó ghnéas - sin dhá oiread is a cuireadh ar fáil do na cláracha seo anuraidh. Tabharfar cuid mhaith den airgead d’eagraíochtaí Críostaí, leithéidí Youth for Christ, agus do ghrúpaí frithghinmhillte atá ag reáchtáil, a deir siad féin, ionaid le haghaidh daoine a éiríonn torrach gan choinne. Is eagraíochtaí iad seo a bhíonn ag cur i gcéill gur clinicí sláinte ban iad ach atá ann chun teachtaireacht láidir frithghinmhillte a chraobhscaoileadh agus cuireann siad eolas leighis ar fáil a bhíonn míchruinn go minic. Íocfaidh an t-airgead as cláracha scoile a mhúineann do dhaoine óga go gcothaíonn gnéas roimh phósadh fadhbanna síceolaíocha agus gurb ionann gnéas ina n-úsáidtear coiscíní agus rúiléid Rúiseach víreasach.

Sofhriotail

Is cóid teanga iad na sofhriotail a úsáidtear chun labhairt faoi ábhair a bhfuil sé deacair díriú orthu, agus cuireann siad in iúl na smaointe atá tábhachtach do chainteoir, ach a mbeadh náire agus míshuaimhneas rómhór air chun iad a phlé go díreach. B’fhéidir gurb iad na sofhriotail a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don ghnéas na cinn is coitianta ar fad. Tá an t-iliomad frásaí ann sa Bhéarla a úsáidtear le tagairt don chomhriachtain féin nach bhfuil an focal *"sex” *fiú luaite iontu. *Playing chess, hooking up, popping in to say hello, doing it *- tá an chiall chéanna leo go léir.

Ní hamháin go bhfuil sofhriotail ann faoin ghníomh féin, ach tá roinnt nathanna doiléire ann fosta a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don oideachas gnéasachta. Úsáidtear na sofhriotail seo - the birds and the bees nó *the facts of life *- chomh minic céanna, b’fhéidir, is a úsáidtear na cinn a bhaineann le gnéas féin, rud a léiríonn chomh míshuaimhneach is a bhraitheann daoine faoi oideachas gnéasachta a chur ar dhaoine óga.

Le gairid thaispeáin Channel 4 na Breataine clár dar teideal “Texas Teenage Virgins” clár faisnéise faoin churaclam atá á mhúineadh i scoileanna poiblí in Texas, agus go háirithe iad siúd i Lubbock County, a chuireann béim ar staonadh ó ghnéas amháin. Is pobal beag feirmeoireachta é Lubbock, atá suite ar imeall thiar Chrios an Bhíobla, agus deirtear go bhfuil níos mó tithe pobail ann *per capita *ná mar atá in aon chathair eile sa náisiún. Tá cosc ar dheochanna meisciúla i Lubbock agus, ó bhí 1995 ann, tá cosc chomh maith ar oideachas cuimsitheach gnéasachta. Shínigh George W. Bush, a bhí ina ghobharnóir stáit ag an am sin, dlí (a bhí le fáil in dhá stát eile chomh maith) a chuir iachall ar scoileanna cloí le curaclam ina gcuirtear an bhéim ar staonadh ó ghnéas. Chinntigh seo gurb é an t-aon teachtaireacht maidir le gnéas sábháilte a bhí le fáil ina dhiaidh sin ná nár cheart do dhaoine nach bhfuil pósta gnéas a bheith acu.

Anois, tá an tUachtarán Bush ag cur chun cinn cláracha ar fud na tíre ina leagtar béim ar staonadh go lá an phósta, athrú i bpolasaí sláinte atá tar éis díospóireacht theasaí a chothú faoin tslí is éifeachtaí chun daoine óga a choimeád sláintiúil go fisiciúil, go spioradálta agus ó thaobh mothúchán de.

Airteagal lárnach

Bunaithe ar léamh áirithe ar an Bhíobla, tá gealltanas staonadh ó ghnéas roimh phósadh mar airteagal lárnach de chuid na Críostaíochta le fada. Tá níos mo airde á tabhairt ar an ghealltanas seo le tamall anuas, go háirithe de bharr iarrachtaí cláracha mar True Love Waits (www.lifeway.com/tlw/). Is feachtas idirnáisiúnta é seo, a tosaíodh i 1993 agus a bhfuil Life Way Christian Resources mar urra aige, agus tá sé mar chuspóir aige cur ina luí ar dhéagóirí agus ar mhic léinn coláiste gan gnéas a bheith acu go bpósann siad.

Go dtí seo, tá breis is milliún díograiseoir óg tar éis cártaí cúnaint a shíniú chun a ndílseacht don smaoineamh a chur in iúl. Seo iad na focail atá le fáil ar na cártaí: “Believing that true love waits, I make a commitment to God, myself, my family, my friends, my future mate, and my future children to be sexually abstinent from this day until the day I enter a biblical marriage relationship.”

Go minic, nuair a thugann duine óg an “gealltanas maighdeanais” seo, bíonn searmanas i gceist chuig a dtugann lucht True Love Waits cuireadh dá dteaghlaigh. Le cois an gealltanas a dhéanamh agus an cárta cúnaint a shíniú os comhair an phobail, caitheann na rannpháirtithe fáinne ar an cheathrú méar dá lámh chlé le léiriú go bhfuil siad meáite ar an ghealltanas a choinneáil. Ní bhíonn searmanas mar seo i gcónaí riachtanach, áfach - is féidir cárta cúnaint a shíniú chomh maith ar an idirlíon.

I gcás True Love Waits, tagraíonn “staonadh ó ghnéas” do réimse leathan gníomhaíochtaí gnéasacha. Is éard atá i gceist le híonacht ghnéasach, a deir an clár le daoine óga, ná “diúltú do chaidreamh fisiciúil a spreagann tú go gnéasach”; is gá dóibh, mar sin, staonadh ó chaidreamh collaí agus gnéas béil, agus níl cead acu lámh a leagan ar bhaill ghnéis a chéile, go dtí go bpósann siad. Comhairlítear do dhaoine óga ar an suíomh gréasáin gan a bheith le chéile ina n-aonar, gan luí síos ar tholg ná ar leaba, agus gan sealanna fada a chaitheamh ag pógadh a chéile.

Ní éiríonn le gach déagóir plean chomh dian seo a leanúint, áfach - agus tá sé seo curtha san áireamh ag True Love Waits chomh maith. Nuair a chinneann déagóir a bhí gníomhach ó thaobh gnéis de roimhe seo ar fhanacht íon go bpósfaidh sé/sí, is féidir leis/léi “maighdeanas a bhaint amach den dara huair” le cuidiú ó chlár speisialta ar a dtugtar “When True Love Doesn’t Wait.”

Sa dara cuid den alt seo, a fhoilseofar sa chéad eagrán eile, labhraíonn Mary Beth Taylor le hEric Benson, ar comhordnóir é ar chláracha HIV i gceantar Lubbock do Roinn Sláinte Texas.

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.

](..\2004-04\america_eile.asp)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.