AR NA SAOLTA SEO
An t-aontachas sibhialta ag cailleadh nirt
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá méadú tagtha le roinnt míonna anuas ar líon na n-ionsaithe ar Chaitlicigh sna Sé Chontae. Tá ceangal idir seo, dar le Robert McMillen, agus an UUP a bheith in ísle brí.

Íomhá
I dtrioblóid: Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP

Samhlaigh é. Tá tú féin agus do chlann i do chónaí faoi réimeas Lisburn City Council. Is Caitlicigh sibh. Téann d’iníon 17 mbliana d’aois amach le beirt chairde dá cuid. Tá siad ag siúl in aice le carrchlós sean-ollmhargaidh atá dúnta. Gan choinne, tá an triúr timpeallaithe ag cúig óganach déag, cuid acu agus balaclavas orthu, gléas troda ag an uile dhuine, bataí adhmaid, maidí baseball agus maidí gailf. Iarrtar ar an triúr, beirt fhear óga agus d’iníon, luí síos ar an talamh. Buailtear iad ar feadh deich mbomaite. Cuirtear gunna le cloigeann d’iníne. Deir na hionsaitheoirí gur baill den UDA iad.

Samhlaigh é. Téann do mhac agus fear d’iníne amach a dh’imirt gailf san Aberdeighy Golf Club, taobh amuigh de Lios na gCearrbhach. Ar an drochuair, tá do mhac ag caitheamh geansaí Celtic. Go tobann, thcí siad 20 dílseoir, maidí gailf, barraí iarainn agus bataí adhmaid ar a bhfuil na dathanna dearg, bán agus gorm ina lámha acu. Tugtar gríosáil mhillteanach don bheirt Chaitliceach.

Is léir go bhfuil baicle maistíní ag dul thart ar Lios na gCearrbhach ag cuartú Caitliceach le hionsaithe a dhéanamh orthu. I mbliain ár dTiarna 2003.

Cúpla seachtain ó shin, nuair a bhí Comhairle Chathair Lios na gCearrabhach - an t-aon chathair ar domhan nach bhfuil teach ósta féin ann - ag dáileadh amach ardphostanna na comhairle, aontachtaithe uilig a fuair iad. Níl Caitliceach fán áit; Sinn Féin, an SDLP, Alliance féin, níor thuill siad cathaoirleacht ar choistí na comhairle.

Cinnte, shéanfadh aontachtaithe go láidir go bhfuil aon cheangal idir cinneadh s’acusan agus na hionsaithe atá ag titim amach ar shráideanna a gcathrach, ach nuair a chuireann tú in iúl nach bhfuil aicme éigin daoine - náisiúnaithe sa chás seo agus Alliance, dream eile nach bhfuil aontachtach go leor - inmhuiníne go leor le postanna sinsearacha a thabhairt dóibh, is cineál eile seicteachais é.

Agus tá an seicteachas ag spréadh i rith an ama. I mbaile Aontroma ag deireadh mhí Iúil, cuir i gcás, rinneadh ionsaithe ar thithe Caitliceacha.

Tuanna

Samhlaigh é. Tá tú i do chónaí le d’fhear céile, an bheirt agaibh sna 60í. Tá 30 óganach taobh amuigh de do theach, tuanna ag cuid acu. Briseann siad fuinneog do sheomra leapa le bríce. Tugann siad iarraidh ar dhoras do thí a bhriseadh anuas leis na tuanna.

“They’re coming to get us,” arsa d’fhear céile leat.

Cad é chomh scanraitheach is atá sin?

líon na n-ionsaithe den chineál seo ag méadú an t-am ar fad ó thuaidh. Cúpla mí ó shin, dúirt an UDA nach mbainfeadh siad úsáid as buamaí píopa. Ina n-áit, tá *stormtroopers *dílseacha ag seasamh na fóide don Aontas.

Gach lá da dtéid thart, is léir go bhfuil “an t-aontachas sibhialtaag cailleadh nirt. Tá na hathnuachanóirí - lucht leanúna David Trimble - in ísle brí agus a gcás ag dul in olcas an t-am ar fad.

I ndiaidh blianta de shíorghearán ón “talamh ard morálta” fá nósanna mídhleathacha Shinn Féin sa phróiseas toghchánaíochta, dar leo, ag deireadh mhí Iúil ghabh an PSNI Alastair Patterson, Príomhfheidhmeannach an UUP as “coireanna tromchúiseacha” a bhain leis an tréimhse a bhí sé ag obair san Oifig Toghchánaíochta ó thuaidh. Bhí Patterson, cara dílis de chuid Trimble, le bheith ar an choiste smachta a bheas ag éisteacht chás Jeffrey Donaldson, David Burnside agus Martin Smyth. Buille eile do cheannaireacht Trimble.

Ach le laige Trimble agus na heite sin den UUP, is amhlaidh is láidre atá an t-aontachas eitneach - an credo *gur dream ar leith iad Protastúnaigh Uladh, *the Chosen People - ag éirí.

A fhad is a bheidh an t-aontachas eitneach i réim - cinedheighilt i bhfírinne atá ann - leanfar le hobair na mbataí agus na dtuanna, agus leis an chos ar bolg.

Is iriseoir leis an Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.